Ba cheart tuairiscí i nGaeilge a chraoladh ar ‘Six One’ – McHugh

Is minic a iarrtar ar iriseoirí de chuid Nuacht RTÉ leaganacha Béarla dá dtuairsicí nuachta a sholáthar do chláir nuachta Bhéarla an chraoltóra náisiúnta. Tá molta ag an Aire Gaeltachta Joe McHugh go gcraolfaí na bunleaganacha Gaeilge ar na cláir Bhéarla feasta

Ba cheart tuairiscí i nGaeilge a chraoladh ar ‘Six One’ – McHugh

Tá an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, ag iarraidh go mbeidh tuairiscí nuachta i nGaeilge ar RTÉ News Six One, mórchlár nuachta Béarla an chraoltóra náisiúnta.

Mhol McHugh gur cheart deireadh a chur leis an gcleachtadh atá ann faoi láthair in RTÉ iarraidh ar iriseoirí Gaeltachta dhá leagan, leagan Béarla agus leagan Gaeilge, de thuairisc nuachta a thaifeadadh le craoladh ar RTÉ One agus ar TG4.

“Faoi mar atá sé faoi láthair, agus feicim go minic é, bíonn tuairisc nuachta i mBéarla ar an Six One agus bíonn an tuairisc cheannann chéanna ar TG4 uair an chloig ina dhiaidh sin i nGaeilge.

“Is minic a bhíonn tuairiscí Gaeltachta i gceist a taifeadadh ar dtús i nGaeilge agus iarradh ar an tuairisceoir leagan Béarla a thaifeadadh freisin. Cén fáth nach féidir le RTÉ an bunleagan Gaeilge a chraoladh agus fotheidil Bhéarla a chur air? Is dóigh liom gur féidir leo é sin a dhéanamh, tá an teicneolaíocht ann, agus tá a fhios agam go bhfuil an toil ann,” a dúirt sé.

Mhaígh McHugh go bhfuil “dea-theist” ar RTÉ an Ghaeilge a chur chun cinn go dtí seo agus go gcabhródh an cur chuige atá molta aige an teanga a chur os comhair an phobail ar bhealach nádúrtha.

“Mheallfadh sé an páiste atá ag freastal ar Ghaelscoil agus a thuismitheoirí i gContae na Mí, i gContae Lú, i mBaile Átha Cliath nó i Loch Garman, agus léireodh sé dóibh go bhfuil a theanga, a theanga dhúchais, mar chuid den phríomhchlár nuachta agus go mbaineann sí le hábhar,” a dúirt sé.

Dúirt McHugh nach raibh sé ag iarraidh ar chláir nuachta Bhéarla de chuid RTÉ “a gclár oibre nó a n-ord reatha a athrú” ach gur “céim chun cinn” a bheadh ann a chabhródh an Ghaeilge a chur os comhair an phobail i gcoitinne.

“Gach aon bhliain i rith Sheachtain na Gaeilge, ar feadh seachtaine nó mar sin, bíonn go leor tionscnamh Gaeilge ag RTÉ i gcláir nuachta agus i míreanna leanúnachais agus aimsire. Chuirfeadh sé borradh mór faoin nGaeilge dá mbeadh an meon sin ann ó cheann ceann na bliana,” a dúirt sé.

Dúirt go bhféadfaí an deis a thapú an bhliain seo chugainn agus Bliain na Gaeilge, comóradh 125 bliain ar athbheochan na Gaeilge, á ceiliúradh ag an stát.

Fág freagra ar 'Ba cheart tuairiscí i nGaeilge a chraoladh ar ‘Six One’ – McHugh'

  • Éilis

    Thiocfainn leis seo.
    Agus óráidí nó agallaimh i dteangacha iasachta a chraoladh sa mbunteanga le fotheidil.

  • Hiy

    Tagaim go mór leis an smaoineamh sin freisin. Déantar imeallű ar gach teanga eile seachas an Béarla ar na meàin anseo.

  • Breathnóir

    Is smaoineamh an-mhaith é seo; aontaím go hiomlán freisin gur chóir tuairiscí a thaispeáint i dteangacha eile le fotheidil in áit tráchtaireacht Bhéarla a úsáid a cheileann an bhunteanga a labhraíodh. Ba dheas an rud taispeáint do Bhéarlóirí aonteangacha na hÉireann go bhfuil a lán teangacha á labhairt ar domhan, agus nach gá gach rud a chur trí scagaire an Bhéarla.