Athchóiriú an chórais sláinte ag brath ar mhisneach na bpolaiteoirí

Foilseoidh Roinn Sláinte an Tuaiscirt pleananna go gairid i dtaca le línte feithimh agus le cóir leighis d’othair ailse

Athchóiriú an chórais sláinte ag brath ar mhisneach na bpolaiteoirí

Ba mhór an faoiseamh é an scaoileadh ar shrianta Covid-19 a d’fhógair Stormont Déardaoin. Bhí líon na gcásanna den aicíd ag méadú de bheagán le seachtain agus ceapadh dá réir sin nár mhór don phobal a bheith ríchúramach. Mar sin féin chinn na húdaráis sláinte agus an Feidhmeannas in Stormont go mbeadh sé sábháilte tús a chur le scaoileadh na dtéad faoi cheann seachtaine.

De réir mar a bhí brú na paindéime ar na hospidéil ag maolú bhí aird an Aire Sláinte, Robin Swann, ag iompú chuig na fadhbanna seanbhunaithe sa tseirbhís. Fiú má bhíonn an dea-thoradh a bhí ar an dianghlasáil agus ar an scéim vacsaínithe buan beidh cúrsa corrach le ceansú ag an Aire Swann agus an Roinn Sláinte.

Cé go bhfuil ardmheas ar an NHS, an tseirbhís sláinte phoiblí, bhí drochbhail uirthi le blianta.

Fuaireamar léiriú ar ghéire na héigeandála sa chóras nuair a thit Stormont in 2017. An uair sin, bhí páirtithe a bhíodh in adharca a chéile go hiondúil ar fad aontaithe nach raibh an dara rogha acu ach moltaí athchóirithe a chur i bhfeidhm faoi phráinn.

Ghlacadar uilig le tuarascáil ón Ollamh Rafael Bengoa a rinne athbhreithniú ar an tseirbhís.

Leag seisean scéim atheagair 10 mbliana amach chun moill agus línte feithimh a cheartú, scothsheirbhís a sholáthar agus luach maith a fháil ar airgead poiblí don saoránach.

Is in olcas a bhí cúrsaí imithe faoin am ar fhill na polaiteoirí ar Stormont i mí Eanáir anuraidh, trí bliana d’amchlár Bengoa curtha amú. Tugadh tosaíocht do chúrsaí sláinte sa mhargadh athbhunaithe Ré Nua, Cur Chuige Nua.

Tháinig an phaindéim salach ar an obair sin chomh maith le mórán spriocanna eile ach Dé Máirt seo caite thug Robin Swann léargas do na Teachtaí Tionóil ar an mbail atá ar an tseirbhís i ndiaidh bhliain na paindéime.

Ba scanrúil an scéal é. Bhí liostaí feithimh imithe ó smacht roimh Covid-19 ach dúirt an tAire go bhfuil siad ag méadú go seasta.

Tá siad chomh holc anois go bhféadfadh sé deich mbliana a thógáil chun iad a ghlanadh, ar sé.

Tá os cionn 300,000 othar ag fanacht leis an gcéad chomhairliúchán le speisialtóir. Tá ganntanas foirne ag gach leibhéal sa tseirbhís, folúntais gan líonadh le fada, postanna 3,000 altra san áireamh.

Sa mullach ar na fadhbanna sin, dúirt an tAire Swann gur constaic mhór i mbealach an athchóirithe é gur ó bhliain go bliain a shocraítear an buiséad. Níl buiséad bliantúil oiriúnach don fheidhm, ar sé, laincis is ea é ar an saothar in aghaidh na línte feithimh.

Theastódh buiséad ilbhliantúil chun a chinntiú go bhféadfaí go leor de na leasuithe riachtanacha a dhéanamh, dar le Swann. Ní éileamh nua é seo ag airí sláinte agus moladh é sa cháipéis Ré Nua, Cur Chuige Nua anuraidh. Dúshlán mór é na mílte folúntas sa tseirbhís a líonadh. ‘Conas is féidir daoine a fhostú?’ a d’fhiafraigh an tAire Swann ‘mura bhfuiltear cinnte go mbeidh maoiniú ar fáil i gceann bliana chun tuarastail a íoc?’

D’fhiafraigh sé freisin conas a d’fhéadfaí daoine óga a earcú le haghaidh oiliúna mura mbeadh a fhios go mbeadh maoiniú ar fáil chun a gcuid traenála a chríochnú. Obair fhadtéarmach atá riachtanach agus tá buiséad pleanáilte thar thréimhse 3-5 bliana de dhíth chuige sin.

Dúirt Swann leis an Tionól nach mbeadh sé ar a chumas an saothar a dhéanamh ina aonar. Beidh tacaíocht riachtanach ó na Teachtaí agus ó na hAirí eile sa bhFeidhmeannas, a dúirt sé. Foilseoidh an Roinn Sláinte pleananna go gairid i dtaca le línte feithimh agus le cóir leighis d’othair atá buailte ag an ailse. D’admhaigh an tAire go raibh gach roinn sa tóir ar sciar den bhuiséad ach ba í a theachtaireacht nach tráth faillí é i gcúrsaí sláinte.

Chífear nuair a fhoilseofar na pleananna an meallfaidh siad tacaíocht ilpháirtí. Cibé rud faoi roinnt an chiste beidh misneach riachtanach ó na páirtithe ar fad mar beidh stracadh idir áitiúil agus réigiúnach i gceist. Is cosúil go mbeidh na pleananna bunaithe go garbh ar mholtaí Bengoa. Ba é athbhreithniú Bengoa an seachtú fiosrú ar an tseirbhís sláinte le scór bliain. Mhol gach ceann acu atheagar ach ba í tuarascáil Bengoa 2016 an t-aon cheann a fuair tacaíocht na bpáirtithe go léir.

Seans gur feachtas aontaithe ilpháirtí an t-aon bhealach chun an plean a chur i gcrích mar moltar ospidéil bheaga áirithe a dhruidim agus seirbhísí a lárú in ospidéil mhóra, ionaid barr-feabhais. Ag druidim le toghchán Tionóil in 2022 cén seans a bheidh ag na moltaí sin mura mbíonn gach páirtí ina bhfabhar? De bharr na paindéime agus de bharr na pairilise in Stormont a mhair trí bliana, tá bail níos measa ar an tSeirbhís Sláinte anois ná mar a bhí in 2016.

Ní údar mór iontais a bheadh ann dá ligfeadh páirtí nó páirtithe don tóir ar vótaí dóibh féin a theacht salach ar athchóiriú na seirbhíse sláinte. Sí an tóir ar vótaí cloch choirnéil a ngnó. Botún a bheadh ann. Fiú dá mbeadh rath ar an tóraíocht sa ngearrthéarma b’fhéidir gur bua Piorrach a bheadh ann; seans go mbainfí an deasca astu lá is faide anonn as a gcúis leithleach féin a chur chun tosaigh ar tharrtháil na seirbhíse is bunúsaí ar fad, an tSeirbhís Sláinte.

Fág freagra ar 'Athchóiriú an chórais sláinte ag brath ar mhisneach na bpolaiteoirí'