350,000 cóip de ‘Ceol 2018’ le dáileadh ar scoileanna na tíre

Is é Ceol 2018 an t-albam is déanaí sa tsraith albam ar a mbíonn leaganacha Gaeilge d’amhráin aitheanta Bhéarla

350,000 cóip de ‘Ceol 2018’ le dáileadh ar scoileanna na tíre

Tá Saoirse Ronan, Macklemore, Kodaline, Picture This agus JP Cooper ina measc siúd atá le cloisteáil ar CEOL 2018 le hEoghan McDermott, a bheidh á scaipeadh ar 350,000 dalta scoile ag deireadh na míosa.

Is é Ceol 2018 an t-albam is déanaí sa tsraith albam ar a mbíonn leaganacha Gaeilge d’amhráin aitheanta Bhéarla.

Seolfar an t-albam chuig gach scoil sa tír ar an 26 Meán Fómhair agus beidh cód íoslódála saor in aisce don albam á bhronnadh ar na mílte mac léinn tríú leibhéal.

Dúirt Eoghan McDermott, craoltóir le RTÉ 2FM go raibh sé “ar bís seinnliosta iomlán CEOL 2018 a fhógairt”.

Ag trácht dó ar bhás tragóideach an cheoltóra Dolores O’Riordain, dúirt McDermott gur “onóir mhór” é gur bhronn The Cranberries ar lucht Ceol 2018 an bunleagan d’fhuaimrian taca an amhráin Linger. “Tá taifead draíochtúil déanta ag Sibéal Ní Chasaide ar an amhrán,” arsa Eoghan McDermott.

Rinneadh na hamhráin ar an albam a thaifeadadh in Éirinn, i Londain, i Nua-Eabhrac agus in Los Angeles. 

Dúirt Mark Prendergast ón mbanna Kodaline, a bhfuil leagan Gaeilge dá n-amhrán ‘Follow Your Fire’ le cloisteáil ar an albam, go bhfuil an teanga gar dá gcroí.

“Chuir mé féin agus Steve tús leis an mbanna sa Ghaeltacht, mar sin tá an Ghaeilge gar dár gcroíthe i gcónaí. Bhí ríméad orainn páirt a ghlacadh i CEOL i mbliana. Tá an t-albam níos mó ná riamh agus léiríonn ardchaighdeán agus dea-cháil na gceoltóirí eile ar an albam gurb é seo ceann de na rudaí is fearr a tharla don teanga le fada,” arsa Prendergast.

Dúirt Danny O’Reilly, príomhamhránaí The Coronas, banna eile atá le cloisteáil ar an albam, go mbíonn daoine “fud fad na cruinne” an-tógtha leis nuair a chasanna siad amhrán as Gaeilge.

“Tá súil againn go dtabharfaidh ár n-amhrán ‘Nílimid Bréagach’ (We Couldn’t Fake It) agus na hamhráin iontacha eile ar an albam spreagadh do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid, go háirithe le linn Bhliain na Gaeilge,” a dúirt Danny O’Reilly, amhránaí The Coronas.

Conradh na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá, i gcomhar le RTÉ 2fm, a chuir Ceol 2018 le chéile.

Seinnliosta CEOL 2018

  1. Fáilte go CEOL – Saoirse Ronan agus Macklemore
  2. Picture This – Is Sinne Óg (When We Were Young)
  3. JP Cooper – Amhrán an Fhómhair (September Song)
  4. Kodaline – Ag Fadú d’Aidhme (Follow Your Fire)
  5. John Gibbons le Soulé – Spéaclaí Gréine sa Bháisteach (Sunglasses in the Rain)
  6. Gavin James – I gCónaí (Always) 
  7. Wheatus – Stócach Brocach (Teenage Dirtbag)
  8. The Academic – Do Chroí Anocht (Bear Claws)
  9. Parson James – Muid a Ghoid an Seó (Stole the Show)
  10. Hudson Taylor – Mothaigh Arís É (Feel It Again)
  11. The Coronas – Nílimid Bréagach (We Couldn’t Fake It)
  12. Wild Youth – Mé Sáite Ann (Can’t Move On)
  13. Chasing Abbey – Labhair Liom (Talk To Me) 
  14. Delorentos –  Insan Nóiméad (In the Moment)
  15. Sibéal le The Cranberries – Fuarú (Linger)
  16. Seo Linn – Bain an Glas 
  17. Nóra agus Jade – Fuil na nÓg (Buaiteoirí an chomórtais BEO 2017)

Fág freagra ar '350,000 cóip de ‘Ceol 2018’ le dáileadh ar scoileanna na tíre'

  • PádraigÓ Mainín

    A Chairde

    Ar mhiste libh roinnt dlúthdhioscaí a sheoladh chuig ár scoil. 50 cóip, bheadh sin iontach.
    Go raibh míle maith agaibh.

    Pádraig
    Scoil Bhríde,
    Tuaim