AR SCÁTH A CHÉILE: Sraith físeán á taifeadadh ag Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair, Brian Ó Fearraigh
Tá sraith físeán á cur amach ag an sagart Gaeltachta Brian Ó Fearraigh agus é i mbun paidreacha agus iomann i nGaeilge ó Shéipéal Naomh Muire i nGaoth Dobhair.
An comhlacht léiriúcháin LIDGID atá i mbun na sraithe naofa atá á roinnt ar an leathanach Facebook ‘An Baile’.
Dúirt Sonia Nic Giolla Easpaig, stiúrthóir agus bunaitheoir LIDGID, go raibh lúcháir orthu an tsraith a thaifeadadh leis an Athair Brian Ó Fearraigh agus “cuidiú ar dhóigh bheag” le daoine nach bhfuil in ann a bheith ag freastal ar Aifreann.
“Má tá duine sa bhaile a mbeadh seo ina chuidiú dóibh, tabhair d’fhón nó iPad dóibh le héisteacht leis” a dúirt Sonia Nic Giolla Easpaig.
Bhí an tAifreann á léamh ag an Athair Brian Ó Fearraigh agus á chraoladh ar Raidió na Gaeltachta inné.
An greann sa ghéarchéim – seó grinn speisialta curtha ar líne ag GaelGÁIRÍ
Tá seó grinn speisialta déanta ag GaelGÁIRÍ agus iad ag iarraidh ardú croí a thabhairt do dhaoine.
Tá seó leathuaire foilsithe acu ar a leathanach Youtube agus dreasa grinn déanta ag baill éagsúla de chuid GaelGÁIRÍ – Aideen McQueen, Eoin P. Ó Murchú, Seán Begley agus Seán T. Ó Meallaigh.
Bhí gig le bheith ag an ngrúpa grinn i gClub Chonradh na Gaeilge mar chuid de Sheachtain na Gaeilge ach cuireadh ar ceal é mar gheall ar an gcoróinvíreas.
Thapaigh siad an deis an gig a chraoladh ar líne agus ábhar grinn agus amhráin a bhaineann leis an gcoróinvíreas cumtha acu.
Bac curtha ag iascairí ar ché an Daingin le stop a chur le trálaeir ón iasacht teacht isteach
Tá iarracht á déanamh ag iascairí agus daoine eile i nDaingean Uí Chúis stop a chur le trálaeir iascaireachta eachtracha teacht le cé sa bhaile Gaeltachta.
Tá trálaeir ón bhFrainc agus ón Spáinn le teacht i dtír níos deireanaí tráthnóna ach níl cuid de mhuintir na háite sásta cead a thabhairt dóibh teacht isteach mar gheall ar an imní i measc an phobail faoi scaipeadh an choróinvíris.
Tá Cé an Daingin blocálta ag roinnt iascairí & daoine áitiúla ó mhaidin mar ná fuilid sásta go bhfuil báid ón iasacht ag teacht le cé ann in am seo an víorais chorónaigh.
Tá súil ag na báid teacht le cé nuair a bheidh barra taoide ann ar a 4.15 tráthnóna. pic.twitter.com/IKqhKet7VJ— Nuacht an Deiscirt (@NuachtBnG) March 23, 2020
Tuairscítear go bhfuil breis agus scór duine i láthair ag an gcé agus an bóthar blocáilte acu le gluaisteáin.
Tá trí thrálaer le teacht i dtír nuair a bheidh barra taoide ann ag 4.15pm tráthnóna.
Deir na hiascairí áitiúla nach bhfuil criúnna na mbád atá tagtha i dtír sa Daingean le roinnt laethanta anuas ag cloí leis na moltaí atá leagtha síos ag rialtas na hÉireann maidir leis an scoitheadh sóisialta agus go bhfuil imní ann go scaipfear an galar Covid-19 sa cheantar dá bharr.
Tá an Máistir Cuain sa Daingean, an HSE agus an Garda Síochána curtha ar an eolas faoin scéal.
Cáineadh déanta ar chuairteoirí chuig ceantair Ghaeltachta
Mheall áilleacht agus iargúltacht na gceantar Gaeltachta na sluaite an deireadh seachtaine seo ach ní hí an fháilte chéanna a bhí roimh chuairteoirí is a bhíonn de ghnáth. Go deimhin, tá cáineadh déanta ar chuid de na daoine céannna toisc go ndearnadar neamhaird ar an scoiteadh sóisialta.
Tuairiscíodh gur tháinig líon mór turasaóirí ar cuairt chuig ceantair Ghaeltachta i gCiarraí, i nGaillimh, i Maigh Eo agus i nDún na nGall an deireadh seachtaine seo, cé go raibh i rabhadh tugtha do dhaoine gan bailliú le chéile i ngrúpaí de níos mó ná beirt nó triúr.
Dúirt an Rialtas agus na húdaráis sláinte an tseachtain seo caite go bhfuil beatha daoine “á cur i mbaol” ag daoine atá ar nós cuma liom faoin scoitheadh sóisialta.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin as Dún na nGall Pádraig Mac Lochlainn go raibh cuid mhór gearán faighte aige faoi dhaoine ag teacht chuig tithe saoire agus páirceanna carabhán sa chontae.
I have been inundated with complaints from across Donegal this weekend about large numbers of people travelling to holiday homes, caravan parks and the beaches from outside areas.
I would like to make a number of points about this: See link to statement https://t.co/YyKSAiGzZO
— Pádraig Mac Lochlainn TD (@PadraigMacL) March 22, 2020
Mheabhraigh Mac Lochlainn do dhaoine nach saoire a bhí anseo ach géarchéim náisiúnta agus mhol sé do dhaoine gan taisteal lasmuigh dá gceantair féin
I gCorca Dhuibhne, tuairiscíodh go raibh líon mór cuairteoirí i mbaile an Daingin, i gCaisleán Ghriaire agus ar thránna éagsúla sa cheantar. Bhí imní ar mhuintir na háite go scaipfí an coróinvíreas níos tapúla dá bharr.
Bhí an scéal céanna ann i gConamara, mar ar tháinig go leor daoine ar cuairt agus aimsir mhaith ann Dé Domhnaigh. Tuairiscíodh go raibh go leor daoine bailithe le chéile ar thránna i mBearna, ar an Spidéal, in Indreabhán agus ar an gCeathrú Rua.
Family members went out for a quiet walk earlier at Trá Sáilín, a secluded beach west of Spiddal, Co Galway. They didn’t get out of the car – the narrow road to the beach was packed with Dublin-reg cars – Range Rovers & the like. It’s horrifying, as local compliance is excellent. https://t.co/sFWGH9i9L9
— Tadhg Mac Dhonnagáin (@macdhtadhg) March 22, 2020
Tá an Doilín, Carraroe had a huge influx of people. Cars and campervans all enjoying picnics. Could Galway Council also remember we’re out here also? If you shut down city, they’ll move further west.
— Lorraine Mitchell (@Lortino) March 22, 2020
In Acaill, deirtear go bhfuil go leor daoine nach as an oileán iad tar éis teacht ar cuairt le breis agus seachtain anuas agus go bhfuil daoine aosta an oileáin á gcur i mbaol ag na turasóirí.
enormous amount of out-of-towners. Some are showing such disregard for the guidelines laid down by the health officials and government bodies. Large groups gathering on our beaches, play parks, greenway, tourist attractions/sights. You are not on holidays!
— Achill Island Page (@AchillPage) March 21, 2020
our most venerable to make sure this doesn’t happen. Please respect this. If you are going to stay here then isolate yourself. Practice social distancing.Wash your hands.We have 2 doctors surgeries. If you get sick where will you be in the queue? Our nearest hospital is 70km away
— Achill Island Page (@AchillPage) March 21, 2020
Scéal inniu ar fáil ó Futa Fata…
‘Scoil sa mBaile’ á reáchtáil ar líne ag Bridget Bhreathnach
Tá Bridget Bhreathnach agus a cúram ar ais sa scoil sa mbaile.
Vlog Lá 6: An scoil sa mbaile agus ag obair ón mbaile. Maidin Dé Luain, tá súil agam go raibh deireadh seachtaine deas agaibh ar fad. Plean an lae ná ag iarraidh eagar a chur ar an lá…
Gepostet von Bridget Bhreathnach am Montag, 23. März 2020
[/live]
Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Sraith físeán á taifeadadh ag Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair, Brian Ó Fearraigh'