Bhí coinne agam ag dochtúir na súl ach bhí moill ar dhochtúir na súl agus chaith mé nach mór uair an chloig ag fanacht i seomra feithimh nach raibh tada ar na ballaí ann ach dath a mheabhródh geir duit. Ní raibh tada le léamh ann ach oiread – eagrán Lúnasa 2016 d’iris chomharchumann na ndochtúirí súl as an áireamh.
Ós rud é gur súile tuirseacha a bhí ag cur as dom d’fhág mé mo ghuthán póca san áit a raibh sé, i mo phóca, ach chuir mé spéis sa straitéis a bhí aimsithe i gcoinne an leadráin ag lánúin a bhí ina suí ar thaobh mo láimhe clé, bean agus fear dubh sna daichidí.
Níl a fhios agam arbh é an chaoi nach raibh gutháin phóca acu (nach mór dochreidte, sa lá atá inniu ann), an é go raibh cadhnraí ghutháin na beirte ídithe ag an am céanna (comhtharlúint nach nglacfaí leis sa scríbhneoireacht ficsin dháiríre) nó an amhlaidh gur daoine a bhí iontu a bhain le ré eile, ré atá thart le fada an lá – ach tá a fhios agam seo: d’éirigh an fear, chuaigh isteach sa leithreas agus tháinig ar ais le píosa páipéir leithris. Ansin, bhain an bhean badhró gorm amach as a mála láimhe agus thosaigh an bheirt ag breacadaíl.
Áisiúil go leor, ciotóg a bhí san fhear agus deasóg a bhí ina bhean, a bhí ina suí ar chlé uaidh, rud a d’fhág go bhféadfaidís glúin chlé an fhir a úsáid mar bhord agus an píosa páipéir a choinneáil sa lár eatarthu, duine acu ag tarraingt íomhánna agus an duine eile ag faire agus ag tomhas.
‘Rós!’
‘Turtar!’
‘An ghealach!’
‘Tarraing iasc dom anois,’ a dúirt an bhean tar éis tamaill, ag athrú rialacha an chluiche de bheagán, agus rinne an fear mar a iarradh air.
Bhí mé faoi gheasa ag an mbeirt. Murach na ribí liatha i smigín an fhir agus na roic in éadan na mná shílfeá gur bheirt pháistí ocht mbliana d’aois a bhí iontu agus ní ag déanamh áibhéile atá mé nuair a deirim gurbh í an teagmháil ghrámhar, spraíúil eatarthu an rud ba dheise a chonaic mé le tamall an-an-fhada anuas.
Rinne mé iarracht cuimhneamh cén uair go deireanach ar chaith mé féin tamall ag breacadaíl liom go fánach, agus baineadh stangadh asam nuair a fuair mé amach nár chuimhin liom.
Mar is eol d’aon duine a bhí ar scoil tráth agus a raibh sé de mhí-ádh air múinteoir staire leadránach a bheith aige, níl bealach níos fearr ná an bhreacadaíl chun ligean do d’intinn dul ar seachrán.
Ach tuigeann an scríbhneoir nach ar seachrán a théann an intinn dáiríre nuair a théann sí ag fánaíocht ar mhachairí na samhlaíochta ach gur ar thóir cosáin nua a théann sí, cosáin a d’fhéadfaí a leanacht i dtreo togra úr.
‘An tUasal Hijmans!’ Bhris glór dhochtúir na súl isteach ar mo mhachnamh.
Nach ormsa a bhí an t-ionadh nuair a dúirt sí liom, tar éis na tástála, nach raibh aon mheath tar éis teacht ar radharc mo chuid súl ar chor ar bith ó rinne mé tástáil go deireanach bliain go leith ó shin; mhol sí dom úsáid a bhaint as braonta súl agus gan oiread ama a chaitheamh ag breathnú ar scáileáin.
Nuair a tháinig mé abhaile d’fhág mé leabhar nótaí gan línte ar mo dheasc.
Fág freagra ar 'Ba í an teagmháil ghrámhar, spraíúil eatarthu an rud ba dheise a chonaic mé le fada…'