Ag tosach shéasúr na gclubanna ní dóigh go raibh mórán a cheap go mbeadh clubanna ó Chorcaigh agus Áth Cliath ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann. Bhuel is iad na Sáirséalaigh agus na Fianna na himreoirí a bheidh ag rith amach ar an fhód ársa sa gceanncheathrú ar an naoú lá déag d’Eanáir.
Tá cúrsaí iománaíochta club na tíre ciúin an deireadh seachtaine seo, buíochas le Dia a deir tú, agus sos á thógaint ag imreoirí na tíre taobh amuigh, dár ndóigh, de na leads atá ag prapáil don lá is mó riamh ina saol. Agus, gan dabht, sa domhan idirchontae tá an traenáil tosnaithe agus súile dírithe ar shéasúr 2025.
Ní fada uainn anois an Nollaig. Bhí tráth ann nuair a bhíodh leabhar nó dhó faoi imreoir CLG éigin ar fáil do mhargadh na Nollag ach anois tá raidhse díobh chugainn gach bliain.
Is deacair uaireanta an bronntanas ceart a cheannach.
Is cuimhin liom, trí fichead bliain ó shin nó níos mó, ag fáil liathróid mhór pheile 0’Neills agus mé chomh bródúil aisti mar ní raibh a leithéid i sráidbhaile Achadh Bolg ag an am. Agus Nollaig eile fuair mé camán a bhí i bhfad rómhór agus róthrom dom. Cheapas go rabhas i mo laoch ceart ansan, cé nach rabhas ábalta mórán a dhéanamh leis an arm trom.
Agus céard faoi bhróga peile O’Neills na seascaidí agus gan mórán aerodynamics ag baint leo, gan caint ar blades nó studs difriúil, fada nó gearr!
Faraor ag an am sin ní raibh mórán d’aon rud ar fáil ná airgead ann chun iad a cheannach agus cinnte ní raibh mórán earraí spóirt sa tír. Nach iontach na hathruithe atá tagtha ó thaobh áiseanna agus oiliúna d’imreoirí óga CLG le scór bliain anuas. Tá fearas nua á úsáid go rialta anois, go háirithe san iomáint.
Nach iontach an chabhair é an rópa agus leathdhosaen sliotar greamaithe de. Is féidir a lán druileanna a dhéanamh leis agus an rud is fearr faoi ná nach mbogann na liathróidí rófhada in aon chor. Is féidir bualadh ar an talamh a chleachtadh i mbeirteanna nó id aonar. Is féidir cor camáin a dhéanamh air agus is féidir blocáil ar an dtalamh a dhéanamh le cabhair na téide iontaí sin.
Áis eile ná an an buailteoir sliotar [hitter]. Tá sé cosúil leis an sean-‘swingball’. Is féidir le suas le triúr é a úsáid le chéile. Tagann an sliotar go tapa agus go minic agus an cleas ná an liathróid a bhualadh ar clé agus ar dheis gach re uair.
Roinnt blianta ó shin tháinig an t-iarlaoch iomána Lar Corbett agus daoine eile nach é , amach ag moladh áis oiliúna eile, an ‘hurling rebounder’, aisphreabaire iomána, b’fhéidir.
Is líontán é seo a bhíonn crochta ar fhráma miotail. Is féidir é a úsáid in aon áit i d’aonar.
Buaileann tú an sliotar ina choinne agus tagann an sliotar ar ais ag an luas céanna.
Tá sé an-áisiúil don chéad smachtú atá chomh tábhachtach sin agus tú ag imirt i gcluichí an lae inniu.
Agus cá bhfágfainn an méid éadaí CLG club agus contae atá sna siopaí agus a bhíonn go rialta anois ar liosta San Nioclás. Tá an t-ádh ar pháistí na tíre go bhfuil réimse mór earraí CLG á ndéanamh aige siúd agus go bhfuil sé féin agus na síofraí atá in éineacht leis faoi lán seoil anois ag réiteach don Oíche Mhór nach bhfuil i bhfad uainn anois.
Fág freagra ar 'Is iontach an chabhair é an rópa agus leathdhosaen sliotar greamaithe de'