Ba dhona an lá dom é nuair a shínigh mé conradh le Coinín na Cásca…

Tá sé in am ag Daidí na Nollag, Mamaí na Nollag, an Eilf ar an tSeilf, na Trolls, Sióg na bhFiacla agus Coinín na Cásca féin teacht le chéile agus pow-wow a bheith acu

Ba dhona an lá dom é nuair a shínigh mé conradh le Coinín na Cásca…

Lairáid: www.kchblog.com

Tá an Cháisc ar an mbealach agus tá a fhios agat céard a bhaineann leis sin –  uibheacha Cásca… go leor leor leor uibheacha Cásca. Mura bhfuil do theach faoi ionsaí ag rabharta uibheacha Cásca cheana féin, is gearr go mbeidh.

Is cosúil go raibh sé luaite i mo chonradh in áit éicint go bhfuil dualgas orm trí ubh Chásca a cheannacht chuile bhliain, ceann an duine. Níl aon chuimhne agam ar an lá ar shínigh mé an conradh le Coinín na Cásca agus tá barúil agam go mb’fhéidir nach mini-egg a thug sé dom ar chor ar bith, ach druga éicint a chuir mearbhall orm agus mé á shíniú.

Ós rud é go bhfuil mé faoi láthair ag obair de réir an chonartha sin le Coinín na Cásca, ceann eile de na dualgais atá orm ná uibheacha Cásca a chur i bhfolach. Murar leor sin, ní bhfaighidh mé aon chuid den mholadh as an obair seo ar fad – caithfidh mé a rá gurb é An Coinín féin a rinne chuile shórt!

Tá obair mhór ar fud an domhain ar bun ag An Coinín agus gan a fhios ag éinne go beacht cá mbíonn sé nó cén modh oibre atá in úsáid aige. Nó aici, is dóigh gur cheart dom a rá, mar níl a fhios agam an fireann nó baineann atá an preabadóir draíochta.

Feictear dom go mba chóir go mbeadh lámhleabhar de chineál éicint ar fáil, nó físeán YouTube ar a laghad, ina ndéanfaí cur síos ar na ceisteanna coitianta a chuirfear ort agus tú i mbun do chuid oibre.

Sa rannóg FAQ de lámhleabhar An Coinín Teo. d’fheicfeá ceisteanna ar nós, ‘Ach cén chaoi a mbíonn a fhios ag an gCoinín cá bhfuil tú faoi Cháisc?’, ‘Meas tú an mbeadh sé ag tabhairt amach Nerf Guns?’ agus an cheist is casta ar fad, ‘An mbíonn An Coinín ag coinneáil súil ort i gcónaí? An bhfuil sé ar nós Dia?’

B’iontach an rud é dá mbeadh rannóg dheas shoiléir i nótaí an chonartha leis An Coinín Teo. ina míneofaí (i dtéarmaí a thuigfeadh an té atá idir trí agus ocht mbliana d’aois) an difríocht idir nithe draíochta ón mbéaloideas agus córais mhóra chreidimh agus fealsúnachta na Críostaíochta.

Ós ag caint air, níl sa gcoinín Cásca ach ceann amháin de na neacha samhailteacha a bhfuilim ag obair dóibh na laethanta seo agus bheinn fíorbhuíoch dá bhféadfadh Daidí na Nollag, Mamaí na Nollag, an Eilf ar an tSeilf, na Trolls, agus Sióg na bhFiacla teacht le chéile agus pow-wow a bheith acu agus lámhleabhar a réiteach do na daoine atá acu ag obair ar chonradh acu leis na cianta ar fud an domhain.

Tá faitíos orm go mbeidh mé féin ag obair do bheirt acu faoi Cháisc.

‘An bhfuil dearmad déanta ag chuile dhuine ar m’fhiacail atá ag wobbláil?’ a d’fhógair an Cailín Mór Beag an lá cheana. Ní raibh dearmad déanta ag aon duine air mar gurb beag ábhar cainte eile (taobh amuigh d’uibheacha Cásca) a bhí ann ó thosaigh an fhiacail ag corraí coicís ó shin.

‘B’fhéidir go mbeadh Sióg na bhFiacla agus An Coinín ag teacht an lá céanna!’ a dúirt sí ansin agus ríméad uirthi.

Fág freagra ar 'Ba dhona an lá dom é nuair a shínigh mé conradh le Coinín na Cásca…'