‘Bhí sneachta fud fad na hÉireann’ – ‘The Dead’ le Joyce…as Gaeilge

Agus sneachta ‘ag titim fud fad na hÉireann’ inniu, chuireamar Gaeilge ar cheann de na sleachta próis is fearr a breacadh riamh, críoch shneachtúil The Dead le James Joyce

‘Bhí sneachta fud fad na hÉireann’ – ‘The Dead’ le Joyce…as Gaeilge

LÉARÁID: Darren Ó Cearnaigh/Tuairisc.ie

Is ea, bhí an ceart ag na páipéir nuachta: bhí sneachta fud fad na hÉireann. Bhí sé ag titim go réidh ar Mhóin Alúine agus níos sia siar, go réidh ag titim ar dhubhthonnta doicheallacha na Sionna. Bhí sé ag titim leis ar gach paiste den reilig uaigneach mar a raibh Michael Furey curtha. Bhí síobáin dhoimhne déanta aige ar chroiseanna cama agus ar leaca uaighe, ar spící an gheata bhig, ar na dealga loma. Bhíog a anam go faon nuair a chuala sé an sneachta ag titim go réidh trín bhfirmimint agus go réidh ag titim, mar a bheadh a gcríoch dhéanach chucu anuas, ar a bhfuil beo agus marbh.

‘The Dead’ le James Joyce

Yes, the newspapers were right: snow was general all over Ireland. It was falling softly upon the Bog of Allen and, further westwards, softly falling into the dark mutinous Shannon waves. It was falling too upon every part of the lonely churchyard where Michael Furey lay buried. It lay thickly drifted on the crooked crosses and headstones, on the spears of the little gate, on the barren thorns. His soul swooned slowly as he heard the snow falling faintly through the universe and faintly falling, like the descent of their last end, upon all the living and the dead.

‘The Dead’ le James Joyce

Fág freagra ar '‘Bhí sneachta fud fad na hÉireann’ – ‘The Dead’ le Joyce…as Gaeilge'

  • Learraí

    Sin aistriúchán den scoth. Níos deise ná an Béarla fiú.

  • Deirdre Ní Chuanacháin

    Go raibh míle maith agaibh. Bhí mé ag smaoineamh ar an píosa scribhneoireacht seo ó Joyce ar maidin agus bhí sé go hiontach teacht ar an aistriúchán anseo.

  • Colin Ryan

    Tá sin go breá. Dearmad beag amháin amháin – ba cheart ‘críoch dhéanach’ a dhéanamh de ‘críoch déanach’.