’Sea, ’Sea,’Sea …- Ulysses as Gaeilge ag IMRAM

Léifear sleachta as Ulysses a aistríodh go Gaeilge ag léiriú speisialta IMRAM i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo. Seo chugaibh blaiseadh de thús agus deireadh an leabhair a bheas mar chuid den léiriú….

’Sea, ’Sea,’Sea …- Ulysses as Gaeilge ag IMRAM

Beidh sleachta as Ulysses aistrithe go Gaeilge á léamh mar chuid de sheó nua IMRAM ’Sea,’Sea,’Sea an Domhnach beag seo.

Na haisteoirí Hilary Bowen-Walsh, Eoin Ó Dubhghaill agus Sean T. Ó Meallaigh a dhéanfaidh na sleachta as mórshaothar James Joyce a léamh.

Beidh amhráin ó aimsir Ulysses á rá ag Noel O’Grady mar chuid den léiriú agus taispeánfar sraith íomhánna de Bhaile Átha Cliath ag tús an chéid seo caite, atá curtha i dtoll a chéile ag an fhísealaíontóir, Margeret Lonergan.

Eoin P.O Murchú a roghnaigh na sleachta as Ulysses do léiriú IMRAM. Tá eagar á chur ag Ó Murchú ar na haistriúcháin Ghaeilge a rinneadh ar shaothar Joyce mar chuid dá thaighde PhD. 

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt sé go raibh sé ag súil le leagan Gaeilge de Ulysses a chur ar fáil do léitheoirí na Gaeilge amach anseo.

“Is minic a bhíonn faitíos ar dhaoine roimh an saothar seo a léamh, i mBéarla fiú, agus bealach an-mhaith atá sa léiriú seo chun tuiscint a fháil ar an saothar.

“Rinne mé iarracht roinnt de na heipeasóidí is cáiliúla sa leabhar a roghnú, cinn atá dírithe ar Stephen, Leopold agus Molly go háirithe. Tá blaiseadh ann ó fhormhór na n-eipeasóidí de agus go leor de na stíleanna freisin. An té a fhreastalóidh ar an imeacht beidh tuiscint mhaith acu ar a dtarlaíonn sa leabhar,” a dúirt Eoin P. Ó Murchú.

Foilsíodh Ulysses sa bhliain 1992, agus é áirithe i measc na leabhar is cáiliúla i litríocht an Bhéarla.

Tá sleachta ’Sea,’Sea,’Sea bunaithe ar an aistriúchán a rinne Séamas Ó hInnéirghe, Breasal Uilsean and Séamas Ó Mongáin ar an úrscéal iomráiteach. Foilsíodh saothar an triúir i gcodanna éagsúla idir 1987 agus 1992.

Sliocht as tús Ulysees

Go hoscartha, tháinig Buck beathaithe Mulligan ó cheann an staighre, ag breith babhla sobail leis ar a raibh scáthán agus rásúr ina luí crosach. Bhí a fhallaing sheomra bhuí gan chrios spréite in airde go réidh ina dhiaidh ar aithleá séimh na maidine. Thóg sé an babhla in airde agus thúschan:

Statley, plump Buck Mulligan came from the stairhead, bearing a bowl of lather on which a mirror and a razor lay crossed. A yellow dressing gown, ungirdled, was sustained gently-behind him by the mild morning air. He held the bowl aloft and intoned: 

Sliocht as deireadh Ulysses

Ó agus an mhuir an mhuir go craorag in amanna amhail lasracha agus na fuiníocha glórmhara gréine agus na crainn fige sna garraithe Alameda sea agus na sráideanna aite uile agus na tithe bándearga gorma buí agus na rósghairdíní agus seasmain agus na crobhanna fola agus na cachtais agus Giobráltar le linn mo ghirseoige mar a raibh mé i mo bhláth an tsléibhe sea nuair a chuir mé an rós i mo chiabh mar a dhéanadh na cailíní Andalúiseacha nó an gcaithfidh mé dearg sea agus an chaoi ar phóg sé mé faoin mhúr Múrach agus smaoinigh mé cad eile nach cuma seisean ná duine eile agus ansin d’iarr mé air le mo shúile chun iarraidh athuair agus sea agus d’iarr sé orm ansin an ndéanfainn sea le sea a rá mo bhláth an tsléibhe thóg mé i mo bhaclainn ar dtús é sea agus tharraing síos chugam é go raibh sé in ann mo chíocha a aireachtáil cumhra uile sea agus bhí a chroí ag rith ar séirse agus sea a dúirt mé sea déanfaidh mé Sea.

O and the sea the sea crimson sometimes like fire and the glorious sunsets and the figtrees in the Alameda gardens yes and all the queer little streets and pink and blue and yellow houses and the rosegardens and the jessamine and geraniums and cactuses and Gibraltar as a girl where I was a Flower of the mountain yes when I put the rose in my hair like the Andalusian girls used or shall I wear a red yes and how he kissed me under the Moorish wall and I thought well as well him as another and then I asked him with my eyes to ask again yes and then he asked me would I yes to say yes my mountain flower and first I put my arms around him yes and drew him down Jo me so he could feel my breasts all perfume yes and his heart was going like mad and yes I said yes I will Yes. 

Fág freagra ar '’Sea, ’Sea,’Sea …- Ulysses as Gaeilge ag IMRAM'

  • Victor

    Ní haon dóithín é Joyce a aistriú. An bhfuil aon phlean ag éinne na codanna a chur le chéile agus a fhoilsiú mar leabhar?