‘Tá grá agam don Ghaeilge agus na bealaí a saibhríonn agus a neartaíonn sí sinn’ – Saoirse Ronan

Is í an t-aisteoir Hollywood Saoirse Ronan a chuireann tús le halbam nua d’amhráin as Gaeilge a mbeidh 350,000 cóip de á scaipeadh ar scoileanna na tíre as seo go deireadh na seachtaine

‘Tá grá agam don Ghaeilge agus na bealaí a saibhríonn agus a neartaíonn sí sinn’ – Saoirse Ronan

Tá trácht déanta ag an aisteoir Hollywood mór le rá Saoirse Ronan ar an ngrá atá aici don Ghaeilge agus ar an mbealach a neartaíonn an teanga ‘ár bhféiniúlacht Ghaelach’.

Is í an t-aisteoir a thuill cáil dhomhanda i scannáin amhail Atonement, Hannah, Brooklyn agus Lady Bird a chuireann tús le halbam nua d’amhráin as Gaeilge a mbeidh 350,000 cóip de á scaipeadh ar scoileanna na tíre as seo go deireadh na seachtaine.

Píosa cainte ó Ronan agus an ceoltóir rap aitheanta Macklemore a chuireann tús le CEOL 2018 le hEoghan McDermott , an t-albam is déanaí sa tsraith albam ar a mbíonn leaganacha Gaeilge d’amhráin aitheanta Bhéarla.

Tá físeán le cur amach inniu chomh maith ag lucht CEOL 2018 ina bhfuil píosa cainte Ronan agus Macklemore le cloisteáil.

Dáileadh CEOL 2018 chuig gach scoil sa tír maidin inniu agus beidh cód íoslódála saor in aisce don albam á bhronnadh ar na mílte mac léinn tríú leibhéal.

Dúirt Saoirse Ronan gur údar áthais di go bhfuil a glór le cloisteáil ag tús an albaim.

Ní cainteoir Gaeilge mé ó dhúchas, níor fhás mé aníos á labhairt go laethúil.  Ach fós féin, tá grá domhain agam di agus tuigim, mar a thuigeann an chuid is mó d’Éireannaigh, na bealaí ina saibhríonn sí ár gcultúr agus a neartaíonn sí ár bhféiniúlacht Ghaelach.

“Tá ríméad orm go bhfuil mo ghlór le cloisteáil in éineacht le glór Macklemore, a bhíonn ag maíomh as a dhúchas Éireannach go bródúil ar fud an domhain. Tá an-áthas orm freisin go bhfaighidh chuile dhalta meánscoile leaganacha inár dteanga dhúchais de chuid den cheol Éireannach agus idirnáisiúnta is fearr ar domhan mar chuid de Bhliain na Gaeilge,” a dúirt Saoirse Ronan.

Conradh na Gaeilge, Raidió Rí-Rá i gcomhar le RTÉ 2FM a chuir CEOL 2018 i dtoll a chéile.

Fág freagra ar '‘Tá grá agam don Ghaeilge agus na bealaí a saibhríonn agus a neartaíonn sí sinn’ – Saoirse Ronan'