Ba chóir imeachtaí sóisialta a chur ar ceal agus baol 400,000 cás nua ann idir seo agus Nollaig – Holohan

Deir an Príomh-Oifigeach Leighis gur chóir go mbeadh daoine ag cur imeachtaí sóisialta ar ceal chun iarracht a dhéanamh an mhaidhm is deireanaí den víreas a cheansú

Ba chóir imeachtaí sóisialta a chur ar ceal agus baol 400,000 cás nua ann idir seo agus Nollaig – Holohan

Deir Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tonly Holohan, go bhféadfadh 400,000 cás nua den Covid-19 a bheith ann idir seo agus Nollaig mura dtiocfadh feabhas ar chúrsaí.

Fiú mura mbíonn ach leath an mhéid sin cásanna ann, d’fhágfadh 200,000 cás go mbeadh 4,000 duine sna hospidéil leis an víreas aimsir na Nollag, dar leis an Dr Holohan.

Agus é ag labhairt ar an gclár News at One ar RTÉ, dúirt Holohan gur chóir go mbeadh daoine ag cur imeachtaí sóisialta ar ceal chun iarracht a dhéanamh an mhaidhm is deireanaí den víreas a cheansú.

“An rud a theastaíonn uainn a sheachaint ná an víreas seo a bheith tolgtha ag 200,000 duine nó a dhá oiread sin mí na Nollag,” a dúirt an Dr Holohan.

“Níl an víreas tolgtha ag aon duine díobh sin go fóill ach má bhíonn an Covid-19 tolgtha ag 200,000 duine, beidh cúram ospidéil ag teastáil ó 4,000 acu faoi Nollaig.

“D’fhágfadh sin go mbeadh ar 200,000 féinleithlisiú a dhéanamh agus fanacht amach ó dhaoine le linn séasúr na Nollag agus gan cead acu bualadh lena gcairde, lena muintir ná le haon duine eile.

“Is iontach an t-ualach é sin le cur ar an bpobal an tráth seo bliana murar féidir linn ar fad cloí níos fearr leis na srianta.”

Dúirt an Dr Holohan nach n-éireodh leis na srianta is deireanaí atá fógartha ag an rialtas mura mbeadh daoine sásta cloí leo.

Fógraíodh inné go gcaithfidh tábhairní, bialanna agus clubanna oíche dúnadh ag meán oíche ón lá amárach. Ón Aoine seo moltar do dhaoine obair ón mbaile más féidir agus iarrtar ar fhostóirí an deis sin a thabhairt dá bhfostaithe más féidir.

Maidir le cóisirí Nollag, dúirt an Dr Holohan go mbeadh ar chomhlachtaí cinntí “stuama” a dhéanamh agus iarrachtaí á ndéanamh scaipeadh an víris a chur faoi smacht

“Ba chóir do gach eagraíocht breathnú uirthi féin agus ar na bearta a chaithfear a dhéanamh. Táimid ag comhairliú do dhaoine fanacht sa mbaile chomh mór agus is féidir agus oibriú ón mbaile. Cinntí críonna iad sin.”

Dúirt an Dr Holohan nach raibh aon bheart amháin ann a chuirfeadh srian le scaipeadh an víris agus na bearta a bhí ann a úsáid “mar is ceart agus is cóir”.

Thug sé le fios go bhfuil an uimhir R, ráta scaipthe an ghalair, anois ag 1.25 agus “nach mbeadh go leor le déanamh chun í a thabhairt síos faoin a haon”.

Níos luaithe tráthnóna, dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnnelly nach bhféadfaí dianghlasáil eile “a chur as an áireamh”.

Dúirt an tAire go bhféadfadh idir 200-450 othar a bheith in aonaid dianchúraim seachtain na Nollag mura ndéanfaí iarracht feabhas a chur ar chúrsaí.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin aréir nach bhféadfadh aon chóras sláinte áit ar bith déileáil leis an mbrú a bheadh ann dá leanfadh líon na gcásanna agus líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil ag ardú leo mar atá.

Fág freagra ar 'Ba chóir imeachtaí sóisialta a chur ar ceal agus baol 400,000 cás nua ann idir seo agus Nollaig – Holohan'