Ba cheart tuairimí Roinn na Gaeltachta faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a fhoilsiú ar mhaithe le trédhearcacht – Ó Snodaigh

Tá iarrtha ag Aengus Ó Snodaigh ar Roinn na Gaeltachta an téacs iomlán de cháipéis a cuireadh faoi bhráid na Roinne Tithíochta mí Lúnasa a fhoilsiú ach diúltaíodh sin a dhéanamh

Ba cheart tuairimí Roinn na Gaeltachta faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a fhoilsiú ar mhaithe le trédhearcacht – Ó Snodaigh

Tá ráite ag Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais gur cheart do Roinn na Gaeltachta cáipéis faoi chúrsaí pleanála a chuir siad faoi bhráid na Roinne Tithíochta a fhoilsiú.

Dúirt Teachta Dála Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh gur cheart an cháipéis a chur ar fáil chun léiriú a thabhairt don phobal ar chur chuige na Roinne i leith cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.

Cé go ndúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers i bhfreagra scríofa ar cheist Dála go raibh aighneacht déanta ag Roinn na Gaeltachta mar chuid den athbhreithniú atá ar bun ag an Roinn Tithíochta ar na rialacháin faoi chúrsaí pleanála, is cosúil gurb amhlaidh nach bhfuil aon aighneacht oifigiúil déanta acu.

Thug urlabhraí ón Roinn le fios do Tuairisc.ie gur ‘doiciméad’ a bhí sa cháipéis ar thagair an tAire Stáit di, seachas aighneacht oifigiúil.

Tá iarrtha ag Aengus Ó Snodaigh ar Roinn na Gaeltachta an téacs iomlán den cháipéis, a cuireadh faoi bhráid na Roinne Tithíochta mí Lúnasa, a fhoilsiú ach táthar ag diúltú é sin a dhéanamh.

Dúirt an tAire Stáit Chambers nach mbeadh sé “cuí” an doiciméad a fhoilsiú i láthair na huaire agus athbhreithniú ar bun i gcónaí ag an Roinn Tithíochta ar rialacháin pleanála.

“Mar chuid d’athbhreithniú atá ar siúl ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis na treoirlínte pleanála, thapaigh mo Roinn an deis cáipéis faoin ábhar a chur faoi bhráid na Roinne sin i mí Lúnasa,” arsa Chambers.

“Ós rud é go bhfuil an obair sin ar fad i ndáil leis an athbhreithniú ar bun i gcónaí ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí an cháipéis thuasluaite a roinnt le haon tríú páirtí ag an tráth seo.”

Níl urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sásta le freagra an Aire Stáit, áfach, agus deir sé gur cheart go gcuirfí an cháipéis ar fáil don phobal.

“Ba chóir í a fhoilsiú láithreach ar mhaithe le trédhearcacht agus lena léiriú don phobal cén cur chuige atá ag Roinn na Gaeltachta i leith cheist na pleanála sa Ghaeltacht,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh le Tuairisc.ie.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie cheana go gcuirfí aighneacht oifigiúil faoi bhráid na Roinne Tithíochta amach anseo nuair a bheadh tús curtha ag an Roinn sin le próiseas comhairliúcháin phoiblí faoi chúrsaí pleanála.

Tá brú níos mó ar Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta cur chuige níos láidre a bheith acu ó thaobh chosaint na Gaeilge sa chóras pleanála sa Ghaeltacht i bhfianaise roinnt cásanna atá i mbéal an phobail le tamall.

Tá cuid de mhuintir na Gaeltachta i Ráth Chairn agus sa Rinn go mór i gcoinne cead pleanála a thabhairt d’fhorbairtí tithíochta sna ceantair sin agus imní ann faoin tionchar a bheadh acu ar an nGaeilge.

I gCiarraí, tá an grúpa ‘Todhchaí na Tuaithe’ bunaithe chun aird a tharraingt ar chúrsaí cead pleanála sa Ghaeltacht agus faoin tuath ar fad.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil gá le “gníomh dearfach eisceachtúil” le cosaint a thabhairt don Ghaeltacht sa chóras pleanála.

Sheol Conradh na Gaeilge polasaí nua i dtaobh na pleanála sa Ghaeltacht an mhí seo caite agus i measc na moltaí atá ann, moltar gur ar Údarás na Gaeltachta a bheadh cúram na pleanála sa Ghaeltacht feasta.

Tá moltaí an Chonartha pléite acu leis an Aire Tithíochta, Darragh O’Brien, agus táthar ag súil cruinniú eile a bheith acu leis an mhí seo.

Tá sé tugtha le fios ag an Aire cheana, áfach, nach gceapann sé go bhfuil gá leis an gcóras pleanála atá i bhfeidhm faoi láthair a athrú.

Fág freagra ar 'Ba cheart tuairimí Roinn na Gaeltachta faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a fhoilsiú ar mhaithe le trédhearcacht – Ó Snodaigh'