Ba chóir ‘léargas níos leithne’ a thabhairt ar cheol na Gaeilge ná aistriúchán ‘Ceol 2018’

Deir Cian Mac Cárthaigh ón ngrúpa IMLÉ gur trua gur leaganacha aistrithe d’amhráin le bannaí shaol an Bhéarla is mó atá le cloisteáil ar an albam nua Ceol 2018 le Eoghan McDermott 

Ba chóir ‘léargas níos leithne’ a thabhairt ar cheol na Gaeilge ná aistriúchán ‘Ceol 2018’

Tá cáineadh déanta ag Cian Mac Cárthaigh, an craoltóir agus ball den ghrúpa IMLÉ, ar an oiread aistriúchán a dhéantar ar amhráin Bhéarla i saol an cheoil chomhaimseartha Gaeilge.

Agus plé á dhéanamh ar an albam nuasheolta Ceol 2018 le Eoghan McDermott ar an chlár Pléscéal ar Raidió na Gaeltachta tráthnóna inné, dúirt Mac Cárthaigh gur mór an trua gur leaganacha aistrithe d’amhráin le bannaí an Bhéarla is mó atá le cloisteáil ar an albam. Dúirt sé gur chóir “léargas níos leithne” a chur ar fáil ar “gach rud atá ag dul ar aghaidh ó thaobh an nuacheoil Ghaeilge de”.

Bhí an ceoltóir in amhras an bhféadfadh na haistriúcháin brí agus beocht na mbunleagan a thabhairt leo agus na ceoltóirí dírithe ar fhoghraíocht na bhfocal seachas anam an cheoil.

“Mura bhfuil an t-amhrán ar an gcaighdeán céanna leis an leagan Béarla den amhrán n’fheadar an bhfuil mórán maitheasa leis,” a dúirt sé. 

Dúirt Niamh Ní Chróinín, bainisteoir Raidió Rí-Rá, a d’oibrigh i gcomhar le RTÉ 2FM agus Conradh na Gaeilge ar an albam is déanaí sa tsraith albam ina mbíonn leaganacha Gaeilge d’amhráin Bhéarla, gur togra “éagsúil” é ‘Ceol 2018’.

Dúirt sí nach mbaineann an tsraith go díreach le cumadh amhrán nua i nGaeilge, cé go mbíonn grúpaí a bhíonn ag cumadh amhrán i nGaeilge le cloisteáil ar na halbaim.

Dúirt sí gur maith an rud é go bhfuil ceoltóirí aitheanta “nach bhfuil tar éis mórán Gaeilge a labhairt ó d’fhág siad an scoil” ag iarraidh “seans eile” a thabhairt don teanga agus mhaígh sí gur cur chuige é “a théann i bhfeidhm go mór ar dhaoine óga”.

Shéan Ní Chróinín go bhfuil an baol ann go bhfágfadh na leaganacha Gaeilge d’amhráin aitheanta Bhéarla ó cheoltóirí mór le rá an chuma ar an scéal nach bhfuil aon duine ag cumadh ceoil úir i nGaeilge.

Dúirt Ní Chróinín go raibh dhá amhrán nuachumtha Gaeilge ar Ceol 2018, Bain an Glas le Seo Linn agus Fuil na nÓg, le Nóra agus Jade, buaiteoirí Comórtas BEO 2017.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Mac Cárthaigh gur maith ann an dá amhrán sin ach thug sé suntas dó gur ag deireadh an albaim atá siad.

“Ag druidim i dtreo dheireadh an dlúthdhiosca, is beag seans go n-éistfidh daoine leo,” a dúirt sé.

Tá 350,000 cóip de CEOL 2018 le hEoghan McDermott á scaipeadh ar scoileanna na tíre as seo go deireadh na seachtaine.

Tá Saoirse Ronan, Macklemore, Kodaline, Picture This agus JP Cooper ina measc siúd atá le cloisteáil ar CEOL 2018 le hEoghan McDermott.

Is í an t-aisteoir Hollywood Saoirse Ronan agus an fear rap Macklemorea a chuireann tús leis an albam nua le píosa cainte faoin Ghaeilge.

Dúirt Saoirse Ronan gur údar áthais di go bhfuil a glór le cloisteáil ag tús an albaim.

 

 

Fág freagra ar 'Ba chóir ‘léargas níos leithne’ a thabhairt ar cheol na Gaeilge ná aistriúchán ‘Ceol 2018’'

  • Joey Joe Joe Junior Shabadoo

    An ceart ar fad aige. Airgead an stáit (is dóigh) tugtha do cheoltóirí Béarla den chuid is mó, fad is atá ceoltóirí Gaeilge ag streachailt leo, agus 2fm ag déanamh neamhaird dóibh. Cheapfainn go mba chuma le haos óg na linne seo faoi Wheatus ach oiread. Ní 2001 atá ann a thuileadh. Bliain na Gaeilge, sea.

  • Murchadh

    Amaidí gan aird. Féach, arbh fhearr leat éisteacht le hamhrán de chuid Leonard Cohen á chanadh aige féin i mBéarla (sea!) nó ag duine a bheadh ag cangailt na bhfocal agus gan fhios aige/aici ceard í brí na bhfocal sin i gceart? Duine nach taithíoch ar an sprioctheanga a labhairt. Togra mar mhaithe le togra, cén bhrí?

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Ní féídir cuid de na daoine a shásamh riamh!
    Is minic a spreagann an t-áistriúchán cumadóireacht sa sprioc-theanga.
    Nár léigh tú War and Peace riamh?
    nó ar ceart an t-aistriúchán sin a dhamnú chomh maith?