Athrú poirt ag RTÉ 2fm faoi chlár lán-Gaeilge a chur amach den chéad uair

Thug ceannasaí an stáisiúin, Dan Healy, le fios do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist ag RTÉ 2fm fanacht leis an múnla dátheangach ar Clár na gCairteacha agus nach mbeidh sé á chur i láthair i nGaeilge amháin mar a fógraíodh

Blathnaid Treacy
Bláthnaid Treacy

Níl sé i gceist ag RTÉ 2fm clár lán-Ghaeilge a chraoladh den chéad uair i stair an stáisiúin mar a bhí beartaithe.

Fógraíodh i mí Feabhra go mbeadh Clár na gCairteacha ar RTÉ 2fm, clár a chuireann Bláthnaid Treacy i láthair, á chur i láthair go huile agus go hiomlán trí mheán na Gaeilge ach tá an plean sin caite i dtraipisí anois ag lucht bainistíochta an stáisiúin.

Thug ceannasaí RTÉ 2fm, Dan Healy, le fios do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist ag an stáisiúin cloí leis an múnla dátheangach atá ar an gclár faoi láthair.

Fógraíodh i mí Feabhra na bliana seo go mbeadh an clár á chur i láthair “go hiomlán trí Ghaeilge” ó mhí Aibreáin ar aghaidh agus gurbh í seo an chéad uair go mbeadh clár dá leithéid á chraoladh ar 2fm.

Cuireadh tús leis an gclár ar bhonn dátheangach agus é beartaithe go mbeadh an clár i nGaeilge ar fad de réir a chéile, ach dúirt an ceannasaí  “go bhfuil an cur chuige dátheangach imithe chomh mór sin i bhfeidhm ar an lucht éisteachta” go bhfuil sé i gceist anois an cur chuige sin a bheith buan sa sceideal.

29/8/2013 New Season on RTE Radio 1 Launch. Pictured at the launch of the new season on RTE Radio 1 is Dan Healy, Head of RTE 2fm, today at Radio Building. Photo Mark Stedman/RollingNews.ie
Dan Healy, Ceannasaí 2fm. Pictiúr:Mark Stedman/RollingNews.ie

“Tá muid thar a bheith sásta agus thar a bheith bródúil a bheith ag cur leis an méid Gaeilge ar RTÉ 2fm, stáisiún gur beag Gaeilge a bhí le cloisteáil air go dtí le gairid.

“Idir chlár Bhláthnaid agus cur chuige dátheangach Eoghan McDermott chuile lá, chomh maith le bheith ag seinm amhráin Ghaeilge ón albam Ceol, tá muid ag cur na Gaeilge chun cinn go láidir i sceideal an stáisiúin,” a dúirt Healy le Tuairisc.ie.

Agus é fós ar intinn ag lucht bainistíochta an stáisiúin go mbeadh an clár á chraoladh i nGaeilge amháin de réir a chéile, dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, le Tuairisc.ie i mí Feabhra go ndearnadh an cinneadh tús a chur leis an gclár go dátheangach le go dtiocfadh na héisteoirí i dtaithí ar na hathruithe.

Cuireann Bláthnaid Treacy an clár teilifíse Two Tube i láthair ar sheirbhís teilifíse RTÉ chomh maith le Clár na gCairteacha. Tháinig sí chun cinn ar an teilifís ar dtús nuair a chuir sí an clár Ó Tholg go Tolg i láthair ar TG4 sa bhliain 2012.