Ardmholadh á thabhairt do rapálaí óg as an leas a bhaineann sé as an nGaeilge

Deirtear go bhfuil ag éirí le Fay’d, rapálaí óg as Tamhlacht, cló nua a chur ar rap na tíre seo trí nasc a dhéanamh idir an traidisiún agus buillí ceoil na haimsire seo

Ardmholadh á thabhairt do rapálaí óg as an leas a bhaineann sé as an nGaeilge

Tá ardmholadh á thabhairt do rapálaí óg as an leas a bhaineann sé as an nGaeilge ina shaothar chun “cló nua” a chur ar cheol rap na hÉireann.

Deir an iris cheoil Hot Press go bhfuil ag éirí le Fay’d, rapálaí as Tamhlacht nach bhfuil ach 19 bliain d’aois, brí nua a bhaint as rap na tíre seo trí nasc a dhéanamh idir an traidisiún agus buillí ceoil na haimsire seo agus idir an Ghaeilge agus an Béarla.

Agus léirmheas á dhéanamh acu ar an bport dátheangach is déanaí ó Fay’d, rap saorstíle atá curtha amach ar an ardán On the Map, deir siad gur ríléir a chumas mar rapálaí dátheangach den scoth. Deir lucht na hirise go bhfuil saothar an rapálaí ina léiriú ar an athrú cultúir atá ag tarlú in Éirinn.

“Leis an úsáid a bhaineann sé as an nGaeilge agus an tsuim a chuireann sé san éagsúlacht chultúir, tá ceol Fay’d mar a bheadh droichead idir an traidisiún agus an nuálaíocht,” a deirtear.

An samhradh seo caite, ghnóthaigh ‘An Spailpín Fánach’, port dátheangach a chum Fay’d agus é ag staidéar don Ardteist, os cionn leathmhilliún amharc ar TikTok. Chum sé an port mar chuid de mhargadh a rinne sé lena mhúinteoir chun go gcuirfeadh sí siar scrúdú faoin dán ‘An Spailpín Fánach’.

Fág freagra ar 'Ardmholadh á thabhairt do rapálaí óg as an leas a bhaineann sé as an nGaeilge'

  • Seán Mag Leannáin

    Ní díograiseoir Rap mé ach aithním go bhfuil meascán mearaí de chultúir éagsúla tagtha i dtreis sa tír le roinnt blianta anuas agus is maith an rud é go bhfuil an Ghaeilge i measc na gcomhábhar sa bpota i gcónaí.