Ba chóir d’Éirinn táillí uisce a thabhairt isteach – OECD

In athbhreithniú a rinne an OECD ar an rath a bhí ar chúrsaí comhshaoil sa tír seo le deich mbliana, bhí siad den tuairim go raibh nasc i bhfad rómhór ann idir an brú ar an gcomhshaol agus borradh eacnamaíochta láidir

Ba chóir d’Éirinn táillí uisce a thabhairt isteach – OECD

Ó tugadh faoi Uisce Éireann a bhunú in 2011, bhí sé i gceist táillí uisce a chur ar thithe ach caitheadh an plean i dtraipisí tar éis feachtas fada feargach ina gcoinne

Tá sé ráite ag an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) gur chóir don stát seo táillí uisce a phlé arís. 

Is í Éire an t-aon bhall den eagraíocht sin nach ngearrann táillí uisce ar dhaoine. 

Ó tugadh faoi Uisce Éireann a bhunú in 2011, bhí sé i gceist táillí uisce a chur ar thithe ach caitheadh an plean i dtraipisí tar éis feachtas fada feargach ina gcoinne.

In athbhreithniú a rinne an OECD ar an rath a bhí ar chúrsaí comhshaoil sa tír seo le deich mbliana, bhí siad den tuairim go raibh nasc i bhfad rómhór ann idir an brú ar an gcomhshaol agus borradh eacnamaíochta láidir. 

Tuairiscítear san Irish Times go moltar san athbhreithniú go n-ardófaí na táillí dramhaíola agus go gcuirfí táillí plódaithe i bhfeidhm ar mhaithe leis na spriocanna comhshaoil a chomhlíonadh. Luaitear go sonrach sa tuairisc nach bhfuil ach 60% de phobal na tíre seo ceangailte le córas cóireála fuíolluisce ardchaighdeáin, an tríú tír is measa san OECD. 

Maítear san athbhreithniú seo go gcuirfeadh táillí uisce dlús faoin infheistíocht atá ag teastáil go géar ón gcóras soláthar uisce agus séarachais. 

Cé go bhfuil breis infheistíochta déanta in infreastruchtúr uisce na tíre tá go leor uisce á chur amú agus ag imeacht le fána go fóill, tá áiteanna go leor sa tír ina bhfuil droch-chaighdeán uisce ar fáil agus an chóireáil fuíolluisce easnamhach, a mhaítear sa tuairisc. 

Ní mór na spriocanna uaillmhianacha ó thaobh na haeráide agus na bithéagsúlachta “a chur i bhfeidhm go gasta leis an mbrú atá ag dul i méid ón dianfheirmeoireacht, forbairt dhéimeagrafach, sraoilleáil uirbeach agus trácht ar bhóithre”. 

Fág freagra ar 'Ba chóir d’Éirinn táillí uisce a thabhairt isteach – OECD'

  • S. Mac Muirí

    Ní sotal go tíortha cos ar bolg. Ba chóra dóibh féin an t-uraniam srl. a ghoideadar as tíortha geanúla a chúiteamh leo, leithscéal a ghabháil faoi na buamaí lasairthreoraithe a caitheadh anuas ar na ‘strongholds’ .i. tithe daoine 7 a gclab a choinneáil druidte.
    Níor chóir d’aon chuid d’Éirinn a bheith ina sáilghiolla acu.