Babhta 17 Pro 14: Anois nó ariamh, a Chonnachtaigh!

Tá go leor oibre le déanamh fós ag na Connachtaigh agus na hUltaigh sa Pro 14

Babhta 17 Pro 14: Anois nó ariamh, a Chonnachtaigh!

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cé go bhfuil na himreoirí idirnáisiúnta ag fáil scíthe eile an deireadh seachtaine seo ní hionann an cás acu siúd atá fós ag imirt sa bPro 14 lena gcuid clubanna. Tá cúig chluiche le himirt fós i réamhbhabhtaí Pro 14 na bliana seo.

Mar sin féin tá Cúige Laighean agus Cúige Mumhan beagnach cinnte go bhfuil áit sna cluichí ceathrú ceannais acu. 

Tá go leor oibre le déanamh fós ag na Connachtaigh agus na hUltaigh. 

Tá fir na Gaillimhe sa tríú háit i nGrúpa A den comórtas seo ach níl siad ach pointe amháin chun cinn ar na hOspreys sa ngrúpa céanna. Tráthúil go leo, imreoidh na foirne seo a chéile ar an mBóthar Beag an Satharn beag seo, agus tá chuile sheans ann go mbeidh leathghreim ag an bhfoireann a mbeidh an lámh in uachtar acu sa gcoimhlint seo ar an tríú háit. Áit é an tríú háit a bhfuil an-tábhacht leis mar go bhfuil áit i gCorn na gCuradh geallta do pé foireann a bhíonn ann ach a gcríochnóidh na réamhbhabhtaí.

Tá an crú ag teacht ar an tairne sin anois.

Bhí an t-ádh glan ar na hOspreys gur éirigh leo pointe bónais cáiliúil a aimsiú agus iad ag imirt sa mbaile i gcoinne na Muimhneach an Aoine seo caite. Bhí na Connachtaigh ag imirt Dé hAoine seo caite freisin ach leis an fhírinne a dhéanamh d’imir siad go huafásach ar fad. Bhí cur chuige na gConnachtach chomh dona sin nár leor mar leithscéal a bheith ag imirt as baile. Thug fir Andy Friend léargas ar cé chomh lag agus a bhíonn siad uaireanta agus iad gan leithéidí Carthy agus Aki agus ag an am céanna thug na hOspreys léargas ar cé chomh maith is atá siadsan agus gan a gcuid imreoirí céad rogha féin ar fáil dóibh. Nuair a chas na foirne seo ar a chéile i mBabhta 7 bhí bearna cúig phointe idir na foirne i bhfabhar na nOspreys (22-17) ach is sa mBreatain Bheag a d’imir siad an cluiche sin. Tá an buntáiste sin leis na Connachtaigh an Aoine seo ach má imríonn siad mar a rinne siad seachtain ó shin beidh siad as an gcomhaireamh. 

Anois nó ariamh, a Chonnachtaigh! Tá mise ag súil le freagra. Tá géarghá leis. 

Inniu, Dé hAoine a bheas Cúige Laighean ag cur fáilte roimh na Cheetahs chuig an RDS. Tá mise ag tuar bua eile do na curaidh. 

Amárach beidh, Cúige Mumhan agus Cúige Uladh ag taisteal go dtí an Bhreatain Bheag. Seans go dtabharfaidh na Scarlets dóthain le déanamh do Chúige Mumhan ach mar sin féin tá mise sásta bua a thuar d’fhoireann Luimnigh den dara seachtain as a chéile. Sa gcluiche eile is deacair toradh ar bith seachas bua do na hUltaigh a thuar. Tá dhá chluiche dhéag caillte ag na Dragons go dtí seo. Ní fiú tada eile a rá.

Fág freagra ar 'Babhta 17 Pro 14: Anois nó ariamh, a Chonnachtaigh!'