Ba cheart go dtuigfeadh daoine go maith sa tír seo gur chóir caitheamh go sibhialta le deoraithe isteach

Is léir go bhfuil buíon bheag antoisceach ag iarraidh faitíos agus fuath a scaipeadh ionas go dtabharfar doras an doichill don ‘eile’

Ba cheart go dtuigfeadh daoine go maith sa tír seo gur chóir caitheamh go sibhialta le deoraithe isteach

An bhfuil dearmad glan déanta in Éirinn an tsaibhris ar na laethanta nuair a d’imíodh fir ar eisimirce? Fir, ina sluaite; ní teaghlaigh. Imircigh eacnamaíochta a bhí ag teitheadh ón mbochtanas agus ag seoladh cúpla punt abhaile chun an dé a choinneáil ina muintir.

Bhí siad i gcruachás ach níor theifigh iad a bhí ag éalú ó chontúirt go marófaí iad. Is fíor go raibh orthu déileáil le coimhthíos amanta; is iomaí scéal faoi ‘no Irish, no blacks’ ach d’airigh a bhformhór sábháilte, compordach fiú má d’fhulaing siad cruatan, uaigneas agus drochlóistín go minic. Ní hionann agus an lucht iarrtha tearmann atá faoi ionsaí ar shráideanna na hÉireann nó arb iad picéid agus bacainní bóthair an fháilte a chuirtear rompu faoin tuath.

Cé as a dtáinig an coimhthíos le ‘grúpa fear’? An leithscéal é chun an ‘eile’ a bhrú amach? Conas is féidir a rá nach bhfuil áitreabh feiliúnach d’fhir ach go mbeadh fáilte roimh theaghlaigh? Ní gá go bhfuil sé fíor faoi gach duine a cheistíonn lonnú na dteifeach ina measc ach bhí blas áirid ón tús ar an idirdhealú idir mhuintir na hÚcráine agus daoine ón tSiria, an tSúdáin nó ó thíortha eile san Afraic. “Tá siad níos cosúla linn féin” a chualathas á rá faoi dhídeanaithe ón Úcráin. Níor luadh dath craicinn, eitneacht, reiligiún ná cultúr ach tá fadhb an chiníochais ag dul in olcas.

Nuair a bhí mise i mo pháiste d’imíodh fir an bhaile agus fir ó bhailte máguaird ina sluaite ar lorg oibre sa Bhreatain Mhór. Obair shéasúrach den chuid is mó. D’fhanadh an teaghlach sa bhaile, thiocfadh na fir phósta abhaile le haghaidh na Nollag agus chun obair an earraigh a dhéanamh ar fheilmeacha beaga. Ansin d’imídís arís.

Ní nach ionadh ba mhian leis na deoraithe sin fanacht le chéile, a bheith ag obair i bhfochair a chéile agus bualadh le hÉireannaigh eile ar a nós féin oíche Dé Sathairn. Cuid den bhéaloideas iad na cuntais ar dheichniúr nó níos mó a bhíodh ag obair agus ag cur fúthu in aon cheantar amháin.

Strainséirí ab ea iad. Grúpa mór i measc mhuintir na háite. Le himeacht ama mheasc siad leis an bpobal áitiúil; gan dabht shaibhrigh siad an tsochaí a ghlac leo mar a neartaigh siad a muintir ag baile leis an ioncam a saothraíodh go daor.

Le himeacht na seascaidí is ag obair ar thógáil idir bhóithre agus fhoirgnimh a bhídís agus athraíodh an patrún. Ni raibh an ghlúin óg toilteanach maireachtáil scoite óna chéile agus d’imigh teaghlaigh go Sasana nó go hAlbain agus d’fhan siad ansin. Tá a rian soiléir ar bhánú na tuaithe agus ar na tithe saoire a bhíonn in úsáid sa samhradh agus ag an deireadh seachtaine.

Nár bhreá an rud é daoine nua a theacht le cur fúthu sna ceantair thréigthe sin. Is iomaí pobal tuaithe arb é a leas é fáilte a chur roimh inimircigh, dídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn eile. Tá fianaise ann cheana sna ceantair ina bhfuil teifigh seanbhunaithe go saibhríonn an t-imeascadh an tsochaí ó thaobh oideachais, spóirt agus caitheamh aimsire, gan trácht ar thuiscint níos fearr ar ghnóthaí idirnáisiúnta.

Dúshlán mór é don státchóras an líon mór daoine atá ag iarraidh dídine, go háirithe nuair atá ganntanas tithíochta ann. Mar sin féin chaithfeadh sé gur léir do pholaiteoirí gur gá ceannaireacht a thaispeáint. Tá freagracht mhorálta agus dualgas reachtúil faoin dlí idirnáisiúnta orainn, ní áirím gur cheart go dtuigfeadh daoine go maith sa tír seo gur chóir caitheamh go sibhialta le deoraithe isteach.

Is léir go bhfuil buíon bheag antoisceach ag iarraidh faitíos agus fuath a scaipeadh ionas go dtabharfar doras an doichill don ‘eile’.

Ní mór do pholaiteoirí a chinntiú nach í a dteachtaireacht siúd a gheobhaidh cluas le héisteacht.

Ba shuarach an mhaise é do pholaiteoir ar bith géilleadh d’argóintí gan bhunús agus an daonnacht a threascairt ar mhaithe le tacaíocht na dtoghthóirí a chaomhnú. Ceannairí ata de dhíth anois, ní deisceabail lucht an doichill.

Fág freagra ar 'Ba cheart go dtuigfeadh daoine go maith sa tír seo gur chóir caitheamh go sibhialta le deoraithe isteach'

  • Carraig53@protonmail.com

    Ar fheabhas.

  • Trevor

    Sách ráite!