‘Ba chóir freastal orthu siúd ar mhian leo oideachas lán-Ghaeilge dá ngasúr’ – agóid ag Teach Laighean faoi easpa gaelcholáistí

Agus agóid ar bun ag Gaelscoileanna i ndeisceart Bhaile Átha Cliath chun Gaelcholáiste nua a fháil, dúirt an Teachta Dála áitiúil Jim O’Callaghan gur chóir freastal ar gach duine atá ag iarraidh a ngasúr a chur chuig scoileanna lán-Ghaeilge

‘Ba chóir freastal orthu siúd ar mhian leo oideachas lán-Ghaeilge dá ngasúr’ – agóid ag Teach Laighean faoi easpa gaelcholáistí

Bronnadh na céadta litir ar pholaiteoirí inniu ó ghasúir atá ag éileamh Gaelcholáiste ina gceantar mar bhronntanas Nollaig.

Bhí páistí ó chúig Ghaelscoil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath lasmuigh de Theach Laighean mar chuid d’agóid a reáchtáladh i gcomhar le Conradh na Gaeilge. Daltaí ó Scoil Bhríde, Gaelscoil Lios na nÓg, Scoil Mhológa, Bunscoil Sancta Maria agus Gaelscoil Eoin a ghlac páirt san agóid.

Tá feachtas ar bun chun iarbhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú sa cheantar ina bhfuil na Gaelscoileanna lonnaithe. Faoi láthair, tá 44 meánscoil ag feidhmiú trí Bhéarla sa cheantar, agus gan Gaelcholáiste ar bith ann.

Fágann an t-éileamh atá ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge eile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath nach bhfuil áit iontu do na daltaí uile ar mhian leo freastal ar Ghaelcholáiste agus nach mbíonn sé de rogha ag daltaí ach dul chuig iarbhunscoileanna Béarla.

Chas an lucht feachtais le polaiteoirí taobh amuigh de Thithe an Oireachtais ag am lóin chun a gcás a chur in iúl dóibh.

I measc na bpolaiteoirí a bhí i láthair, bhí an Teachta Dála áitiúil, Jim O’Callaghan, a dúirt gur cheart Gaelcholáiste a chur ar fáil sa cheantar dóibh siúd atá ag tabhairt faoin nGaeloideachas.

Pictiúr: RollingNews.ie

“Tá éileamh mór ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge i dtoghcheantar Chuan Bhaile Átha Cliath Theas,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

“Tá cúig Ghaelscoil sa toghcheantar agus tá tuismitheoirí ag iarraidh go mbeadh a bpáistí in ann freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge. Faraor, níl a leithéid ann sa cheantar agus tá ró-éileamh ar na cinn atá gar don thoghcheantar.

“Ba cheart go bhfreastalófaí ar mhian tuismitheoirí atá ag iarraidh go bhfaigheadh a ngasúr oideachas trí mheán na Gaeilge. Ó bheith ag labhairt leis an Aire Foley, tá’s agam go bhfuil sí ar an eolas maidir leis an tsuim atá ann sa toghcheantar agus tá súil agam go ndéanfaidh sí dianmhachnamh ar an gceist thábhachtach seo,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley sa Dáil an mhí seo caite go raibh dóthain spáis i nGaelcholáistí Bhaile Átha Cliath le freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge.

Reáchtáil an Teachta O’Callaghan cruinniú idir an tAire Foley, príomhoidí na nGaelscoileanna atá i gceist agus Conradh na Gaeilge an tseachtain seo caite, cruinniú a bhí “dearfach” dar leo siúd a bhí i láthair.

Dúirt duine de na príomhoidí, Cormac Chambers ó Ghaelscoil Lios na nÓg i Raghnallach, le Tuairisc.ie gur fhág an fhadhb nach raibh áit i nGaelcholáiste faighte ag aon pháiste i Rang a 6 ina scoil féin go fóill don bhliain seo chugainn

“Tá daoine ag teacht chuig an scoil seo a bhfuil suim acu sa chultúr agus sa teanga ach, ansin, níl aon áit i nGaelcholáiste dóibh. An rud a tharlóidh ná b’fhéidir go stopfadh siad ag teacht ag an scoil seo,” a dúirt sé.

Pictiúr: RollingNews.ie

Fág freagra ar '‘Ba chóir freastal orthu siúd ar mhian leo oideachas lán-Ghaeilge dá ngasúr’ – agóid ag Teach Laighean faoi easpa gaelcholáistí'

  • Eimear

    Mar thuismitheoir, léiríonn seo domsa nach bhfuil Gaeloideachas ag feidhmiú ina ról. Is léir nach bhfuil an Roinn Oid. & Scileanna ag glacadh aon aird ar an eagraíocht mar nach bhfuil aon fheidhm acu i saol an oideachais i leith na Gaeilge.