Ard-Rúnaí nua ceaptha ar Roinn na Gaeltachta

Katherine Licken atá ceaptha mar chomharba ar Sheosamh Ó hÁghmaill sa phost is sinsearaí sa státseirbhís ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta

Ard-Rúnaí nua ceaptha ar Roinn na Gaeltachta

Is í Katherine Licken atá ceaptha mar chomharba ar Sheosamh Ó hÁghmaill mar Ard-Rúnaí ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Is é seo an post is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta sa státseirbhís.

Ba Rúnaí Cúnta sa Roinn Cumarsáide Licken agus le tamall de bhlianta anuas bhíodh sí ag plé leis an athrú aeráide, le cúrsaí teileachumarsáide agus le cúrsaí leathanbhanda i measc rudaí eile. Roimhe sin bhíodh sí ag plé le cúrsaí fuinnimh.

Is céimí de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í.

Thug sí seal chomh maith ina comhairleoir speisialta ag Frank Fahey nuair a bhí an t-iarTheachta Dála ó Ghaillimh Thiar mar Aire Mara.

San fhógra don fholúntas don phost mar Ard-Rúnaí dúradh nár ghá go mbeadh an duine a cheapfaí líofa sa Ghaeilge ach sa chás nach mbeadh Gaeilge líofa ag an duine sin go gcaithfeadh sé líofacht a bhaint amach “laistigh de thréimhse ama réasúnach”.

Tá ceist curtha ag Tuairisc.ie ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le deimhniú cé acu an bhfuil nó nach bhfuil Gaeilge líofa ag Katherine Licken.

Fág freagra ar 'Ard-Rúnaí nua ceaptha ar Roinn na Gaeltachta'

  • Fearn

    An bhfuil aon phost sa Státsheirbhís nach bhfuil curtha in áirithe do na Béarlóirí aonteangacha?