Bailiúchán Luimnigh ar Dúchas.ie seolta inniu

Seolfaidh an tAire Oideachais Jan O’Sullivan ábhar Bhailiúchán na Scol ó Chontae Luimnigh inniu. Cé nach ceantar Gaeltachta a bhí i Luimneach ag an am, bailíodh roinnt ábhar Gaeilge ann, go háirithe in iardheisceart an chontae

Screen Shot 2015-10-30 at 17.23.21

Níl aon easpa scéalta i dtaobh taibhsí i mBailiúchán Chontae Luimnigh, a seoladh ar Dúchas.ie inniu.

Sheol an tAire Oideachais, Jan O’Sullivan an t-ábhar ó Bhailiúchán na Scoil i Seomra na Comhairle i Luimneach inniu. Tá ‘Sprid na Bearna’ ar cheann de na cuntais is mó a luaitear sna scéalta a bailíodh ó ghasúir scoile sna tríochaidí sa chontae. Déantar cur síos ar thaibhse mná a d’ionsaíodh daoine istoíche, na cleasa a bhíodh ar siúl aici, agus pionós a chuir sagart uirthi nuair a mharaigh sí capall, i measc scéalta eile.

Ghlac daltaí as níos mó ná 160 scoil páirt sa scéim inar bailíodh ábhar béaloidis uathu idir na blianta 1937 agus 1939.

Laoch mór de chuid Chontae Luimnigh ab ea Pádraig Sáirséal agus tagairtí dó i measc na scéalta atá ar fáil anois ar duchas.ie. Tá tagairt sa scéal áirithe seo do vaigín óir a scaip sé ar a lucht tacaíochta agus deirtear go bhfuil cuid den taisce sin i bhfolach i gcónaí.

Cé nach ceantar Gaeltachta a bhí i Luimneach ag an am, bailíodh roinnt ábhar Gaeilge sa chuid sin den tír, go háirithe in iardheisceart an chontae. Tá idir scéalta agus fhilíocht Ghaeilge le feiceáil sa bhailiúchán.

Gheofar eolas agus seanchas ar eachtraí staire agus oidhreachta a bhaineann le Contae Luimnigh sa bhailiúchán freisin; leithéidí Éirí Amach na bhFíníní, ar theip air sa bhliain 1867, agus scéal Naomh Íde, éarlamh Luimnigh, a mhair sa 5ú haois.

Tá fáil anois ar ábhar ó dheich gcontae ar dúchas.ie: Baile Átha Cliath, Maigh Eo, Dún na nGall, Port Láirge, Gaillimh, Liatroim, Cill Dara, Ciarraí, agus Sligeach. Cuireadh uirlis nua cuardaithe leis an suíomh ag deireadh na míosa seo caite agus is féidir ‘cuardach téacs’ a dhéanamh anois ar an suíomh a ligfidh don léitheoir téacs na scéalta a thrascríobh Meitheal Dúchas.ie a chuardach de réir an fhocail.

Tá os cionn 4,700 leathanach, nó 9% den ábhar ar fad, trascríofa faoin am seo ag an 263 ball den Mheitheal ó iarradh ar an bpobal ag tús na bliana trascríobh a dhéanamh ar scéalta Bhailiúchán na Scol.