Deireadh le dualgas dlí ar eagrais stáit seirbhísí breise i nGaeilge a chur ar fáil don phobal

Tá deireadh ag teacht le córas na scéimeanna teanga gan an córas nua atá beartaithe a chur ina áit a bheith réidh

Deireadh le dualgas dlí ar eagrais stáit seirbhísí breise i nGaeilge a chur ar fáil don phobal

Ón Satharn beag seo ní bheidh aon dualgais bhreise i leith na Gaeilge ar eagrais stáit toisc gur ligeadh do chóras reachtúil dul as feidhm gan aon chóras nua a chur ina áit.

Nuair a rachaidh córas na scéimeanna teanga, faoina leagtaí dualgais bhreise teanga ar eagrais stáit, as feidhm Dé Sathairn, beidh an stát ag brath arís ar dhea-thoil na n-eagras seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil.

Dheimhnigh Roinn na Gaeltachta do Tuairisc inné go rachaidh córas na scéimeanna teanga as feidhm gan aon chóras nua a bheith curtha ina áit.

Is faoin reachtaíocht teanga a tugadh isteach mí na Nollag 2021 a thiocfaidh deireadh le córas na scéimeanna teanga i ndiaidh an 21 Nollaig 2024, Dé Sathairn seo chugainn, trí bliana i ndiaidh achtú na reachtaíochta.

Mar nach ann fós don chóras nua atá beartaithe a thabhairt isteach, ní bheidh aon dualgas faoin dlí ar aon eagraíocht stáit aon seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil seachas bunseirbhísí amhail comhfhreagras, fógraíocht agus comharthaíocht a bheith i nGaeilge.

Ón Satharn ar aghaidh, ní bheidh aon dualgas ar eagrais stáit aon seirbhísí breise a chur ar fáil i nGaeilge nach bhfuil luaite go sonrach sa bhunreachtaíocht teanga.

Is é córas na scéimeanna an córas a bhí ann le beagnach 20 bliain chun cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát, ach imeoidh sé anois gan aon chóras nua a bheith bunaithe ina áit.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 tá córas nua le bunú, córas na gcaighdeán, in áit chóras na scéimeanna. Faoi chóras na gcaighdeán dhéanfaí rangú ar chomhlachtaí poiblí, bunaithe ar a dtábhacht agus ar an gcaidreamh atá acu leis an bpobal i gcoitinne, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh. Dhéanfaí na caighdeáin is airde ó thaobh seirbhísí Gaeilge a éileamh ó na heagraíochtaí sin is mó a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal.

Deir an Roinn go gcuirfear tús leis an obair chomhairliúcháin a bhaineann le forbairt chóras na gcaighdeán “go luath” in 2025 ach níl aon spriocdháta luaite le bunú an chórais nua.

Meastar go bhféadfadh go mbeidh tamall fada ann sula mbeidh an córas réidh le cur i bhfeidhm agus dualgais bhreise le leagan ar chomhlachtaí maidir le seirbhísí i nGaeilge.

Beidh an obair níos casta mar go mbeidh deis ag comhlachtaí poiblí faoin reachtaíocht achomharc a dhéanamh faoin rangú a dhéanfar orthu.

Faoi chóras na gcaighdeán, chinnteodh Aire na Gaeltachta nach bhféadfadh comhlacht poiblí níos lú seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ná mar a bhí á soláthar faoina scéim teanga, ach ní léir conas a oibreoidh an ghné sin den reachtaíocht anois ó tharla nach bhfuil aon dualgas níos mó ar chomhlachtaí poiblí scéim teanga a dhaingnigh an tAire a chur i gcrích.

Idir an dá linn, d’fhéadfadh go bhfágfar an pobal gan cuid mhaith seirbhísí a bheith ar fáil ina rogha teanga.

Chuir Roinn na Gaeltachta leasú i mBille Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 a d’fhágfadh go bhfanfadh scéimeanna teanga i bhfeidhm go dtí go dtabharfaí córas na gcaighdeáin teanga isteach, ach theip ar an rialtas deireanach an bille sin a achtú.

Thug urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc go mbeifí ag scríobh chuig eagrais stáit ag iarraidh orthu seirbhísí a chur ar fáil in ainneoin nach mbeidh dualgas reachtúil orthu iad a sholáthar.

“Ós rud é nach bhfuil an Bille sin [Bille an Údaráis] achtaithe go fóill, beidh an Roinn ag scríobh sna laethanta amach romhainn chuig gach comhlacht poiblí le meabhrú dóibh nár chóir aon laghdú a theacht ar leibhéil na seirbhísí i nGaeilge atá á soláthar acu [sula dtiocfaidh na caighdeáin teanga i bhfeidhm],” a dúirt urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.

Fág freagra ar 'Deireadh le dualgas dlí ar eagrais stáit seirbhísí breise i nGaeilge a chur ar fáil don phobal'

  • Billy an Ghoirt

    Théip ar chóras na scéimeanna teanga sa chuid is mó de na heagrais stáit mar gheall ar na státseirbhísigh féin – ní chreideann an chuid is mó acu i gcearta teanga mar chearta bunúsacha agus níl síad ag iarraidh son obair sa bhreis a dhéanamh ach an oiread.

    Tá cuid mhaith de stairseirbhís na hÉireann frithGhaelach sa bhealach sin.

  • Colmcille Ó Monacháin

    Ní dhearnadh anailís cheart riamh ar na ciallachais ná ar na himpleachtaí dlí agus riaracháin a thig as an Ghaeilge a bheith ina teanga oifigiúil faoin Bhunreacht / ina príomhtheanga oifigiúil faoin Bhunreacht / ina teanga náisiúnta faoin Bhunreacht. Agus ó tharla nach ndearnadh cad é mar a d’fhéadfaí soláthar a dhéanamh le haghaidh na n-impleachtaí praiticiúla!

    Cén t-iontas go dtáinig sé de chor sa tsaol go mbítear ag trácht ar “sheirbhísí breise” i nGaeilge agus gan i gceist ach ná gnáthsheirbhísí a chuirtear ar fáil gan cheist gan deacracht do Bhéarlóirí.

    Baineadh anuas Bratach Sheáin Bhuí (i gcuid den tír), ach tá Seán Buí féin fós ina shuí faoi ghradam, é mar a bhí riamh ach gur fhoghlaim sé roinnt cleasa úra – féach é ina chulaith thrídhathach ag seinm go míbhinn ar a chláirseach órga, agus scaoth ‘náisiúntóirí’ ag buaileadh bos leis!

  • Seán Mag Leannáin

    Ceap magaidh á dhéanamh den teanga ag an rialtas s’againne. An canna ciceáilte síos an bóthar go Tír na nÓg. Go dtaga thiar aniar. Is ábhar geamaireachta é an raiméis seo ón Roinn. “Deir an Roinn go gcuirfear tús leis an obair chomhairliúcháin a bhaineann le forbairt chóras na gcaighdeán “go luath” in 2025 ach níl aon spriocdháta luaite le bunú an chórais nua. Meastar go bhféadfadh go mbeidh tamall fada ann sula mbeidh an córas réidh le cur i bhfeidhm agus dualgais bhreise le leagan ar chomhlachtaí maidir le seirbhísí i nGaeilge. Beidh an obair níos casta mar go mbeidh deis ag comhlachtaí poiblí faoin reachtaíocht achomharc a dhéanamh faoin rangú a dhéanfar orthu.”