Athrú atá ag teastáil ó Chiarraí, easpa muiníne Mhaigh Eo agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Chomh maith le cluiche leathcheannais na hÉireann idir Maigh Eo agus Ciarraí, imríodh cluichí leathcheannais i gcraobh iomána Faoi-21 na hÉireann agus cluichí ceathrú ceannais i gcraobh pheile na mban

Athrú atá ag teastáil ó Chiarraí, easpa muiníne Mhaigh Eo agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Athrú ag teastáil sa chosaint ó Fitzmaurice

Cé nár lig Ciarraí cúl ar bith isteach in aghaidh Chorcaí ná in aghaidh na Gaillimhe, ba léir go raibh deacrachtaí acu sa líne lánchúil agus bhain Maigh Eo leas as sin inné. D’aimsigh a líne lántosach 1-9 ón imirt agus bhí an ceann is fearr á fháil ag Jason Doherty, Cillian O’Connor agus Andy Moran ar a gcéilí comhraic ar feadh an 70 nóiméad. Tá cúpla rogha ag Fitzmaurice má mian leis rudaí a athrú an Satharn seo chugainn.

Thaispeáin Fitzmaurice nach bhfuil aon imreoir slán nuair a d’fhág sé Marc Ó Sé ar an mbinse don chluiche athimeartha in 2014 agus seans go mbeidh athruithe le déanamh arís aige. Baineadh Mark Griffin den pháirc ag leath ama ach ba é Jonathan Lyne a tháinig isteach seachas fear a d’imreodh sa líne lánchúil.

Má tá imreoir a bhfuil taithí aige ar an gcuid sin den pháirc ag teastáil ó Fitzmaurice an chéad lá eile, tá siad aige. Bhí Fionn Fitzgerald i measc na n-ionadaithe inné, agus ba dhíol suntais nár tugadh isteach é agus fir eile ag streachailt ar an bpáirc. Bhí Tom O’Sullivan ar an mbinse chomh maith ach is cinneadh ollmhór a bheadh ann fear an Daingin a chaitheamh isteach dá chéad chluiche craoibhe i ngeansaí na sinsear. Léirigh Ronan Shanahan agus Brian Ó Beaglaoich a gcumas mar chosantóirí i rith na sraithe agus tá an bheirt acu fós ar phainéal an chontae chom maith.

Lena gceart a thabhairt do na Ciarraígh a bhí sa líne lánchúil inné, ní raibh siad ag fáil mórán cúnaimh agus leis an laige sin a leigheas d’fhéadfadh Fitzmaurice tuilleadh imreoirí a thabhairt siar sa chosaint, mar a rinne sé i gcluiche ceannais na hÉireann 2014.

Déarfá go mbeadh duine mar Paul Murphy ar a chompord mar chosantóir le cois. Bhí Murphy gafa le Lee Keegan i bPáirc an Chrócaigh inné agus má tharlaíonn sé sin arís, d’fhéadfadh Tadhg Morley titim siar os comhair na líne lánchúil.

D’éirigh le teaicticí Fitzmaurice sa chluiche ceannais sin ach bhí trí seachtaine aige chun iad a chur i bhfeidhm agus níl aige anois ach sé lá.

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Teipthe arís ar Mhaigh Eo deis a thapú

Ba chun leasa Mhaigh Eo a rachadh sé dá ndíreoidís níos mó ar a gcuid láidreachtaí féin seachas ar bhuanna an fhreasúra. Aon uair a chuireann siad teaictic nua i bhfeidhm, is chun an fhoireann eile a stopadh a bhíonn siad seachas chun cur lena gcuid imeartha féin.

Sin a tharlaíonn nuair a chuirtear Kevin McLoughlin, ceann de na tosaithe is fearr atá acu, siar ag imirt mar chosantóir le cois. Sin a tharlaíonn nuair a fhágtar Lee Keegan agus Keith Higgins thiar sa líne lánchúil cé gurb iad is mó atá in ann spreagadh beag a chur in imirt Mhaigh Eo. Agus tharla sé arís inné nuair a cuireadh Aidan O’Shea siar ag marcáil Kieran Donaghy.

Bhí ciall éigin le O’Shea a athrú agus níor cheart Stephen Rochford a cháineadh go hiomlán as ucht é a thriail ach bhí cúpla rud soiléir i ndiaidh an chéad 20 nóiméad. Bhí an ceann is fearr á fháil ag Donaghy ar O’Shea agus bhí scrios á dhéanamh ag tosaithe Mhaigh Eo ar líne lánchúil Chiarraí.

Dá mbeadh an mhuinín ag Rochford a phlean a scriosadh agus O’Shea a chuir i measc na dtosaithe arís, is cinnte go mbeadh tionchar níos mó ag O’Shea ar an imirt agus is cinnte go mbeadh cúpla scór eile aimsithe nó cruthaithe aige. I gcluiche a bhí chomh dian agus a bhí ceann an lae inné, d’fhéadfadh sin a bheith cinniúnach.

Fiú má thuigeann Rochford é sin anois agus má chuireann sé O’Shea ar imeall na cearnóige an Satharn seo, déarfadh duine go mbeidh Ciarraí níos ullmhaithe dó. Tá deis eile caillte ag Maigh Eo.

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Deis ar dhíoltas ag iománaithe Luimnigh tar éis trí bliana

Bhain Cill Chainnigh agus Luimneach áit amach i gcluiche ceannais iomána Faoi-21 na hÉireann ag an deireadh seachtaine, rud a fhágann gur athimirt a bheidh ann do chluiche ceannais na mionúr 2014.

Trí bliana ó shin, ba iad Luimneach a bhí mar rogha láidir na coitiantachta roimh an gcluiche, ach ba iad na Cait a bhí chun cinn ag a dheireadh. Beidh aithne ag na foirne sin ar a chéile mar tá go leor imreoirí ón dá fhoireann imithe ar aghaidh chuig an ngrád Faoi-21. Bhí trí dhuine dhéag a d’imir sa chluiche mionúir sin ar fhoireann Luimnigh a bhuaigh ar Ghaillimh Dé Sathairn. Aon duine dhéag ó fhoireann bhuacach mhionúir 2014 a d’imir do Chill Chainnigh sa ghreadadh a bhuail siad ar Dhoire i nDurlas Dé Sathairn.

Ba é John Walsh laoch Chill Chainnigh in 2014 agus 2-5 aimsithe aige ón imirt ach ní raibh sé ach i measc na n-ionadaithe d’fhoireann Faoi-21 Eddie Brennan ag an deireadh seachtaine, cé gur tháinig sé isteach chun trí phointe a aimsiú.

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Níl rás mhná Chorcaí rite go fóill, ná baol air

Cé gur thug siad leo an tsraith náisiúnta don chúigiú huair as a chéile san earrach, ní raibh séasúr réidh ag foireann peile na mban Chorcaí in 2017.

Ag tús na bliana, bhí amhras ann an mbeadh cuid de laochra na foirne ar fáil agus an cinneadh déanta ar deireadh ag Rena Buckley agus Briege Corkery seasamh siar ón fhoireann peile. Bhí an chuma ar Chorcaigh gur bhraith siad an bheirt sin uathu i bhfeachtas na Mumhan nuair a chaill siad cluichí in aghaidh Chiarraí agus Phort Láirge.

Más deacair é a chreidiúint féin agus aon chraobh na hÉireann déag buaite acu le 12 bliain anuas, bhí an baol ann tamall go bhfaigheadh Corcaigh ísliú céime, go dtí go bhfuair siad an ceann is fearr ar Mhuineachán ag tús na míosa seo.

Mar gheall air sin uile, bhí amhras fúthu agus iad ag tabhairt aghaidh ar an mbabhta ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo, cluiche ina raibh siad i gcoinne churaidh Chonnacht, Gaillimh.

Chun rudaí a dhéanamh níos measa, bhí imreoir na bliana 2016, Bríd Stack, gortaithe. Ní raibh aon chall imní do lucht leanúna Chorcaí, áfach, mar níor thóg sé i bhfad ar fhoireann Ephie Fitzgerald a seanmhianach a léiriú arís.

Bhí Corcaigh 0-7 in aghaidh 1-1 chun deiridh i lár an chéad leatha ach rinne siad slad ar Ghaillimh roimh leath ama agus ina dhiaidh. Bhí 3-11 aimsithe ag na Muimhnigh sula bhfuair Gaillimh scór ar bith eile. Ceithre phointe agus fiche a bhí idir na foirne ag an deireadh, 6-19 in aghaidh 1-10, agus Corcaigh ar mhuin na muice arís.

Fág freagra ar 'Athrú atá ag teastáil ó Chiarraí, easpa muiníne Mhaigh Eo agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine'