Ba dhóbair gur chuireas an Avensis sa díog nuair a chuala ar RnaG scéal an chaca faoi Údarás na Gaeltachta

Conas a thabharfaí ‘aitheantas cuí’ don Ghaeilge agus ‘tús áite don Ghaeilge i gcónaí’ in ionad séarachais?

Ba dhóbair gur chuireas an Avensis sa díog nuair a chuala ar RnaG scéal an chaca faoi Údarás na Gaeltachta

Bhíos ag dul don Daingean an lá eile, ag triall ar chúpla bits ’n pieces fé mar a dúirt fear an Choma fadó, gan aon mhórfhuadar fúm. Bhíos ag éisteacht leis an stáisiún raidió is fearr ar domhan, ach ar chuala scéal ó Chonamara fé Ionad cóireála séarachais nua do shráidbhaile an Spidéil. Aighneacht a bhí curtha ag Údarás na Gaeltachta go Comhairle Chontae na Gaillimhe i dtaobh na forbartha, ábhar an scéil. Is ródhócha gur ag seasamh an fhóid do shláinte agus sábháilteacht an phobail áitiúil a bheadh an tÚdarás ina n-aighneacht, arsa mise liom féin, mar is ar mhaithe le muintir na Gaeltachta a bunaíodh an eagraíocht úd.

Ba dhóbair dom dul don díog nuair a ghabh an scéal trím’ chluasa i gceart. Bhuail racht gáirí chomh trom mé, cheapas go gcaithfinn pó a bhualadh ar thóin an Avensis. Bhí an tÚdarás ag moladh go dtabharfaí aitheantas cuí don Ghaeilge san Ionad cóireála séarachais. Ar dtús cheapas gur allaíre nó b’fhéidir spearbail a bhí orm, ach níorbh ea. Ní sláinte phobal na Gaeltachta, nó cúrsaí timpeallachta agus comhshaoil, an chloch is mó ar phaidrín an Údaráis maidir le hionad cóireála séarachais An Spidéil, ach aitheantas a thabhairt don Ghaeilge. Níor chuala a leithéid de scéal riamh.

Ní haon teangeolaí mé, agus go deimhin duit ní haon saineolaí ar ionaid chóireála séarachais mé ach an oiread. Bhí sé ina bhrothall an lá úd, agus is dócha go rabhas ag rith le brothall, ach thosnaíos ag cuimhneamh ar conas a thabharfaí ‘aitheantas cuí’ don Ghaeilge agus ‘tús áite don Ghaeilge i gcónaí’ san ionad séarachais, fé mar atá á mholadh ag an Údarás. An é go dtabharfar tús áite d’fhuíoll Gaelach? An mbeidh céatadán áirithe leagtha síos i dtaobh an méid múin Ghallda a scaoilfear isteach san ionad gach lá? Nó, an gcaithfear a chinntiú go ndéanfar uisce Gaelach as an bhfual Gallda úd nuair a beidh an turas teanga tugtha acu tríd Ionad Cóireála Séarachais An Spidéil?

B’fhéidir gur ag cuimhneamh ar thruailliú teanga atáid. B’fhéidir gur fiú coinníoll a leagan síos chun ná loitfí sáile Glan-Ghaelach Chuan na Gaillimhe tríd an iomarca mátaí Gallda a scaoileadh isteach san Ionad. Is dócha go gcaithfear a chinntiú gur cacanna Gaelacha iad 65% de na hualaí a leagtar agus a scaoiltear le sruth go dtí an t-ionad nua, chun a bheith siúráilte go bhfanfadh an ceantar i gCatagóir B de réir chóras na gcatagóirí a leagadh síos fadó sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Ach, a deir tusa, conas a thabharfaí ‘tús áite don Ghaeilge i gcónaí’ san Ionad Cóireála Séarachais? Chaithfí Oifigeach éigin a fhostú chun gabháil tríd an maoslach chun an fuíoll Gaelach a aithint agus a scagadh ó shalachar an Bhéarla. Ach conas a aithneofá iad óna chéile? B’fhéidir go mbeadh an fuíoll Gaelach dearg le fearg.  N’fheadar, ach níor mhaith liom mar jab é.

Ach b’fhéidir, i ndeireadh na dála, gur faoi phobal an Spidéil atá sé tús áite a thabhairt don dteanga, trí í a chothú agus a úsáid agus iad suite sa phroibí aige baile.

Nach bhfuil seans le muintir an Spidéil go bhfuil aird an fhorais Stáit ag díriú ar na rudaí tábhachtacha?

N’fheadar, ambaiste, ach tá boladh an chaca air mar scéal. 

Fág freagra ar 'Ba dhóbair gur chuireas an Avensis sa díog nuair a chuala ar RnaG scéal an chaca faoi Údarás na Gaeltachta'

  • Sean o Bruadair

    Mor an trua nach bhfuil myles na gcopaleen fos beo

  • Maolra na bPónaíos

    Nuair a chacann Gael cacann siad go léir!

  • uinseann mac thómais

    mar a deir an sean rá, “deán do ghnó as Gaeilge”!