Ba linn go léir Gaeilge na Gaeltachta agus sinn ag éisteacht le Liam Mac Con Iomaire agus Leagan Cainte

A bhuíochas dá saibhreas cainte, léirigh lucht ‘Leagan Cainte’ go bhfuil iomlánú an tsaoil le baint as teanga ar bith ar domhan, bíodh sí ina mórtheanga nó ina mionteanga

Ba linn go léir Gaeilge na Gaeltachta agus sinn ag éisteacht le Liam Mac Con Iomaire agus Leagan Cainte

Painéal Leagan Cainte (ó chlé): Seosamh Ó Cuaig, Liam Mac Con Iomaire, Eibhlín Ní Mhurchú agus an tOllamh Dónal Ó Baoill. Ina sheasamh: Seosamh Ó Braonáin, Léiritheoir an chláir.

Bainimse le glúin ar éirigh sé faiseanta lena linn an focal ‘riamh’ a cheangal leis an aimsir láithreach, nó leis an aimsir ghnáthláithreach. A leithéid seo atá i gceist agam: ‘Ní tharlaíonn sé sin riamh’; ‘Ní d(h)eirtear é sin riamh’; ‘Ní shéimhítear an focal sin riamh’.

Is túisce a chuirfinnse suas don fhocal ‘riamh’ a bheith á cheangal leis an aimsir fháistineach, faoi mar atá ag tarlú le tamall sna meáin, ach táthar ann a sheachnódh an focal sna samplaí thuasluaite chomh maith céanna.

Nuair a tarraingíodh an scéal aníos sa chéad séasúr de Leagan Cainte, an clár cúrsaí teanga a chraoltaí ar RnaG, bhí an painéal ar fad ar aon fhocal nár cheart ‘riamh’ a rá mar atá sé curtha ag obair sna habairtí thuas. ‘In ao’ chor’ a bhí ag Eibhlín Ní Mhurchú; ‘ar chor ar bith’ a bhí ag an triúr eile.

Bhíodh cad é bús idir Nell Ní Mhurchú agus Liam Mac Con Iomaire, go ndéana Dia grásta orthu beirt, ach an rud ab fhearr faoin gclár, dar liom, ná an meas a bhí ag chaon duine den phainéal ar chanúintí a chéile. A mhalairt a chonaic mé is a chuala mé timpeall orm uaireanta, rud a dhein níos támáilte fós mé mar chainteoir cathrach nár tógadh le Gaeilge.

A bhuíochas dá saibhreas cainte, léirigh baill an phainéil, leis, go bhfuil iomlánú an tsaoil le baint as teanga ar bith ar domhan, bíodh sí ina mórtheanga nó ina mionteanga. Ní raibh ábhar ar bith nach bhféadfaí a phlé inti nó tríthi, agus dul nádúrtha Ghaeilge na Gaeltachta a bheith ar an gcaint le linn an phlé sin.

Mar fhoghlaimeoir a tógadh sa chathair is gallda i gcríocha na hÉireann, chuidigh an clár liom feabhas thar na bearta a chur ar mo chuid foghraíochta, agus mhaolaigh ar mo chuid imní dá bharr faoi bheith ag tarraingt as níos mó ná tobar canúna amháin ó thaobh na foghraíochta de, cé go dtacaím leis an gcur chuige foghlama cloí leis an aon chanúint amháin, más féidir é.

Lena chois sin, bhí de bhua ag an bpainéal mionphointí gramadaí agus stíle a phlé go soiléir gan téarmaíocht chasta a tharraingt isteach sa scéal. ‘Gramadach na cluaise’ a bhí ag láncheathrar acu, cé go rabhadar ar fad an-oilte, leis, agus go mbíodh fáil ar théarmaíocht dá chasta, dá dtiocfadh an crú ar an tairne.

Gan cúrsaí teanga a bhac in aon chor, dá mbeadh rud éigin ag déanamh tinnis dom roimh thús an chláir, is beag nach mbeadh an méid sin scuabtha chun siúil faoina dheireadh.

Is minic a tharla a leithéid dom, áit ar cuireadh mo chuid imní de dhroim seoil in imeacht leathuaire. Suaimhneas a thiteadh an athuair orm ach a gcloisinn pianó an cheoil aitheantais agus glór binn Liam Mhic Con Iomaire.

Dheimhnigh agus dhearbhaigh an clár an iliomad pointí foghraíochta don ghnáthfhoghlaimeoir agus thug muinín don té sin dá bharr. Ní i dtaobh le Corca Dhuibhne, Conamara agus Gaoth Dobhair amháin a bhíothas ach oiread; théití go Maigh Eo, go Corcaigh, agus go dtí na seanleabhair ar chaint an Chláir agus ar Ghaeilgeoirí Chúige Uladh, gan trácht ar Chill Chainnigh agus seanchúinní Chúige Laighean.

Thugtaí cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír, mar a bhí agus mar atá, d’fhonn tobar na foghraíochta is na leaganacha a thaoscadh. Ba linn féin Éire agus ba le chuile dhuine Gaeilge na Gaeltachta ach an deis a thapú blaiseadh di a shealbhú. Mar sin a bhraitheas-sa agus mé ag éisteacht le Leagan Cainte.

Má d’éirigh liom corrabairt le dealramh a bhí slán ó thaobh comhréire de a bhreacadh sna nótaí tráchtaireachta a ghabhann leis an trascríobh, is mar gheall ar phainéal Leagan Cainte é, agus orthu siúd go léir a chuir comhairle agus oiliúint orm in imeacht na mblianta.

Cífear agus léifear ainmneacha na ndaoine sin sa nóta buíochais a fhoilseofar i dteannta an chlosleabhair ‘Leagan Cainte’ a bheidh i gcló agam roimh dheireadh na bliana, le cúnamh Dé.

Idir an dá linn, is mé atá buíoch i gcónaí de Liam Mac Con Iomaire, a thacaigh leis an smaoineamh don leabhar an chéad lá riamh i litir álainn a scríobh sé chugam mar fhreagra ar mo litir féin chuigesean.

Is é mo mhóraiféala nár éirigh liom an leabhar a chríochnú agus é fós beo, ach tá de shólás agam go dtuigfeadh sé mo chás, dá dtuigfeadh éinne é.

Maireann an chraobh ar an bhfál; ba dhuine speisialta é agus ba chlár speisialta é Leagan Cainte. Ceiliúraimis na cainteoirí breátha a ghlac páirt ann.

Fág freagra ar 'Ba linn go léir Gaeilge na Gaeltachta agus sinn ag éisteacht le Liam Mac Con Iomaire agus Leagan Cainte'

  • Pól Ó Braoin

    Clár iontach uilig a bhí ann cinnte. Ag súil go mór le seans a fháil teacht ar an leabhar agus ar an dlúthdhiosca sin…

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Dea-scéal é seo. Bead ag súil go mór leis.

  • Seán Ó Dubhda

    Sách ráite. D’airinn díreach mar a chéile agus mé ag éisteacht leis an gclár chuile Aoine. Bhíodh Éire ina hÉirinn athuair seal lena linn. Trocaire ar an mbeirt atá imithe ar shlí na fírinne.