Bagairt go bhfuil cabhair ón Eoraip i mbaol – mura leagfar béim ar fheilméireacht éisc

D’fhéadfadh airgead mór ó chiste tacaíochta mara an Aontais Eorpaigh a bheith coinnnithe siar ón tír seo mura gcuirfear tuilleadh béime ar fhorbairt na feilméireachta éisc anseo

Fish_farming

Thug feidhmeannaigh as Aontas na hEorpa an fógra seo d’oifigigh ón Roinn Talmhaíochta agus Mara le gairid. Rinneadh an bhagairt seo le linn cruinniú nuair a bhris ar fhoighid fheidhmeannaigh na hEorpa faoin láimhseáil atá á dhéanamh ag an Stát anseo ar fhorbairt na feilméireachta mara; tá an mhoill mhór atá ar chinnidh ar iarratais ar cheadúnais feilméireachta bradán, agus cineálacha eile saothrú mara, i measc na n-ábhar atá ag déanamh tinnis do mhuintir na Bruiséile. 

Fógraíodh go raibh suim €241m. á chur ar fáil as cistí an Aontais Eorpaigh do thionscail agus d’obair na mara in Éirinn le gairid. Tá an iascaireacht thraidisiúnta, cúrsaí eolaíochta, obair Fhoras na Mara, an Cabhlach agus tuilleadh i gceist sa gclár oibre seo uilig. Bheadh amhras faoin gcabhair seo ar fad mura leagfar tuilleadh béime ar an bhfeilméiseacht éisc.

Tionóladh cruinniú in oifigí na Roinne Talmhaíochta agus Mara i gCloich na Coillte i gContae Chorcaí, áit a raibh coiste monatóireachta le roghnú le stiúir a choinneáil ar an gclár forbartha seo go dtí 2020. Bhí ionadaithe as eagrais Stáit ar nós Bord Iascaigh Mhara, Údarás na Gaeltachta agus Fiontar Éireann i láthair chomh maith le hionadaithe as eagraíochtaí thionscail na hiascaireachta, Cumann na bhFeilméarai agus tuilleadh. 

Ach baineadh siar as na toscairí seo nuair a d’éirigh idir na feidhmeannaigh as Aontas na hEorpa agus feidhmeannaigh na Roinne Talmhaíochta agus Mara.  Dúirt dream na hEorpa nach rabhthas dírithe i gceart ar chor ar bith ar rannóg na feilméireachta mara sa gclár forbartha do thionscal iomlán na mara in Éirinn idir seo agus 2020. Tarraingíodh anuas an mhoill atá ar shocruithe faoi cheadúnais saothraithe mara in Éirinn le linn na díospóireachta seo freisin.

Faoi láthair, tá 631 iarratas ar chineálacha éagsúla feilméireachta éisc faoi bhráid na Roinne Talmhaiochta agus Mara gan réiteach; tá cuid acu ann le 5 bhliana.   

Dúirt feidhmeannaigh ó chomhlacht Marine Harverst Ireland – an comhlacht feilméireachta bradán is mó sa tír – go bhfuil ceann de na hiarratais a chur siadsan isteach faoi bhráid na Roinne le 12 bliain agus nach bhfuil cinneadh déanta ina leith fós. I gcás eile a bhaineann le Marine Harvest Ireland, cuireadh iarratas ar cheadúnas ar shuíomh feilméireacht bradán faoi bhráid na Roinne in Eanáir 2014 agus ní bhfuair an comhlacht aon scéala faoi ó shin.    Tá tréimhse na gceadúnas ar bhunáite na suíomhanna atá ag Marine Harvest Ireland gar do bheith ídithe; tugann an comhlacht obair do thart ar 300 duine.   

Tugadh le fios ag cruinniu Chloich na Coillte go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia 150 de na hiarratais a réiteach i mbliana. Ach is cosúil nach bhfuil ach fíorbheagán socruithe déanta go dtí seo agus 4 mhí caite.

Dúirt Richie Flynn ó rannóg feilméireachta mara Chumann na bhFeilméaraí nach bhfuil an rannóg sa Roinn Talmhaíochta agus Mara atá freagrach as ceadúnais feilméireacht éisc agus mara ag feidhmiú mar is ceart, ar chor ar bith.  “Tá an glaoch ar bhia mara ag méadú as éadan ar fud an domhain”, a deir Richie Flynn “ach is cosúil go bhfuil muide sásta an buntáiste sin a fhágáil ag tíortha eile.  Dealraíonn sé go bhfuil feidhmeannaigh na Roinne Talmhaíochta agus Mara scartha amach uilig ó chruachas eacnamaíochta na tíre agus an phobail”, a deir sé.

Ach dúirt Richie Floinn go mb’fhéidir go bhfuil sé in am anois “fuadar” a chur faoin Roinn. Duirt sé go raibh an Coimisiún san Eorpach éirithe feargach faoin moill atá ar phróiseáil iarratais ar cheadúnais in Éirinn agus go bhféadfadh sé nach mbeadh aon rogha anois ag an Roinn Talmhaíochta agus Mara ach gníomhú go sciobtha.

“Chuaigh lucht an Choimisiúin chomh domhain sa scéal seo i gCloich na Coillte agus gur thairg siad cúnamh, má bhí sin ag teastáil ón Roinn, le gabháil i ngleic leis an tranglam iarratais atá fágtha gan scrúdú agus gan réiteach, le fada”, a dúirt Richie Flynn.

Tá scríofa aige chuig Coimisiún na hEorpa anois ag meabhrú dóibh go gcaithfear brú a choinneáil ar an Roinn Talmhaíochta agus Mara faoi thionscail na feilméireachta mara. “D’fhéadfadh tuilleadh maorlathais moill bhreise a chur ar an gcóras”, arsa Ó Floinn.  “Is ionann sin agus forbairt agus postanna a bheith ag imeacht le sruth”.

Fág freagra ar 'Bagairt go bhfuil cabhair ón Eoraip i mbaol – mura leagfar béim ar fheilméireacht éisc'