Ardú i liúntas ‘mná tí’ na Gaeltachta curtha as an áireamh ag McHugh

Deir Aire Stáit na Gaeltachta nach mbeidh aon ardú ar an liúntas do mhná tí sa chéad Bhuiséad eile seo toisc gur ardaíodh an deontas anuraidh den chéad uair le fada

Ardú i liúntas ‘mná tí’ na Gaeltachta curtha as an áireamh ag McHugh

Tá ardú sa liúntas in aghaidh an scoláire a íoctar le mná tí na Gaeltachta curtha as an áireamh ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh.

Dúirt McHugh sa Dáil nach mbeadh aon ardú ar an liúntas do mhná tí sa chéad Bhuiséad eile seo toisc gur ardaíodh an deontas laethúil go dtí €10 anuraidh.

Ba é an t-ardú sin an chéad ardú le deich mbliana ar an liúntas in aghaidh an scoláire a íoctar le mná tí na Gaeltachta as lóistín a chur ar fáil do scoláirí na gcoláistí samhraidh.

Faoi Scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge íocann Roinn na Gaeltachta deontas laethúil €10 in aghaidh an scoláire le teaghlaigh atá aitheanta faoin scéim.

Tháinig ardú leanúnach ar an deontas seo idir 1997 agus 2007 agus ní raibh aon ghearradh i gceist go dtí 2010 nuair a gearradh siar an íocaíocht ó €10.50 go dtí €10.00 in aghaidh an lae do gach scoláire.

An bhliain dár gcionn, €9.50 in aghaidh an scoláire a bhí á íoc leis na mná tí agus is é an ráta céanna sin atá á íoc ó 2011 i leith. Ba é an ráta sin – €9.50 – a mhol an Bord Snip nua, a bunaíodh ag tús na géarchéime eacnamaíochta chun moltaí a dhéanamh maidir le ciorruithe ar chaiteachas stáit.

Ba é an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív a d’fhiafraigh den Aire  an raibh sé i gceist aige aon ardú a dhéanamh ar an deontas a íoctar leis na mná agus na fir tí a choinníonn scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

 

Fág freagra ar 'Ardú i liúntas ‘mná tí’ na Gaeltachta curtha as an áireamh ag McHugh'