Aon scéal ó Theach Laighean, seachas toghadh an Cheann Comhairle nua?

Cad a tharla dáiríre nuair a tháinig an Dáil nua le chéile agus cad a tharlóidh roimh an gcéad chruinniú eile? 

Aon scéal ó Theach Laighean, seachas toghadh an Cheann Comhairle nua?

Rinneadh margadh beag roimh an gcéad chruinniú den 34ú Dáil a chuir Verona Murphy sa chathaoir agus a leag cuid den dúshraith faoi bhunú rialtais nua.

Tá tús curtha leis an margaíocht mhór idir Fianna Fáil agus Fine Gael ar bhonn neamhfhoirmiúil. Ní chuirfear dlús leis an gcaint eatarthu go mbeidh laethanta saoire na Nollag agus na bliana nua thart.

Ní féidir a bheith cinnte mar sin go réiteofar gach ceist faoi bhunú comhrialtais sara dtiocfaidh an Dáil le chéile arís ar an 22 Eanáir, ná fiú gach ceist a bhaineann le buan-tacaíocht na neamhspleách don chomhrialtas sin.

Dhera stop! Nach léir tar éis toghadh Verona Murphy mar Cheann Comhairle go ndéanfar margadh gan stró leis na Neamhspleáigh?

Déanfar gan dabht. Margadh nach gcuirfear i scríbhinn ach a chuirfidh ar chumas na neamhspleách a rá go bhfuil gaisce éigin déanta acu agus rudaí deasa geallta ina ndáilcheantair. Ní foláir áfach teacht ar chomhthuiscint thábhachtach eile leis na neamhspleáigh sara gcuirfear séala ar a margadh leis na páirtithe móra.

An mbeidh Micheál Martin agus Simon Harris toilteanach dhá phost mar airí stáit agus cead ag duine acu freastal ar chruinnithe rialtais a thairiscint dóibh. Más tairiscint dá leithéid a dhéanfar, an nglacfar leis agus má ghlactar, cé a cheapfar?

An bhfuil a fhios agat cén fáth gur ghlac Verona Murphy le post an Cheann Comhairle in áit post a lorg mar aire stáit ar a laghad?

Níl, ach dúisíonn do cheist ceist eile agus cúis amhrais in éineacht. An cheist – ar iarr comhordaitheoir ghrúpa réigiúnach na Neamhspleách, Michael Lowry uirthi glacadh le hainmniúchán mar Cheann Comhairle ionas go mbeadh an oiread post rialtais agus ab fhéidir ar fáil do neamhspleáigh eile?

An chúis amhrais. Dúirt Verona Murphy le linn agallaimh ar South-East Radio seachtain ó shin gur mó an tionchar a bheadh aici mar Cheann Comhairle ar airí rialtais agus gurbh fhearr a cumas freastal ar mhuintir Loch Garman sa ról sin seachas mar Theachta Dála sa bhfreasúra.

Anois agus an gradam bronnta uirthi, beidh uirthi cóimheá a dhéanamh idir a dualgais mar ionadaí áitiúil agus a dualgas mar Cheann Comhairle déileáil go cothrom le Teachtaí ar gach taobh.

Ós ag caint ar Verona Murphy atáimid, nach mór an trua é gur toghadh duine gan Ghaeilge mar Cheann Comhairle?

Is bocht an scéal é. Dúirt Seán Ó Fearghaíl agus Aengus Ó Snodaigh an méid sin le Tuairisc roimh lá na vótála. Rinne Aengus Ó Snodaigh, a d’ainmnigh Sinn Féin mar Cheann Comhairle, cur síos cothrom ar riachtanais an phoist ina óráid ainmniúcháin. Dúirt sé gur theastaigh cathaoirleach a bheadh ábalta an obair a dhéanamh agus na rialacha a chur i bhfeidhm as Gaeilge. Gheall Verona Murphy ar dhul sa chathaoir di go gcuirfeadh sí feabhas ar a cuid Gaeilge chun leibhéal cumais a bhaint amach a bheadh ag teacht le riachtanais an phoist. Cífimid. Idir an dá linn, ba chóir leas-Cheann Comhairle le Gaeilge a thoghadh mar sceach i mbéal bearna, bearna nár chóir a bheith ann in aon chor.

Aon scéal eile faoin gCeann Comhairle nua?

Tugadh faoi deara dea-nós atá aici, a deir sí a chuirfidh sí i bhfeidhm ón gcéad lá. Ise amháin a chloígh le treoir go labhródh na Teachtaí Dála a raibh post mar Cheann Comhairle uathu ar feadh cúig nóiméad ar a mhéid – rinne an triúr eile, John McGuinness, Seán Ó Fearghaíl agus Aengus Ó Snodaigh neamhaird den treoir.

Chuir an Ceann Comhairle nua stop le hóráidíocht Teachtaí eile (an Tánaiste Micheál Martin ina measc) nuair a chuaigh siad thar an am a bhí leagtha amach dóibh.

Ba chóir go mbeadh Teachtaí ábalta gan dul thar teorainn ama. Ní dhéanfaidh srian ar leadrán aon dochar, go háirithe le linn tráth na gceist. 

Aon scéal ginearálta faoin gcéad chruinniú den Dáil nua?

Dhá scéal, cé gur dhá dhíol suntais iad i bhfírinne. Ar thaobh an rialtais den teach, shuigh go leor Teachtaí ó Fhianna Fáil agus ó Fhine Gaeil i bhfochair a chéile. Mar a shuífidís dá mbeidís in aon pháirtí amháin. Comhshuí a chuir an scríbhneoir seo ag machnamh ar chumas an dá pháirtí cur ina luí ar an bpobal amach anseo nach páirtí amháin iad dáiríre.

Níor vótáil Páirtí an Lucht Oibre ná na Daonlathaithe Sóisialta do cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald nuair a d’ainmnigh a páirtí í mar Thaoiseach. Cé nach raibh ann ach ainmniúchán foirmiúil léirigh vótaí an dá pháirtí eile ina coinne an t-easaontas idir páirtithe a deir go bhfuil siad ar thaobh na heite clé den tírdhreach polaitiúil.

Dúirt Ivana Bacik thar ceann an Lucht Oibre go ndéanfadh sí a dícheall chun comhsheasamh na heite clé a chur chun cinn. Beidh dícheall de dhíth leis an aidhm a chur i gcrích.

Cogar, abair arís é, cén tuarastal a fhaigheann an Ceann Comhairle?

€255,000 sa bhliain, €12,000 níos mó ná tuarastal an Taoisigh. Chomh maith le liúntais ‘thar oíche’ €14,715 sa bhliain, gluaisteán agus tiománaí.

Níos mó ná an Taoiseach! An dóigh leat gur féidir tuarastal chomh háiféiseach a chosaint?
Is ar éigean é. Ní chuireann ceachtar tuarastal le meas an phobail ar pholaiteoirí.

Fág freagra ar 'Aon scéal ó Theach Laighean, seachas toghadh an Cheann Comhairle nua?'

  • WTF

    Michael Lowry??