Ba cheart bunús eolaíoch a bheith le leasuithe ar chóras na díolúine, ní ‘tacaíocht an phobail’ –Ó Duibhir

Tá achainí eile déanta ag an Ollamh Pádraig Ó Duibhir go bhfoilseofaí láithreach an tuarascáil chomhairliúcháin a bhaineann leis na leasuithe ar an ndiolúine ón nGaeilge

Ba cheart bunús eolaíoch a bheith le leasuithe ar chóras na díolúine, ní ‘tacaíocht an phobail’ –Ó Duibhir

Tá ráite ag an saineolaí oideachais an tOllamh Pádraig Ó Duibhir go bhfuil dualgas ar an Roinn Oideachais a léiriú go bhfuil “bunús oideachasúil, eolaíoch” leis an gcóras nua díolúintí atá le tabhairt isteach acu agus nach bhfuil sé “maith go leor” a rá go bhfuil an córas sin ag teacht le tuairimí an phobail.

Dúirt Ó Duibhir nach bhfuil cruthaithe go dtí seo ag an Roinn go bhfuil bunús eolaíoch leis na leasuithe atá molta ar chóras na diolúine don Ghaeilge agus gur cheart dá réir an tuarascáil faoin gcinneadh a fhoilsiú sular seolfar na ciorcláin nua i dtaobh an chórais amach go dtí na scoileanna.

Tá conspóid faoi na leasuithe a d’fhógair an tAire Oidechais, Joe McHugh, le déanaí ar chóras dhíolúine na Gaeilge, leasuithe atá le cur i bhfeidhm an mhí seo chugainn.

Deir saineolaithe áirithe  gur a thuilleadh díolúintí a bheidh mar thoradh ar na leasuithe.

Mar fhreagra ar an gcáineadh atá déanta ar an gcóras nua, dúirt an Roinn Oideachais le Tuairisc.ie go bhfuil ag teacht cuid mhór” lena raibh le rá ag an mbreis is 11,000 duine a d’fhreagair suirbhé na Roinne faoin díolúine.

Dúirt an tOllamh Ó Duibhir, a chreideann go raibh an suirbhé sin claonta i dtreo mholtaí na Roinne, le Tuairisc.ie gur dóigh leis nach bhfuil sé “maith go leor” a rá gur thacaigh formhór na ndaoine a ghlac páirt sa chomhairliúchán leis na hathruithe. “Bunús oideachasúil, eolaíoch” a theastaigh don athrú, a dúirt sé.

Toisc nach bhfuil an tuarascáil chomhairliúcháin feicthe ag an bpobal go fóill, deir an tOllamh Ó Duibhir nach fios an ndearnadh athbhreithniú ar bhonn oideachasúil agus eolaíoch ar an gcóras mar a bhí. Ní léir ach oiread, a dúirt sé, ar scrúdaíodh cén réiteach ab fhearr a bhí ann do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Tá achainí déanta arís ag an Ollamh Ó Duibhir, leas-dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ar an Roinn Oideachais an tuarascáil a fhoilsiú an tseachtain seo sula rachaidh na treoracha nua amach go dtí na scoileanna.

Tá ráite ag an Roinn Oideachais go bhfoilseofar an tuarascáil a d’eascair as an phróiseas chomhairliúchán a reáchtáil an Roinn Oideachais faoi chóras na ndíolúintí sa chéad dá sheachtain den mhí seo chugainn. 

Cuirfear na ciorcláin agus na treoirlínte nua maidir le díolúine na Gaeilge amach chuig na scoileanna ag an am céanna. 

Maíonn an Roinn Oideachais gur rud “annamh” agus “eisceachtúil” a bheidh feasta i ndíolúine ó staidéar na Gaeilge de bharr na n-athruithe ar an chóras. Ach teastaíonn ‘cruinnmhíniú’ ó oifigigh na Roinne ar a bhfuil i gceist acu le ‘annamh’ agus ‘eisceachtúil, dar leis an Olamh Ó Duibhir.

Dar le Ó Duibhir agus a chomhghleacaithe in SEALBHÚ, Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge, a chuir aighneacht isteach mar chuid den phróiseas comhairliúchán, go mbeadh gá le díolúine ó staidéar na Gaeilge i gcásanna annamh agus eisceachtúla, rud a tharlódh i gcás 2% nó 3% de dhaltaí ardteiste, dar leo.

8-9% de dhaltaí a bhí ag fáil díolúine faoin gcóras atá á leasú ag an Roinn, ach measann Ó Duibhir agus na saineolaithe eile go dtiocfaidh ardú ar an bhfigiúr sin faoin gcóras nua.”

Fág freagra ar 'Ba cheart bunús eolaíoch a bheith le leasuithe ar chóras na díolúine, ní ‘tacaíocht an phobail’ –Ó Duibhir'

  • Mairéad

    Tá ag teip ar na scoileanna an Ghaeilge a mhúineadh go 90 % des na daltaí. Ní mór an dochar a dhéanann an teip sin dos na foghlaimeoirí agus don teanga fhéin a fhiosrú go heolaíoch.

  • Daor Mac an tSaoir

    Tá sé feicthe againn arís is arís eile gur cuma le Rionn an Oideachais faoin eolaíocht agus faoin rud is ceart don dalta. Ní fhaca mé ariamh go ndearna siad aon rud i gceart. Ní fhéadfaí dream ní ba mheasa a bheith ann. Lobhtha go smior na gcnámh