AR SCÁTH A CHÉILE: Scéal Rocky Ros Muc le fáil saor in aisce ó Chló Iar-Chonnacht

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”8c1784″ datetime=”2020-06-18T14:15:05+00:00″]

Scéal Rocky Ros Muc le fáil saor in aisce ó Chló Iar-Chonnacht

Is é Rocky Ros Muc, beathaisnéis an iardhornálaí Seán Ó Mainnín, an ríomhleabhar saor in aisce is déanaí Chló Iar-Chonnacht.

Sa leabhar, rinne an t-údar Rónán Mac Con Iomaire, cur síos ar shaol Uí Mhainnín, a throid do Chraobh Dornálaíochta an Domhain in Madison Square Garden tar éis dó Ros Muc i nGaeltacht na Gaillimhe a fhágáil ag tús na 1970idí.

Rinneadh scannán faisnéise bunaithe ar an leabhar freisin agus foilsíodh an scéal i mBéarla faoin teideal The Man Who Was Never Knocked Down.

Tá Cló Iar-Chonnacht ag cur ríomhleabhar Gaeilge ar fáil saor in aisce le linn na paindéime chun tacú le léitheoirí na Gaeilge.

Tá an leagan digiteach de Rocky Ros Muc ar fáil anseo.

[/live]

[live id=”b668c0″ datetime=”2020-06-17T16:48:25+00:00″]

Dara Ó Cinnéide, Rena Buckley agus Joe Connolly i measc laochra CLG a bheidh ag glacadh páirt i sraith cainteanna ar líne

Beidh iarimreoirí peile agus iomána aitheanta ag caitheamh súil siar ar na gaiscí a rinneadar ar pháirc na himeartha ag ócáid speisialta atá ar bun ag Cumann Lúthchleas Gael.

Beidh Dara Ó Cinnéide, Rena Buckley, Joe Connolly agus daoine eile páirteach sa tsraith ‘Bord Gáis Energy GAA Legends Virtual Tours’ a bhfuil tús á chur inniu leis.

Reáchtáiltear imeachtaí speisialta ag Músaem Chumann Lúthchleas Gael i bPáirc an Chrócaigh gach samhradh agus tugtar deis d’iarimreoirí aitheanta súil a  chaitheamh siar ar ar bhain siad amach agus iad ag imirt.

Agus an músaem dúnta go dtí deireadh mhí an Mheithimh de bharr phaindéim Covid-19 áfach, tá sé beartaithe na hócáidí a reáchtáil go fíorúil.

Beidh na haíonna faoi agallamh ag duine de threoraithe an mhúsaeim agus déanfar cur síos ar na cuimhní is túisce atá acu ar CLG agus ar na laethanta móra a bhí acu i bPáirc an Chrócaigh.

Beidh deis ag an bpobal féachaint ar na hagallaimh ar leathanach Bord Gáis Energy’s Rewards Club nó ar shuíomh Chumann Lúthchleas Gael

Is é iariománaí an Chláir, Jamesie O’Connor an chéad iarimreoir sa tsraith.

  • An 17 Meitheamh – Jamesie O’Connor (An Clár)
  • An 24 Meitheamh – Steven McDonnell (Ard Mhacha)
  • An 1 Iúil – Terence McNaughton (Aontroim)
  • An 8 Iúil – Dara Ó Cinnéide (Ciarraí)
  • An 15 Iúil – Eoin Kelly (Tiobraid Árann)
  • An 22 Iúil – Stefan White (Co. Lú)
  • An 29 Iúil – Joe Connolly (Gaillimh)
  • An 5 Lúnasa – Rena Buckley (Corcaigh)

[/live]

[live id=”0b2eb3″ datetime=”2020-06-17T16:17:38+00:00″]

Comórtas ar bun chun teacht ar an duine is sciobtha sa Ghaeltacht

Agus an pobal Gaeltachta is aclaí aimsithe ag Comórtas Reatha na Gaeltachta, a bhí ar siúl le roinnt seachtainí anuas, tá comórtas anois ar bun chun fáil amach cé hiad na daoine is sciobtha sa Ghaeltacht.

Bhuaigh foireann ‘Céim ar Chéim’, as Iarthuaisceart Dhún na nGall, Comórtas Reatha na Gaeltachta, ar tháinig deireadh leis an tseachtain seo caite, ach tá rás 5k anois beartaithe ag na hOifigigh Pleanála Teanga timpeall na tíre.

“D’éirigh chomh maith sin leis an gcomórtas reatha, ar ghlac os cionn 700 duine páirt ann, go raibh muid ag iarraidh deis a thabhairt do dhaoine aonair sna grúpaí siúil agus reatha dul in iomaíocht lena chéile,” a deir Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála Teanga na Ceathrún Rua.

Tá sé i gceist Rás 5k Fíorúil na Gaeltachta a reáchtáil faoi Fhéile Sin Seáin, Dé Máirt an 23 Meitheamh.

“Rachaidh daoine amach ina gceantar féin, aon uair idir 7 ar maidin agus 9 san oíche ar an 23 Meitheamh agus siúlfaidh siad nó rithfidh siad 5k chomh sciobtha agus is féidir leo. Déanfaidh siad taifead ar aip nó ar uaireadóir spóirt agus cuirfidh siad chugainn a n-am,” arsa Ní Chríocháin.

Beidh duaiseanna ann do na daoine is sciobtha agus bronnfar spotduaiseanna ar iomaitheoirí freisin.

Ní ghearrfar aon táille ar ma rannpháirtithe agus tá fáilte roimh éinne atá os cionn 18 bliain d’aois agus atá ag cur fúthu sa Ghaeltacht páirt a ghlacadh sa 5k. Caithfear clárú faoin Déardaoin beag seo, an 18 Meitheamh, trí theachtaireacht a chur chuig pobalrua@gmail.com.

Fógrófar na buaiteoirí Déardaoin, 25 Meitheamh.

[/live]

[live id=”ab363d” datetime=”2020-06-16T17:44:03+00:00″]

‘I’m ashamed that I don’t speak the language myself. I’m told it’s a grand language by them that knows it’  – Lá Blúm sona daoibh!

Agus Lá Blúm á cheiliúradh inniu seo roinnt ábhar a bhaineann le James Joyce ó chartlann Tuairisc.ie

James Joyce agus an Ghaeilge: ‘You are an Irishman and you must write in your own tradition’

‘Bhí sneachta fud fad na hÉireann’ – ‘The Dead’ le Joyce…as Gaeilge

’Sea, ’Sea,’Sea …- Ulysses as Gaeilge ag IMRAM

[/live]

[live id=”6c1427″ datetime=”2020-06-16T16:41:50+00:00″]

An glas scaoilte! An Garraí Glas ar ais i mbun oibre i gConamara!

Tá Aonghus Ó Coisdealbha, An Garraí Glas, ar ais i mbun gnó agus é díol glasraí ar thaobh an bhóthair sna Creagáin in Indreabhán i gConamara. PIc: Seán Ó Mainnín

[/live]

[live id=”d94f92″ datetime=”2020-06-16T16:41:50+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 66!

[/live]

[live id=”b9d6eb” datetime=”2020-06-11T14:20:11+00:00″]

‘Cum is Can’ Comórtas amhránaíochta nua-chumtha á reáchtail do mhuintir Cheantar na nOileán

Tá comórtas amhránaíochta nuachumtha á reáchtáil ag Glór na nOileán, tionscnamh pleanála teanga Cheantar na nOileán, i gConamara.

Is é aidhm an chomórtais “borradh a chur faoin gcumadóireacht sa gceantar,” a dúirt Pleanálaí Teanga Cheantar na nOileán, Máire Áine Uí Ailín.

Tá an comórtas oscailte do dhaoine de gach aois a bhfuil cónaí orthu i gCeantar na nOileán nó atá ag cur fúthu thar lear.

€1,000 a bhronnfar ar bhuaiteoir an chomórtais amhránaíochta. Fógrófar an buaiteoir ar an chlár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus beidh na hamhráin nua-chumtha ar fad le cloisteáil ar an gclár céanna mí Lúnasa.

[/live]

[live id=”698337″ datetime=”2020-06-11T12:38:21+00:00″]

Réaltán Ní Leannáin i mbun ‘An Rang Beag Scríbhneoireachta’ an tseachtain seo

Is í Réaltán Ní Leannáin, scríbhneoir as Béal Feirste atá i mbun an ‘Rang Beag Scríbhneoireachta’ an tseachtain seo, an tríú heagrán i sraith nua ar líne le Cló Iar-Chonnacht faoi cheird na scríbhneoireachta.

Comhrá agus dialóg atá faoi chaibidil ag Ní Leannáin, a tharraingíonn ar shamplaí óna leabhar gearrscéalta féin Dílis.

[\live]

[live id=”1bb94d” datetime=”2020-06-11T12:41:21+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 63!

[/live]

[live id=”0527d0″ datetime=”2020-06-10T15:59:52+00:00″]

Rang cócaireachta le bean an tí agus rang surfála ag baile mar chuid de chúrsaí ar líne atá á reáchtáil ag Coláiste Uisce

Tá rang cócaireachta le bean an tí i nGaeltacht Mhaigh Eo ar cheann de na himeachtaí a bheidh le fáil sa chúrsa ar líne atá seolta ag coláiste samhraidh i mBéal an Mhuirthead an tseachtain seo.

Sheol Coláiste Uisce cúrsa digiteach ‘Blas Choláiste Uisce’ an tseachtain seo a bhfuil gnéithe de chúrsaí samhraidh na Gaeltachta le brath ann, ina measc bean an tí a bhfuil féith na cócaireachta inti.


Mar chuid den chúrsa, foghlaimeoidh scoláire conas scónaí a bhácáil agus scileanna surfála ar líne. Beidh deis ag scoláirí freisin a bheith páirteach ‘i gcéilí mór fíorúil’ ag deireadh an chúrsa, a deirtear.

Dúirt bainisteoir Oideachais Choláiste Uisce, Caitríona Ní Mhaoineacháin, gur ‘briseadh croí’ é do lucht an choláiste agus an cheantair nach bhféadfaí cúrsaí samhraidh na bliana seo a reáchtáil ach go ndearnadh iarracht “eispéireas” na Gaeltachta a thabhairt do dhaltaí ar líne.


Dúirt Ní Mhaoineacháin gur éirigh leo “spiorad an choláiste a thabhairt leo sna cúrsaí ar líne” rud a thabharfadh blas do scoláirí maidir leis an eispéireas a bhíonn le fáil i gColáiste Uisce.

Meastar gur fiú idir €6 agus €10 milliúin cúrsaí samhraidh Choláiste Uisce don cheantar Gaeltachta in iarthuaisceart Mhaigh Eo.

Dúirt stiúrthóir bainistíochta Choláiste Uisce, Ciarán Ó Murchú, go raibh dúshlán mór le sárú ag an choláiste toisc €500,000 a bheith caite acu ar fhoireann agus ar infheistíocht do chúrsaí na bliana seo.

“Ní raibh rogha ar bith againn ach ár gcomhairlí a chur i gceann a chéile le feiceáil an bhféadfaí spiorad Choláiste Uisce a thabhairt leat ar cúrsaí ar líne.”

€150 atá ar áit ar chúrsa ceithre lá Blas Choláiste Uisce. Tá an chéad chúrsa, a bheidh ag tosú ar an 15 Meitheamh, lán. Is féidir clárú le haghaidh cúrsaí eile anseo.

[/live]

[live id=”f75da3″ datetime=”2020-06-09T16:51:19+00:00″]

Na Conallaigh ag ceiliúradh agus buaiteoirí Chomórtas Reatha na Gaeltachta fógartha

Tar éis ceithre seachtaine lán iomaíochta, is iad muintir Iarthuaisceart Dhún na nGall atá ag ceiliúradh agus an phríomhdhuais i gComórtas Reatha na Gaeltachta tugtha leo acu.

An fhoireann ‘Céim ar Chéim’ a chríochnaigh ar bharr an tábla i ndiaidh na gceithre bhabhta agus iad chun tosaigh ar Reathaithe Rua na Ceathrún Rua a bhí sa dara háit. Bhí foireann eile as Conamara, ‘Na Sodairí ar Sodar’ as Ceantar na nOileán, sa tríú háit agus iad chun tosaigh ar ‘Goitse’ as Árainn Mhór.

Sa rannóg do ghrúpaí faoi 50 duine, beidh sé le maíomh ag pobal Inis Meáin go bhfuair siad an ceann ar fhoireann Inis Mór. Foireann eile as Gaillimh, muintir Iorras Aithneach, a chríochnaigh sa tríú háit sa rannóg sin.

Sa chomórtas do ghrúpaí faoi 20 duine, rinne ‘Uíbh REATHach’ as Ciarraí Theas teacht aniar sa tseachtain dheireanach ach níor éirigh leo dul chun tosaigh ar ‘Rith Chorca Dhuibhne’.

Chríochnaigh os cionn 730 duine an dúshlán ceithre seachtaine agus rith nó shiúil siad os cionn 127,000 km le linn na tréimhse sin

Is iad na hOifigigh Pleanála Teanga ar fud na tíre a d’eagraigh an comórtas.

Deir lucht eagraithe an chomórtais go bhfuil sé i gceist acu tuilleadh dúshlán a reáchtáil i gcaitheamh an tsamhraidh. 

[/live]

[live id=”bb96f5″ datetime=”2020-06-09T16:30:04+00:00″]

Ceolchoirm á reáchtáil ar líne ag Féile na Gealaí ag an deireadh seachtaine

Tá ceolchoirm á reáchtáil ar líne oíche Dé Sathairn, 13 Meitheamh, ag lucht eagraithe Fhéile na Gealaí, an fhéile cheoil is champála a bhí le bheith ar siúl i Ráth Chairn na Mí an deireadh seachtaine seo.

JJ Ó Dochartaigh, amhránaí as Doire, agus ball den ghrúpa KNEECAP a bheas i mbun an chéad seit ag a 8pm.

Leanfar le ceol na gConallach le Emma Ní Fhíoruisce, amhránaí as Gaoth Dobhair agus Clann Mhic Ruairí, grúpa aitheanta as Rann na Feirste. Tadhg Griffin, amhránaí óg as Ceatharlach, a chuirfidh críoch leis an cheolchoirm, a bheas á craoladh ar chainéal YouTube Fhéile na Gealaí.

D’fhógair coiste na féile ag tús an tsamhraidh nach mbeidh an fhéile á reáchtáil i mbliana mar gheall ar an chóróinvíreas.

Beidh Féile na Gealaí  ar siúl arís ar an 11-13 Meitheamh 2021.

[/live]

[live id=”d1c24d” datetime=”2020-06-09T13:04:37+00:00″]

FÍSEÁIN: Geansaithe a namhad curtha orthu ag laochra na Gaeltachta chun tacú le cailín óg atá breoite

Tá laochra de chuid Chumann Caide na Gaeltachta i measc na laochra CLG atá ag tacú le feachtas bailithe airgid do chailín óg as Muineachán a bhfuil aistriú croí ag teastáil uaithi.

Buaileadh Milly Byrne, as Machaire Cluana, go dona tinn ag tús mhí an Mhárta agus tá sí anois ag fáil cóir leighis in ospidéal i Newcastle Shasana, áit a mbeidh uirthi fanacht go dtí go bhfaighidh sí croí nua.

Tá feachtas tosaithe ag a cumann áitiúil i Machaire Cluana chun airgead a thiomsú do Heart Children Ireland, eagraíocht a thacaíonn le gasúir a bhfuil fadhbanna croí acu.

Mar chuid den fheachtas, iarradh ar imreoirí agus iar-imreoirí an scéal a scaipeadh agus geansaithe a gcéilí comhraic á chaitheamh acu.

Ina measc siúd a thug tacaíocht don fheachtas #changeofheart bhí beirt ó Chumann Caide na Gaeltachta – Dara Ó Cinnéide, a chuir geansaí Dhaingean Uí Chúis air féin, agus Tomás Ó Sé, a chaith geansaí Chorcaí.

Ghlac fear Ghaoth Dobhair, Eamon McGee páirt san fheachtas chomh maith agus chuir sé air geansaí Thír Eoghain.

Thug leithéidí Kieran Donaghy, Peter Canavan, Ryan McMenamin, Diarmuid Marsden agus Joe McMahon a gcuid tacaíochta don fheachtas chomh maith.

Is féidir síntiús a thabhairt don fheachtas anseo.

[/live]

[live id=”39dda6″ datetime=”2020-06-09T13:04:37+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 61!

[/live]

[live id=”c6bf0c” datetime=”2020-06-08T15:45:03+00:00″]

Siopa Chló Iar-Chonnacht athoscailte inniu

 

Tá siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht i gConamara oscailte inniu den chéad uair le beagnach trí mhí. Dúnadh an siopa ar an Spidéal ag deireadh mhí an Mhárta nuair a cuireadh an tír faoi chuibhriú ach bhí cead oscailte arís ag siopaí leabhar inniu agus an Rialtas ag bogadh ar aghaidh go dtí Céim 2 den phlean d’athoscailt na tíre.

Is ag filleadh ar ghnáthuaireanta oscailte ó Luan go hAoine atá siopa Chló Iar-Chonnacht agus tá socruithe curtha i bhfeidhm acu ar mhaithe le cloí le treoirlínte an rialtais maidir le Covid-19.

Tá seirbhís ‘Cliceáil & Bailigh’ ar fáil freisin ó CIC trínar féidir d’ordú a cheannach ar a suíomh idirlín agus é a bhailiú sa siopa.

Tá Cló Iar-Chonnacht ag cur ríomhleabhair Ghaeilge ar fáil saor in aisce le linn na paindéime chun tacú le léitheoirí na Gaeilge agus tá an chéad ríomhleabhar eile atá ar fáil in aisce fógartha acu inniu chomh maith.

Is é an t-úrscéal SOBALSAOL le Pádraig Standún ríomhleabhar na seachtaine seo agus tá sé ar fáil anseo.

[/live]

[live id=”8cbbd9″ datetime=”2020-06-08T15:44:03+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 60!

[/live]

[live id=”30f76a” datetime=”2020-06-08T15:43:03+00:00″]

AR SCÁTH A CHÉILE: Meas tú an mbeadh sí in araíocht le tabhairt faoi Oileán Mhic Dara?

[/live]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Scéal Rocky Ros Muc le fáil saor in aisce ó Chló Iar-Chonnacht'