Ardú 9% do Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2022

Breis is €10 milliún a fógraíodh do chiste na Gaeltachta agus TG4 i mBuiséad 2022, nó thart ar 5% den mhaoiniú breise atá á thabhairt don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Ardú 9% do Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2022

Ardú 9% a bheidh ar bhuiséad Roinn na Gaeltachta an bhliain seo chugainn.

€85.6 milliún a fógraíodh i mBuiséad 2022 do Roinn na Gaeltachta i gcomparáid le €78.6 milliún a bhí ag an Roinn i mbliana.

D’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath tráthnóna gur €6.3 milliún breise a bheidh ar fáil do chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta an bhliain seo chugainn.

Tá €3.3 milliún den mhaoiniú sin á chur ar fáil do scéimeanna teanga agus Gaeltachta.

€1.5 milliún breise atá á chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta. €800,000 breise atá á chur ar fáil don phróiseas pleanála teanga agus €700,000 breise atá á chur ar fáil don Fhoras Teanga, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.

€4.2 milliún breise a bheidh á chur ar fáil do TG4, rud a d’fhágfadh go mbeadh beagnach €45 milliún ag an stáisiún in 2022.

Fágann sin gur breis is €10 milliún a fógraíodh do chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus TG4, nó thart ar 5% den bhreis is €199 milliún breise a cuireadh ar leataobh don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Chaithfí, a dúirt na tAire, “tacaíocht bhreise” a chur ar fáil do na hearnálacha sin “chun bonn a chur faoina dtéarnamh”.

Agus Buiséad 2022 á fhógairt, dúirt an tAire gur buaileadh “buille ar leith” ar chúrsaí turasóireachta, cultúir, ealaíon, Gaeltachta, spóirt agus meán.

Pacáiste €106 milliún a fógraíodh do chúrsaí turasóireachta. €65.7 a fógraíodh do chúrsaí ealaíon agus cultúir. €11.3 breise atá á chur ar fáil don spórt agus €9.7 milliún breise atá le caitheamh ar na meáin, €4.2 milliún breise do TG4 agus €5.5 milliún do bhunú Choimisiún na Meán.

Fág freagra ar 'Ardú 9% do Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2022'

  • Donncha

    Cén uair a mbeidh toradh le feiceáil ar an méid airgid atá á chaitheamh ar phleanáil teanga?
    De réir mar fheicim shílfeá gur ag traenáil do na cluichí oilimpeacha atá pobal na Gaeltachta leis na comórtais reatha agus aclaíochta ar fad, seachas a bheith ag cothú an teanga.