Athchóiriú le déanamh ar dhíon Áras na nGael i nGaillimh agus Teach na Cúirte sa Daingean

Ceadaíodh os cionn €4 milliún do thograí athchóirithe agus cothabhála ar fhoirgnimh stairiúla ar fud na tíre

Athchóiriú le déanamh ar dhíon Áras na nGael i nGaillimh agus Teach na Cúirte sa Daingean

Tá €170,000 ceadaithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta faoin scéim Ciste na Struchtúr Stairiúil le hobair chaomhnaithe a dhéanamh ar dhíon Áras na nGael i gcathair na Gaillimhe. Tá €115,000 ceadaithe faoin scéim chéanna le hathchóiriú a dhéanamh ar dhíon Theach na Cúirte sa Daingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne freisin.

Tógadh an teach a bhfuil Áras na nGael ar Shráid Dhoiminic, príomhionad Gaeilge na cathrach, le linn ré Sheoirse Rí Shasana, san 18ú haois. Rinneadh athchóiriú ar an bhfoirgneamh le cúpla bliain anuas agus athosclaíodh an t-ionad Gaeilge an samhradh seo caite agus bainisteoir nua, Mícheál Mac Aoidh, i bhfeighil an tí.

Tithe cónaithe a bhí sa tsraith tithe ar Shráid Dhoiminic nuair a tógadh an chéad lá iad agus ba leis an mBantiarna Gregory uimhir a 45, mar a bhfuil Áras na nGael sa lá atá inniu ann, tráth den saol. Cheannaigh an eagraíocht Gael-Fhorbairt na Gaillimhe an teach i 1938 agus rinneadh ionad Gaeilge de. Is cuid de Chonradh na Gaeilge é Gael-Fhorbairt na Gaillimhe anois.

Bíonn imeachtaí agus ócáidí Gaeilge ar siúl san Áras go rialta agus tá teach tábhairne ar chúl an tí, Club Áras na nGael, a bhfuil an Ghaeilge mar theanga oibre ann. Níl aon cheangal oifigiúil ag Áras na nGael leis an gclub, áfach.

Tá stiúideo raidió in uachtar an tí, chomh maith, a bhíonn in úsáid ag Raidió Rí Rá ó am go chéile. Bíonn ranganna Gaeilge, ceardlanna damhsa agus amhránaíochta, agus ranganna eile a bhaineann leis an gcultúr Gaelach ar siúl do mhuintir na cathrach san ionad freisin.

Tá obair chothabhála le déanamh ar dhíon Theach na Cúirte sa Daingean chomh maith, foirgneamh atá fós ag feidhmiú mar theach cúirte sa bhaile Gaeltachta. Tá €115,000 ceadaithe ag an Roinn Oidhreachta leis an obair sin a dhéanamh agus leis na draeinphíobáin a réiteach.

Agus na deontais á bhfógairt, dúirt an Roinn Oidhreachta gur “cuid ríthábhachtach” d’oidhreacht náisiúnta na hÉireann í an “oidhreacht thógtha uathúil” atá ag an tír agus go bhfuil an obair athchóirithe atá beartaithe do 40 foirgneamh ar fud na tíre faoin scéim tábhachtach “ionas go mbeidh siad mar chuid bheo dár stair is do shaol an phobail amach anseo”.

Cheadaigh an tAire Oidhreachta James Browne €4.42 milliún ar fad do na 40 foirgneamh faoin scéim i mbliana. I measc na n-áiteanna eile a bheidh á n-athchóiriú tá Amharclann an Ambassador i mBaile Átha Cliath agus an Wonderful Barn i Léim an Bhradáin i gcontae Chill Dara.

Dúirt an tAire Browne go gcabhróidh an maoiniú seo ní hamháin le caomhnú na bhfoirgneamh atá i gceist agus le caomhnú na scileanna traidisiúnta ceardaíochta atá ag teastáil leis an obair chothabhála a dhéanamh. Dúirt sé gur ar leas “conraitheoirí oidhreachta agus ceardaithe eile ar fud na tíre” atá an maoiniú á chaitheamh chomh maith le caomhnú na hoidhreachta tógtha.

Fág freagra ar 'Athchóiriú le déanamh ar dhíon Áras na nGael i nGaillimh agus Teach na Cúirte sa Daingean'