Sula ndéanfaidh sé aon eile tá rogha mhór amháin le déanamh ag Paschal Donohoe idir seo agus an 8 Deireadh Fómhair, lá an Bhuiséid.
Is féidir leis riar airgeadais an stáit in 2020 a phleanáil ar an mbonn go rachaidh rialtas na Breataine chun cinn leis an mBreatimeacht ar an 31 Deireadh Fómhair, nó ar an mbonn go dtarlódh dhá rud eile eile (féach thíos).
Gan dabht, tá gach cuma ar chúrsaí faoi láthair gur Breatimeacht gan mhargadh atá romhainn. Tá ath-idirbheartaíocht leis an AE, rud nach ngéillfear, á hiarraidh i gcónaí ag Boris Johnson agus Jeremy Hunt, an bheirt atá páirteach i dtoghchán ceannaireachta na gCoimeádach.
Ach ní leor an dóchúlacht agus cáinaisnéis a leagan amach nuair atá bearna mhór idir na cásanna éagsúla a bheidh á mbreithniú ag an aire airgeadais idir seo agus an 8 Deireadh Fómhair.
1. Breatimeacht gan mhargadh.
2. Breatimeacht le margadh.
3. Breatimeacht curtha ar atráth.
D’oirfeadh an dara agus an tríú rogha thuas don Rialtas ar ndóigh, ach ní bheidh aon dul as ag Paschal Donohoe ach an Buiséad a dhréachtú de réir an rogha is mí-oiriúnaí. Shéan sé go raibh Buiséad eile, a d’fhéadfaí a fhógairt dá n-athródh cúrsaí idir lá an Bhuiséid agus Oíche Shamhna, beartaithe aige. Chímíd.
Is mar gheall ar rialacha airgeadais an Aontais Eorpaigh a chaithfear Buiséad 2020 a fhógairt ar an 8 Deireadh Fómhair, ionas gur féidir leis an gCoimisiún a chinntiú go mbeidh sé ag teacht le srianta agus le polasaithe an AE.
Is léir mar sin féin go bhféadfaí cás réasúnta a chur chun na Bruiséile dá n-iarrfadh an Rialtas cead lá an Bhuiséid a chur siar ó go dtí Dé Máirt an 5 Samhain. Bheadh sin ar ndóigh ag brath ar thús a bheith curtha le cainteanna idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach idir seo agus an 31 Deireadh Fómhair agus ar shocrú ar bith seachas an Breatimeacht gan mhargadh a bheith á phlé an lá sin.
De réir mar atá socraithe faoi láthair, in ainneoin a bhfuil ráite ag Paschal Donohoe, ní bheidh sa Bhuiséad a fhógróidh sé ach plean eatramhach. Má thagann drochscéal ina dhiaidh, beidh beartais chrua de chineálacha éagsúla riachtanach sula i bhfad, chomh maith le caiteachas breise ar an dól do dhaoine a bheidh as obair agus ar thacaíocht d’fheirmeoirí agus do thionscail a bheidh faoi bhrú mar gheall ar an mBreatimeacht.
Má thagann Boris Johnson nó Jeremy Hunt ar mhalairt aigne, agus má bhíonn dea-thoradh de chineál éigin ar chainteanna leis an AE, beidh roghanna eile le meá ag Paschal Donohoe. Roghanna a d’oirfeadh dá pháirtí agus iad ag ullmhú i gcomhair an olltoghcháin a bhfuiltear ag súil leis an bhliain seo chugainn.
Dúirt Paschal Donohoe Dé Céadaoin nach mbeadh tús áite á thabhairt ag an Taoiseach, i gcás an Bhreatimeacht gan mhargadh, don laghdú ar cháin ioncaim a gheall sé ag ardfheis Fhine Gael.
Aistriúchán: más Breatimeacht gan mhargadh a bheas ann, níl seans dá laghad ann go laghdófar cáin ioncaim, in ainneoin a ndúirt Leo Varadkar ag an ardfheis.
Teastaíonn ó gach Teachta Dála rialtais go mbeadh flaithiúlacht nó cuma na flaithiúlachta ar bhuiséad roimh olltoghchán. Faraor, níl ann an iarraidh seo ach cuma fhlaithiúil. Ní shíltear, má chuirtear arduithe pá agus an méadú atá geallta ar chaiteachas eile as an áireamh, go mbeidh mórán eile le cois €700m sa bhreis le caitheamh ag an rialtas in 2020.
Dhéanfaí leas Fhine Gael agus leas na tíre araon mar sin, agus d’éascófaí an obair atá le déanamh ag Paschal Donohoe, dá n-iarrrfadh sé cead moill a chur ar fhógairt thoradh na hoibre.
Is é sin le rá ar ndóigh, go mbeadh gá le moill dá leithéid.
Fág freagra ar 'Ba chóir do Paschal Donohoe cead a fháil lá an Bhuiséid a chur siar'