Format Factor
Sa chlár nua cúirtéireachta seo, beidh ar chailín singil amháin duine de chúigear fear a roghnú chun dul ar ‘date’ leis. Faraor, ní fheicfidh sí na buachaillí i gceart toisc go mbeidh boscaí cairtchláir ar a gcloigne acu!
Ach ní shin an t-aon chasadh sa scéal, ná baol air!
Beidh ar na fir ar fad ‘format’ a mholadh do chlár reality agus déanfaidh ár gcailín álainn a rogha bunaithe ar a áiféisí is atá ‘pitcheanna’ na mbuachaillí!
Agus tá casadh eile fós sa scéal! An duine a dhéanfaidh an ‘pitch’ is áiféisí, ní hamháin go mbeidh sé ag dul ar ‘date’ le cailín álainn, ach déanfaidh TG4 an clár atá á mholadh aige a chraoladh! An mbláthóidh an grá nuair a bhainfear ‘an cereal box’ de chloigeann an bhuateora? An ndíolfar an ‘format’ leis an Lichtinstéin? Seo chugainn Format Factor!
CurRACh ‘n Roll!
Seó talainne ceoil nua ina rachaidh scoth na gceoltóirí óga in iomaíocht le chéile agus iad ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na moltóirí anaithnide.
Ach ní hé sin an dúshlán is mó atá rompu!
Beidh ar na hiomaitheoirí ar fad a bpíosaí ceoil a chasadh fad is atá siad ag glacadh páirte i rás currachaí!
Níl ann ach CurRACh ‘n Roll!, ach is maith liom é!
BlaaTV!
Comfhiontar idir TG4 agus Bord Turaseoireachta Phort Láirge, clár beo é seo ó shráideanna Dhún Garbháin a dhéanfaidh ceiliúradh ar thraidisiún ársa an ‘blaa’, an bhorróg speisialta a itear i bPort Láirge.
Rachaidh láithreoirí BlaaTV! i measc an phobail chun blaiseadh a fháil de chultúr bríomhar an blaa. Cuirfear an clár i láthair go dátheangach mar is ó shráideanna na hÉireann a chraolfar é agus bíonn Béarla ag daoine ar shráideanna na hÉireann.
Klondike
Sa dráma seo, téann triúr deartháireacha go dtí iarthuisceart Cheanada sa tóir ar phlota agus suíomh a thabharfaidh leithscéal maith do TG4 clár eile dátheangach a scríobhadh i mBéarla a chraoladh.
Páidí PI
Bleachtaire ildánach é Páidí PI. Ceisteanna faoi chead pleanála sa Ghaillimh nó ‘dopers’ sa Tour de France; ní hann don chás nach dtabharfadh Páidí PI aghaidh air.
Seachtar col seisreacha na Cásca
Sa tsraith cheannródaíoch staire seo, caitear súil eile siar ar chol seisreacha cuid de na daoine is mó atá luaite le hÉirí Amach na Cásca 1916.
Is minic a dhéantar ‘dearmad’ ar chol seisreacha phearsain mhóra na staire, ach céard iad na scéalta atá le n-insint ag na daoine seo a ndéantar faillí orthu sna leabhair staire?
Inseofar na scéalta den chéad uair anois ar Seachtar Col Seisreacha na Cásca.
An Clár Gaeilge Nua
Ar an An Clár Gaeilge Nua, beidh láithreoir sa stiúideo againn – ‘babe’ más féidir ar chor ar bith é – ag suí ar tholg de dhath scéiniúil, ar caitheadh gach pingin den bhuiséad suarach air, ag caint le cúpla duine eile.
RUGBAÍ BEO: Na All Blacks v Na Boks
An cluiche mór idir foireann tag-rugbaí faoi-14 na ‘Baby Blacks’ agus foireann tag-rugbaí faoi-14 na ‘Baby-Boks’. Beo agus eisiach.