Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh duine a fháil chun seasamh do thoghchán Sheanad Éireann agus cás na Gaeilge a chur chun cinn i dTeach Laighean.
Tá sé fógartha ag an bhForas go bhfuiltear sa tóir ar iarrthóir neamhspleách a sheasfadh sa toghchán agus a dhéanfadh ionadaíocht ar an teanga sa Seanad. Táthar ag iarraidh nach labhródh an t-iarrthóir ach Gaeilge amháin sa Seanad dá dtoghfaí é nó í.
D’éirigh le Foras na Gaeilge i mbliana clárú ar Rolla-Chomhlachtaí Sheanad Éireann agus tá deis acu anois iarrthóir a ainmniú don toghchán. Is mar iarrthóir ar an Phainéal Saíochta agus Oideachais a bheadh iarrthóir an Fhorais ag seasamh.
“Is é is mian le Foras na Gaeilge go mbeidh ionadaí neamhspleách i Seanad Éireann ag a mbeidh an Ghaeilge ina tosaíocht thar aon tosaíocht eile, agus a dhéanfaidh ionadaíocht láidir ar son na teanga,” a deir Foras na Gaeilge i ráiteas.
“Cé go mbíonn teachtaí Dála agus seanadóirí go leor ann a thacaíonn go tréan le cosaint agus forbairt na Gaeilge, is minic a bhíonn ceisteanna polaitiúla eile agus leas a bpáirtithe chun tosaigh ar cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge, rud a chuireann srian ar an ionadaíocht a dhéanann siad thar ceann na Gaeilge. Lena chois sin, bíonn brú orthu labhairt i mBéarla go minic le haird na meán a mhealladh.
“Beidh Foras na Gaeilge ag iarraidh duine nach mbeidh na srianta sin air nó uirthi, agus nach labhróidh ach Gaeilge i dTithe an Oireachtais, a ainmniú. Beidh Foras na Gaeilge ar lorg duine le saineolas ar fhorbairt na Gaeilge, ag a bhfuil taithí ar ionadaíocht a dhéanamh ar son na Gaeilge, agus a bheidh toilteanach gan ach Gaeilge a úsáid sa Seanad. Lena chois sin, beimid ar lorg duine a mbeidh ar a cumas, a chummas feachtas láidir toghchánaíochta a eagrú agus a reáchtáil.”
Nuair a bheidh an t-iarrthóir ainmnithe ag Foras na Gaeilge, deirtear go mbeidh an t-iarrthóir go hiomlán neamhspleách ar an bhForas, agus beidh an duine sin ag gníomhú ar a chomhairle féin. Dá n-éireodh leis an iarrthóir, bheadh Foras na Gaeilge ag súil go dtapódh an Seanadóir gach deis cur go láidir ar son na Gaeilge, ach is de réir a gcomhairle féin a phléifidís le ceisteanna eile a bheadh á bplé i Seanad Éireann.
Faoin reachtaíocht, caithfear toghchán an Seanaid a reáchtáil laistigh de 90 lá den Dáil a bheith curtha ar lánscor, rud a fhágann go mbeidh toghchán an chéad Seanaid eile ann ar an 6 Feabhra, 2025 ar a dheireanaí.
Bunaithe ar léirithe spéise a gheofar, roghnóidh painéal roghnúcháin an duine cuí le cur faoi bhráid Bhord Fhoras na Gaeilge don ainmniúchán. Ag brath ar líon na léirithe spéise a gheofaí, d’fhéadfaí próiseas gearrliostaithe agus agallaimh a reáchtáil chomh maith.
Ar an 8 Eanáir cuirfidh Ceann Comhairimh an tSeanaid bailchríoch ar phainéil na n-iarrthóirí, seolfar na páipéir bhallóide amach ar an 15 Eanáir, agus dúnfar an bhallóid ar an 30 Eanáir.
Cúig shuíochán atá ar fáil ar an bPainéal Saíochta agus Oideachais agus toghtar daoine a bhfuil “eolas agus taithí phraiticiúil” acu ar “an teanga agus an cultúr náisiúnta, an litríocht, na healaíona, an t-oideachas agus leasa gairmiúla” – is iad na leasanna gairmiúla a luaitear ná an dlí agus an leigheas. Seasca suíochán ar fad atá i Seanad Éireann.
Tá go dtí Dé hAoine seo chugainn. an 6 Nollaig, ag daoine spéis sa Seanad a léiriú d’Fhoras na Gaeilge.
Fág freagra ar 'Foras na Gaeilge sa tóir ar dhuine le hainmniú do thoghchán an tSeanaid'