Tá cáineadh géar déanta ag urlabhraí Gaeilge Shinn Féin ar Fhianna Fáil agus ar Fhine Gael maidir leis an scéal nach mbeidh aon dualgas reachtúil ar eagrais stáit seirbhísí breise a chur ar fáil i nGaeilge ón deireadh seachtaine seo ar aghaidh.
Tá feidhm le tabhairt an deireadh seachtaine seo d’fhorálacha uile Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus deireadh le cur le córas na scéimeanna teanga, an córas faoina n-aontaíodh comhlachtaí poiblí na seirbhísí breise a chur ar fáil trí Ghaeilge.
Faoin reachtaíocht leasaithe, bhí córas na gcaighdeán teanga le teacht isteach in áit chóras na scéimeanna ach níl an córas réidh le cur i bhfeidhm go fóill, trí bliana ó tháinig an t-acht nua isteach.
Fágann sin nach mbeidh aon dualgas faoin dlí ar aon eagraíocht stáit aon seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil seachas bunseirbhísí amhail comhfhreagras, fógraíocht agus comharthaíocht a bheith i nGaeilge.
D’fhéadfadh nach dtiocfadh córas na gcaighdeán i bhfeidhm go dtí deireadh 2025 ar a luaithe agus an baol ann go bhfágfar an pobal gan cuid mhaith seirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge idir an dá linn.
“Tá gach baol ann go mbeidh cúlú suntasach ar chearta teanga sa Stát seo mar thoradh ar mhoilleadóireacht ó Rialtas,” a deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh le Tuairisc.
Deir Ó Snodaigh gur chuir Jack Chambers, a bhí ina aire stáit Gaeltachta ag an am, daoine amú nuair a dúirt sé go raibh na caighdeáin teanga á ndréachtú nuair a bhí an bille teanga á phlé sa Dáil in 2021 agus go bhfoilseofaí dréachtchaighdeáin sula n-achtófaí an bille, rud nár tharla.
Deir Ó Snodaigh gur léirigh sé imní ag an am faoi céard a tharlódh dá mbeadh bearna idir deireadh chóras na scéimeanna agus cur i bhfeidhm chóras na gcaighdeán ach nár glacadh le leasuithe a mhol sé chun an fhadhb a sheachaint.
“D’admhaigh an rialtas sa deireadh go raibh an ceart agam nuair a chinn siad foráil a chur isteach i mBille Údarás na Gaeltachta chun síneadh a thabhairt do na scéimeanna teanga reatha, ach dhiúltaigh siad an Bille sin a rith tapaidh go leor in ainneoin gach deis a thug an Coiste Gaeilge dóibh. Ansin ghlaoigh siad toghchán luath gan an fhadhb seo a réiteach.
“Anois, trí bliana ó achtaíodh an tAcht, tá an Coiste Comhairleach críochnaithe, tá Plean Náisiúnta foilsithe gan gníomh geallta ann, tá deireadh tagtha leis na scéimeanna teanga, agus fós níl tásc ná tuairisc ar chaighdeáin,” arsa Ó Snodaigh.
Dúirt sé gur chuir an t-aire Chambers an Dáil amú in 2021 nuair a dúirt sé go raibh na caighdeán á ndréachtú.
“Beidh air leithscéal a ghabháil agus míniú a thabhairt. Beidh ar an rialtas nua gníomhú go gasta nuair atá sé bunaithe chun reachtaíocht a rith a thabharfadh feidhm shealadach do na seanscéimeanna arís go dtí go bhfuil caighdeáin dréachtaithe agus curtha i bhfeidhm.
“Tá sé seo rídháiríre. Tá cearta teanga á mbaint dínn mar gheall ar rialtas Fhianna Fáil agus Fine Gael. Ní bheidh na cosaintí céanna ag Gaeil anois is iad ag lorg seirbhísí ina dteanga féin agus meas ón státchóras.”
Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn gur gá a aithint go bhfuil dul chun cinn déanta i dtaobh cearta teanga ó tháinig an t-acht leasaithe i bhfeidhm trí bliana ó shin ach go léiríonn an scéal is déanaí an gá go mbeadh duine ag plé le ceist na Gaeilge ag leibhéal sinsearach sa rialtas.
“Tá trí bliana ann ó tháinig an tAcht isteach agus tá dul chun cinn déanta, tá sé le feiceáil agus le cloisteáil san fhógraíocht trí Ghaeilge a dhéantar sna meáin mar shampla, agus is maith sin. Is maith freisin go mbeidh dualgas ar chomhlachtaí príobháideacha a bhíonn ag obair thar ceann an stáit seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá sé sin uile mar thoradh ar an Acht agus tá sé dearfach.
“Tá sé thar a bheith díomách áfach go bhfuil muid anseo trí bliana tar éis don Acht teacht isteach, ní hamháin nach bhfuil na caighdeáin teanga i bhfeidhm ach nach bhfuil oiread is sampla againn, fiú le feiceáil, chun a mheas na cineálacha dualgas a bheidh ar chomhlachtaí poiblí.
Dúirt de Spáinn go léiríonn an scéal an gá atá le haire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a thógfadh ceannasaíocht ar an acht agus a bheadh dírithe ar na caighdeáin a thabhairt isteach gan a thuilleadh moille.
“Tá acmhainní breise ag teastáil chomh maith. Ceann de na cúiseanna nár éirigh leis an gcéad acht ná nár cuireadh na hacmhainní cuí ar fáil riamh agus caithfear an fhadhb sin a sheachaint arís. Tá foireann bhreise ag teastáil don Choimisinéir Teanga, mar shampla.
“Nuair a bunaíodh Coimisiún na Meán, bhí feidhm shoiléir ann, aithníodh céard a bhí ag teastáil agus tá foireann 200 duine ag obair ann anois. Caithfear an tiomantas céanna a léiriú maidir leis an nGaeilge.
“Tógfaidh sé aire sinsearach teacht isteach agus a rá go bhfuil sé seo chun tarlú agus go bhfuil gá na hacmhainní a chur ar fáil.”
In ainneoin go bhfuil deireadh ag teacht le córas na scéimeanna an deireadh seachtaine seo, dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc go mbeifí ag scríobh chuig eagrais stáit ag iarraidh orthu seirbhísí a chur ar fáil in ainneoin nach mbeidh dualgas reachtúil orthu iad a sholáthar.
Deir an Roinn go gcuirfear tús leis an obair chomhairliúcháin a bhaineann le forbairt chóras na gcaighdeán “go luath” in 2025 ach níl aon spriocdháta luaite le bunú an chórais nua.
Fág freagra ar '‘An baol ann go mbeidh cúlú suntasach ar chearta teanga mar thoradh ar mhoilleadóireacht rialtais a d’inis bréag dúinn’ – Sinn Féin'