Babhtaí leathcheannais na gclubanna lán le scéalta suimiúla

Foirne as 16 contae atá ag dul chun páirce sna babhtaí leathcheannais i gcomórtais peile agus iománaíochta na gclubanna

Babhtaí leathcheannais na gclubanna lán le scéalta suimiúla

An deireadh seachtaine seo agus an ceann seo romhainn déanfar imirt ar na babhtaí leathcheannais i gcomórtais peile agus iománaíochta na gclubanna – 24 acu sin sa gcoimhlint i ngrádanna na sinsear, idirmheánacha agus sóisear.

Nach deas an rud é go bhfuil roinnt cothrom go maith ar na contaetha as a dtagann na clubanna – foirne as 16 de chontaetha ag dul chun páirce, fad agus atá tú sásta a leithéid a thabhairt ar Lancashire, as a dtagann Gaeil Fullen a imreoidh Baile Ghiblín as ceantar Mhala i gceann de na cluichí iomána i ngrád na sóisear.

Ag Contae Dhoire is mó atá ionadaíocht – foirne dá gcuid sna trí chomórtas iomána. Tá dhá chumann de chuid Chorcaí, na Gaillimhe, Chill Chainnigh, Mhaigh Eo, Chiarraí agus Ros Comáin ar an liosta.

Taitníonn sé liom freisin gurb é seo an chéad uair ag go leor de na cumainn seo an deis a fháil an fód a sheasamh dóibh féin, dá gcontae agus dá gcúige i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann.

Tá aithne leitheadach ar na cumainn shinsearacha, áit a bhfuil Craobh na hÉireann buaite ag cúig cinn acu siúd a bheas san iomaíocht – a mbunáite sin (8) ag Seamróga Bhaile Héil. 

Níl a leithéid déanta ag Baile Gunnair nó Baile Mhic gCunair mar a thugadh Dóirín Mhic Mhurchú orthu, trócaire uirthi, ná ag Sleacht Néill san iomáint, ach ní hin le rá nach bhfuil clú agus cáil orthu. 

Is amhlaidh an scéal sa bpeil. Corn Andy Merrigan buaite cheana ag Cill Mochuda- Na Crócaigh, Naomh Bríd agus ag Cumann Barra – Cill Chua sa gcluiche ceannais anuraidh.

Go minic is sna grádanna eile a thagann duine ar na scéalta is suimiúla agus is ann freisin a fheictear ainmneacha clubanna nach raibh deis againn iad a chloisteáil taobh amuigh dá gcontae féin ón am a mbíodh Seán Óg Ó Ceallacháin ag craobhscaoileadh na dtorthaí ar Raidió RTÉ fadó.

Agus beagnach 50 bliain caite agam ag plé leis an ábhar, bheinn dóchasach go leor go bhféadfainn a inseacht duit cén contae ina bhfuil do rogha club a chuirfeá faoi mo bhráid. Féach mar sin go gclisfinn dá bhfiafrófá dom cé dar díobh Cumann Dhónail Uí Chonaill as Deinn a imreoidh in aghaidh Ghníomh go Leith i gceann de na babhtaí leathcheannais peile.

Sin ainneoin cluiche ceannais sinsir a gcontae sroichte acu faoi dhó gairid go maith ó shin – 2008 & 2009. Tá an chuimhne ag cliseadh.

I gceartlár an Chabháin atá Deinn, ceantar a thimpeallaíonn sráidbhaile Charraig an Tobair, tuairim 11km soir ó dheas de bhaile an Chabháin. Bhí an Ghaeilge á labhairt ann go dtáinig tús an chéid seo caite agus déarfadh muintir na háite leat go mba ann a rugadh an scríobhaí agus an múinteoir scairte Peadar Ua Gealacáin (1792-1860), cé gur le Maigh nEalta, atá trasna na teorann i gCo. na Mí, is mó atá sé luaite.

Tharlódh an ceart a bheith acu freisin mar agus é ag caint ar a shliocht i gcáipéis dá chuid atá in Acadamh Ríoga na hÉireann, deir Ó Gealacáin gurb é féin ‘Peadar Mhic Phádraig, Mhic Sheáin Uí Ghealagáin srl. Ó Shliabh gCiath le taobh an Chúmhain’.

Is é Sliabh gCleath, mar atá anois air, an cnoc is airde i gceantar an Ghinn agus tá feiceáil air as an bpáirc imeartha atá ag an gCumann Peile.

Trí cinn de chontaetha atá le feiceáil as an bpáirc ar a ndéanann peileadóirí Chluain Boilg a gcuid traenála – Uíbh Fhailí ar a bhfuil siad ina seaimpíní sa bpeil shóisearach, Cill Dara agus Contae Laoise a bhfuileadar ar a dteorainn. Iadsan a imreoidh Cill Mhíona Mhaigh Eo i gceann de na babhtaí leathcheannais peile an tseachtain seo chugainn.

Thabharfadh cúpla cic den liathróid isteach i gContae Chorcaí tú as páirc imeartha Ghníomh go Leith, a bheas ag imirt sna babhtaí leathcheannais peile freisin. Is ainm é ar chuir mé suim i gcónaí ann agus a gcuireadh an leagan Béarla atá air oiread oilc orm nach mbíonn aon fhonn orm é a scríobh.

Ní hé seo an chéad uair agam anseo tagairt a dhéanamh do Bhailiúchán na Scol ag www.duchas.ie . Tá sé ráite ansiúd de réir eolais a bhailigh Micheál Ó Dálaigh ó Julia Bean Uí Mhuimheacháin a bhí 74 bliain i 1938 go mbaineann ainm an cheantair leis an achar talún a bheadh dhá dhamh in ann céachta a tharraingt ina thimpeall in imeacht lae go leith.

Seo an chéad uair ag iománaithe Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach a bheith sna babhtaí leathcheannais sóisearach iomána – ní hamhlaidh dá gcéilí comhraic as Móin Choinn a bhfuil Craobh Chill Chainnigh buaite acu i ngach grád agus ar imir roinnt de na hiománaithe ba cháiliúla riamh dóibh. Bhuaigh Dick ‘Drug’ Walsh craobh na hÉireann 6 huaire agus ba é an chéad duine riamh é a chroch corn na craoibhe 3 huaire.

Tá a n-áitín bheag féin sa stair ag Baile Ghiblín agus ag Cill Mhaoile a sheasfaidh an fód do Chorcaigh, do Chiarraí agus do Chúige Mumhan sna babhtaí leathcheannais idirmheánacha iomána – is iad amháin de na foirne a thiocfaidh chun páirce nach gcleachtann ach cluiche na fuinseoige. 

Fág freagra ar 'Babhtaí leathcheannais na gclubanna lán le scéalta suimiúla'