Ba chóir greim docht na bpolaiteoirí ar thoghcháin uachtaránachta a scaoileadh

B’fhiú moladh ó choiste Oireachtais a cheadódh toghcháin uachtaránachta níos oscailte a chur i bhfeidhm

Ba chóir greim docht na bpolaiteoirí ar thoghcháin uachtaránachta a scaoileadh

Ní aontódh mórán comhaltaí de na páirtithe polaitíochta leat dá ndéarfá leo go bhfuil greim ródhocht acu ar thoghadh uachtaráin.

Oireann córas ainmniúcháin na huachtaránachta do na páirtithe ag leibhéal an Oireachtais agus sna húdaráis áitiúla. Ach an oireann córas a cheileann ceart ainmniúcháin ar shaoránaigh eile do thír dhaonlathach?

Léiríonn scéal an toghcháin uachtaránachta go dtí seo neart an chórais iata. Má ainmníonn Fianna Fáil agus Sinn Féin iarrthóirí is dóichí ná a mhalairt nach dtabharfar deis d’iarrthóir ar bith eile seasamh sa toghchán.

Tugann an Bunreacht láncheart dóibh iarrthóirí eile a choinneáil as an gcoimhlint. Is féidir le hiarrthóirí eile ainmniúcháin a iarraidh ach is ag ionadaithe náisiúnta agus áitiúla na bpáirtithe a bheidh an rogha ar deireadh thiar.

Ní raibh iarrthóirí ag Fianna Fáil i dtoghcháin uachtaránachta 2011 ná in 2018 ná ag Fine Gael in 2018. Tugadh deis mar sin d’iarrthóirí nach raibh baint acu le páirtí ar bith ainmniúcháin a lorg agus a fháil ó chomhairlí contae agus cathrach. Rud a rinne ceathrar iarrthóirí in 2011 agus arís in 2018.

Deimhneoidh rannpháirtíocht Fhianna Fáil i dtoghchán na bliana seo – atá ionann agus cinnte cé nach bhfuil leid tugtha fós ag Micheál Martin – go gcuirfidh a pháirtí brú láidir ar ionadaithe áitiúla gan iarrthóir eile a scaoileadh isteach sa rás. Bí cinnte go mbeidh an cur chuige céanna ag Fine Gael, agus ag na Daonlathaithe Sóisialta, an Lucht Oibre agus Pobal Seachas Brabús tar éis dóibh tacú le Catherine Connolly.

Níor pléadh leasú an chórais iata seo le fada mar gheall ar thoil na gcomhairleoirí contae agus cathrach ainmniúcháin a thabhairt d’iarrthóirí neamhspleácha. Faraor ní athraíonn toil córas.

Dá n-athrófaí na rialacha ainmniúcháin bheadh imní ar mhórán go dtabharfaí deis dá bharr d’iarrthóirí nach bhfuil aon tacaíocht shuntasach acu nó d’antoiscigh nó do chladhairí nó d’amadáin – leithéidí na n-iarrthóirí a sheasann ar son an ‘Monster Raving Loony Party’ i dtoghcháin na Breataine.

Is fiú cuimhneamh mar sin ar dhá thuairisc oifigiúil a mhol leasú ar an gcóras ainmniúcháin a bhainfeadh an bonn de ró-smacht na bpáirtithe ar an gcóras.

D’fhoilsigh grúpa a bhunaigh rialtas John Bruton a raibh T.K.Whitaker ina chathaoirleach air tuairisc i 1996 ar athbhreithniú an Bhunreachta. Bhí tuairimí suimiúla acu maidir le hainmniú uachtaráin.

Dúirt an grúpa go raibh na forálacha ainmniúcháin ‘rótheoranta’, go raibh ‘daonlathú’ de dhíth agus gur chóir córas a cheadódh do líon áirithe vótálaithe (nár chuir siad figiúr air) iarrthóir a ainmniú.

D’fhoilsigh coiste Oireachtais moltaí ar athchóiriú an Bhunreachta i sraith tuairiscí ar thuairisc Whitaker a foilsíodh ina dhiaidh sin. I 1998 d’eisigh an coiste uilepháirtí faoi chathaoirleacht Theachta Fhianna Fáil Brian Lenihan cáipéis a mhol na hathruithe seo a leanas:

* Go dtabharfaí ceart do 10,000 vótálaí iarrthóir a ainmniú;

* Go mbeadh ar na vótálaithe sin a bhfoirmeacha ainmniúcháin a thabhairt go dtí oifig rialtais;

* Go mbeadh orthu a n-uimhreacha ar an gclár toghthóirí a chur ar fáil mar aon le hainm an údaráis a chláraigh iad agus fianaise céannachta;

* Go mba leor deichniúr comhaltaí (scór a fhoráiltear sa Bhunreacht) chun iarrthóir uachtaránachta a ainmniú – athrú a neartódh cumas na mionpháirtithe agus na neamhspleách san Oireachtas iarrthóir a ainmniú.

 

Bhí ionadaithe ar an gcoiste ag Fianna Fáil, Fine Gael, an Lucht Oibre, an Páirtí Daonlathach, agus Daonlathas Clé (ní raibh aon ionadaí ag Sinn Féin toisc nach raibh ach Teachta amháin sa Dáil acu nuair a bunaíodh an coiste).

Cuimhnigh gur d’aon ghuth a mhol scata polaiteoirí athrú mar seo ar na rialacha a scaoilfeadh a ngreim daingean ar ainmniú iarrthóirí. Cuimhnigh gur thug an rialtas a raibh Bertie Ahern ina Thaoiseach air an chluas bhodhar dóibh. Mar a dhein gach rialtas eile ó shin.

Ní mionpháirtithe ná brúghrúpaí ná iriseoirí ach polaiteoirí a mhol an bun-athrú agus gur polaiteoirí a chaith a moltaí i leataobh. Cá bhfios, b’fhéidir go ndúiseodh toghchán faoi rósmacht polaitiúil i mbliana caint ar an athchóiriú a mholadar.

Gan amhras bheadh gá le beartais níos déine i ré seo an idirlín ná mar a moladh i 1998 – íosteorainn vótálaithe níos airde ná 10,000 vótálaí, b’fhéidir, chun bac a chur ar phleidhcíocht.

Mura dtugtar deis iomaíochta sa toghchán seo ach d’iarrthóirí a fhaigheann tacaíocht ó pháirtithe Theach Laighean, b’fhéidir go gcuirfear brú orthu an ghné seo dár gcóras daonlathach a dhéanamh níos oscailte amach anseo.

Fág freagra ar 'Ba chóir greim docht na bpolaiteoirí ar thoghcháin uachtaránachta a scaoileadh'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Alt tuisceanach meáite agus an ceart ar fad agat a Chathail.

  • CC

    Is maith liom na moltaí sin. Cítear dom go bhfuil doicheall éigin ar an gcóras polaitiúil in Éirinn athraithe i dtreo córais níos daonlathaí a chur chun tosaigh, ní hamháin sa toghcháin uachtaránachta ach i reimse an daonlathais áitiúil leis (rialtas áitiúil bréagach a fuair muintir na Gaeltachta le ‘Údarás’ na Gaeltachta mar shampla, tréis na blianta caite á iarraidh). Chomh maith leis sin, canathaobh nach mbeadh cumhacht ag na daoine reifrinn a eagrú ach a ndóthain sínitheoirí a fháil, mar a dhéantar san Éilvéis?