Athimirt El Cois Fharraigó le craoladh beo

Craolfar athimirt chluiche ceannais idirmheánach na Gaillimhe idir foirne Chonamara, An Spidéal agus Micheál Breathnach, ar leathanach Youtube Spórt TG4

Athimirt El Cois Fharraigó le craoladh beo

Imreoir Mhicheál Breathnach, Seán Denvir. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá sé fógartha ag TG4 go bhfuil siad chun beochraoladh a dhéanamh ar athimirt chluiche ceannais idirmheánach na Gaillimhe idir An Spidéal agus Micheál Breathnach.

Is ar leathanach Youtube Spórt TG4 a bheidh an cluiche le feiceáil ó 1.00pm tráthnóna Dé Domhnaigh.

Chríochnaigh an chéad chluiche idir comharsana Chois Fharraige ar comhscór i Staid an Phiarsaigh an deireadh seachtaine seo caite, nuair a d’aimsigh Micheál Breathnach dhá chúilín sna sé nóiméad deireanach chun a chinntiú go mbeadh lá eile ag an bPaorach.

Bhí slua mór i láthair i Staid an Phiarsaigh don chéad chluiche agus beidh súil le slua níos mó fós Dé Domhnaigh agus cluiche ceannais chraobh shinsir na Gaillimhe idir Cora Finne agus an Creagán/Maigh Locha á imirt i ndiaidh an chluiche idirmheánaigh.

Beidh dhá chluiche ceannais eile á gcraoladh ar TG4 an deireadh seachtaine fada seo. Beidh na ceamaraí i láthair i bPáirc Uí Nualláin Dé Domhnaigh do chluiche ceannais chraobh shinsir iomána Chill Chainnigh idir Droichead Binéid agus Seamróga Bhaile Héil ag 3.00pm.

Déanfar craoladh freisin ar chluiche ceannais chraobh shinsir peile Bhaile Átha Cliath tráthnóna Dé Luain nuair a chasfaidh Crócaigh Chill Mochuda agus Naomh Jude ar a chéile ag 5.00pm.

Fág freagra ar 'Athimirt El Cois Fharraigó le craoladh beo'