TUAIRISC BHEO: Na suíocháin go léir sa 34ú Dáil líonta, Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó

Fáilte romhaibh go dtí Tuairisc Bheo faoi Olltoghchán 2024. Bí linn as seo go ceann cúpla lá do na scéalta is déanaí faoin gcomhaireamh, ón nGaeltacht agus ó na toghcheantair go léir

TUAIRISC BHEO: Na suíocháin go léir sa 34ú Dáil líonta, Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó

Na suíocháin go léir sa 34ú Dáil líonta, Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó

Tá comhaireamh vótaí Olltoghchán 2024 thart agus an 174 suíochán sa 34ú Dáil líonta. I gCabhán-Muineachán a líonadh na trí shuíochán dheireanacha nuair a toghadh beirt ó Fhianna Fáil Niamh Smyth agus Brendan Smith agus Cathy Bennet ó Shinn Féin. Fágann an bua sin d’Fhianna Fáil gur 48 Teachta Dála a bheidh acu sa chéad Dáil eile. Beidh Sinn Féin sa dara háit agus 39 suíochán acu agus sa tríú háit a bheidh Fine Gael le 38 suíochán. Fágann an 86 suíochán atá ag Fianna Fáil agus Fine Gael i bhfoisceacht dhá shuíochán de mhóramh Dála, 88. 11 suíochán a bhuaigh Páirtí an Lucht Oibre agus 11 suíochán a bhuaigh na Daonlathaithe Sóisialta. Ní raibh fágtha ag an gComhaontas Glas i ndiaidh an chomhairimh ach suíochán amháin agus é sin ag a gceannaire Roderic O’Gorman. Trí shuíochán atá ag Pobal seachas Brabús, ceithre cinn atá ag Independent Ireland agus dhá shuíochán atá ag Aontú. 16 neamhspleách a toghadh agus toghadh i nDún na Gall duine amháin ó 100% Redress. Beidh plé is caibidil ag na páirtithe polaitiúla ar fad sna laethanta beaga seo romhainn agus tús á chur leis an margáintíocht go léir le rialtas eile a chur le chéile.

Gan ach ceithre shuíochán fágtha le líonadh, Fine Gael críochnaithe le 38 

Tá triúr Teachtaí Dála eile tofa i nDáilcheantar an Lú, rud a fhágann nach bhfuil fágtha le líonadh anois in Olltoghchán 2024 ach ceithre shuíochán i gCabhán-Muineacháin. Tá athchomhaireamh ar bun i gCorcaigh Thuaidh-Lár. Is iad an triúr a toghadh i gcontae Lú sa 20ú comhaireamh, Ged Nash Pháirtí an Lucht Oibre, Paula Butterly ó Fhine Gael agus Erin McGreehan ó Fhianna Fáil. Fágann an toradh sin gur ar 38 suíochán a chríochnóidh Fine Gael agus gur 11 suíochán a bheidh ag Páirtí an Lucht Oibre.

Bheadh seans ag Sinn Féin dul chun cinn ar Fhine Gael, ó thaobh líon na suíochán, dá n-éireodh leo in dhá cheann de na ceithre shuíochán atá fágtha le líonadh. Tá Matt Carthy (SF) agus Cathy Bennet (SF) san iomaíocht do na suíocháin ansin ach tá seans maith ag beirt ó Fhianna Fáil Niamh Smyth agus Brendan Smith chomh maith agus tá Sarah O’Reilly (Aontú) fós san iomaíocht. Dá n-éireodh le beirt Fhianna Fáil bheadh 48 suíochán ag an bpáirtí nuair a bheadh deireadh ráite.

Fianna Fáil agus Fine Gael gar do mhóramh, beirt chainteoirí eile Gaeilge tofa

Tá beirt chainteoirí eile Gaeilge tofa chuig an 34ú Dáil i gCill Dara Thuaidh, Naoise Ó Cearúil ó Fhianna Fáil agus Joe Neville ó Fhine Gael. Fágann bua na beirte i ndiaidh an 12ú comhaireamh go mbeidh 39 Teachta Dála a bhfuil dóthain Gaeilge acu chun agallamh beo a dhéanamh i nGaeilge sa chéad Dáil eile. Is ionann sin agus 22% den 174 Teachta Dála a bheidh i nDáil Éireann. Tá Naoise Ó Cearúil agus Joe Neville ar bheirt de dháréag cainteoirí Gaeilge a toghadh chun na Dála den chéad uair. Toghadh i gCill Dara Thuaidh chomh maith James Lawless (FF), Aidan Farrelly (FG) agus Réada Cronin (SF).

Tá a shuíochán caillte ag an aire sláinte Stephen Donnelly. Edward Timmons Fhine Gael a fuair an ceann is fearr ar fhear Fhianna Fáil sa chomhaireamh deireanach. Toghadh Donnelly den chéad uair in 2011 nuair a bhí sé ina chomhcheannaire ar na Daonlathaithe Sóisialta. D’imigh sé le Fianna Fáil in 2017. Tá an comhaireamh fós ar siúl i roinnt dáilcheantar ar fud na tíre ach ag Fianna Fáil a bheidh an líon is mó suíochán, beagnach leathchéad. 162 den 174 suíochán atá líonta sa 43 dáilcheantar. Beidh Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó nuair a fhillfidh an Dáil ar an 18 Nollaig ach meastar gur sa bhliain nua a bhunófar rialtas nua. 43 suíochán atá ag Fianna Fáil go dtí seo, 36 atá ag Sinn Féin agus 36 atá ag Fine Gael. Ceann amháin atá ag an gComhaontas Glas, naoi gcinn atá ag Páirtí an Lucht Oibre agus 11 atá ag na Daonlathaithe Sóisialta. Triúr Teachtaí Dála a toghadh do Phobal seachas Brabús, beirt a toghadh do Aontú agus ceithre shuíochán atá ag Independent Ireland. 17 neamhspleách a toghadh go dtí seo. I nGaillimh Thiar fuair an neamhspleách Noel Grealish an suíochán deireanach sa dáilcheantar cúig shuíochán.

Agus an dara lá de chomhaireamh na vótaí in Olltoghchán 2024 nach mór caite, ba léir go mbeadh Fianna Fáil agus Fine Gael i rialtas le chéile arís le tacaíocht ó roinnt Teachtaí Dála neamhspleácha nó ó cheann de na páirtithe níos lú a raibh lá maith acu, Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta. Tá an comhaireamh fós ar siúl i roinnt dáilcheantar ar fud na tíre ach ag Fianna Fáil a bheidh an líon is mó suíochán, beagnach leathchéad. 40 suíochán nó díreach faoina bhun atá á thuar d’Fhine Gael. D’fhágfadh sin go mbeadh an dá pháirtí gar go maith do mhóramh Dála – 88. Thart ar 40 suíochán a bheidh ag Sinn Féin ach ní léir aon chonair chun na cumhachta a bheith ann don pháirtí. Beidh 37 cainteoir Gaeilge sa chéad Dáil eile. Chruthaigh na Daonlathaithe Sóisialta go maith sa toghchán agus figiúirí dúbailte bainte amach acu ó thaobh líon na suíochán. Bhí lá maith ag Páirtí an Lucht Oibre chomh maith. Tugadh stánáil don Chomhaontas Glas agus ní bheidh ach Teachta Dála amháin acu sa 34ú Dáil, a gceannaire Roderic O’Gorman a toghadh i mBaile Átha Cliath Thiar. 12 Teachta Dála a bhí ag an gComhaontas Glas sa 33ú Dáil.

Tá John Connolly (FF) agus Hildegarde Naughton (FG) tofa i nGaillimh Thiar. Tá an neamhspleách Noel Grealish chun cinn ar Noel Thomas ó Independent Ireland sa chath don suíochán deireanach sa dáilcheantar cúig shuíochán. Tá Grealish 583 vóta chun cinn ar Thomas. Déanfar farasbarr 941 vóta Connolly a roinnt anois. Toghadh sa chéad dá shuíochán sa dáilcheantar cúig shuíochán Mairéad Farrell Shinn Féin agus Catherine Connolly (NS).

Tá Gaeilge ag triúr de na hiarrthóirí i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh, Tom Brabazon (Fianna Fáil), Naoise Ó Muirí (Fine Gael) agus Barry Heneghan (Neamhspleách).

Is fear Gaeltachta é Naoise Ó Muirí, a tógadh ar an Spidéal agus tá agallaimh bheo déanta ag Barry Heneghan le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Thug Tom Brabazon le fios do Tuairisc níos túisce i mbliana go raibh sé in ann agallaimh bheo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.

Tá an t-iar-aire stáit Gaeltachta Pat the Cope Gallagher tofa i nDún na nGall sa 15ú comhaireamh. Tá breis is dhá scór bliain caite ag Gallagher ag plé leis an bpolaitíocht. Toghadh é chun na Dála naoi n-uaire idir 1981 agus 2016 agus toghadh é chun na hEorpa faoi thrí le linn na tréimhse sin chomh maith, i 1994, i 1999 agus arís in 2009. Chaill Gallagher, a raibh dhá sheal aige mar aire stáit na Gaeltachta, a shuíochán in olltoghchán 2020.

I nDún na nGall d’fhéadfadh go mbeadh an dá shuíochán eile sa dáilcheantar ag Charles Ward, 100% Redress agus an t-aire talmhaíochta Charlie McConalogue (FF) agus go gcaillfeadh an neamhspleach seanbhunaithe Thomas Pringle (NS) amach.

Tá aire stáit na Gaeltachta Thomas Byrne tofa sa 13ú comhaireamh sa Mhí Thoir. Is é Byrne an 30ú iarrthóir a bhfuil Gaeilge aige a toghadh go dtí seo chuig an 34ú Dáil. Bhain Byrne an cuóta amach nuair a aistríodh vótaí Emer Tóibín a cuireadh as an áireamh sa 12ú comhaireamh.

Toghadh an neamhspleách Gillian Toole chomh maith.

Den 30 cainteoir Gaeilge atá tofa go dtí seo, toghadh d’Fhianna Fáil 12 acu agus do Shinn Féin a toghadh 11.

Tofa gan toghchán d’Fhianna Fáil tá Seán Ó Fearghaíl, a bhí ina Cheann Comhairle sa Dáil dheireanach.

Na cainteoirí Gaeilge atá tofa…

Fianna Fáil

Catherine Ardagh (FF) – BÁC Theas Lár

Thomas Byrne (FF) – An Mhí Thoir

Tom Brabazon (FF) – Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh,

Jack Chambers (FF) – Baile Átha Cliath Thiar

Dara Calleary (FF) – Maigh Eo

John Connolly (FF) – Gaillimh Thiar

Cathal Crowe (FF) – An Clár

Norma Foley (FF) – Ciarraí

Pat the Cope Gallagher – Dún na nGall

Micheál Martin (FF) – Corcaigh Theas-Lár

Aindrias Moynihan (FF) – Corcaigh Thiar Thuaidh

Shane Moynihan (FF) – Baile Átha Cliath Thiar Meán

Darragh O’Brien (FF) – Baile Átha Cliath-Fine Gall Thoir

Seán Ó Fearghaíl (FF) – (Tofa gan toghchán)

Jim O’Callaghan (FF) – Cuan Bhaile Átha Cliath Theas

Pádraig O’Sullivan (FF) – Corcaigh Thuaidh-Lár

Sinn Féin

Pa Daly (SF) – Ciarraí

Pearse Doherty (SF) – Dún na nGall

Mary Lou McDonald (SF) – Baile Átha Cliath Láir

Fionntán Ó Súilleabháin (SF) – Cill Mhantáin-Loch Garman

Dessie Ellis (SF) – Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh

Conor McGuinness (SF) – Port Láirge

Shónagh Ní Raghallaigh (SF) – Cill Dara Theas

Donnchadh Ó Laoghaire (SF) – Corcaigh Theas-Lár

Aengus Ó Snodaigh (SF) – Baile Átha Cliath Theas Lár

Mairéad Farrell (SF) – Gaillimh Thiar

Ruairí Ó Murchú (SF) – Lú

Fine Gael

Patrick O’Donovan (FG) – Contae Luimnigh

Barry Ward (FG) – Dún Laoghaire

Hildegarde Naughton (FG) – Gaillimh Thiar

Naoise Ó Muirí (FG)- Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh

Páirtí an Lucht Oibre

Marie Sherlock (LO) – Baile Átha Cliath Láir

Neamhspleáigh

Catherine Connolly (NS) – Gaillimh Thiar

Carol Nolan (NS) – Uíbh Fhailí

Barry Heneghan (NS) — Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh

Aontú

Peadar Tóibín – An Mhí Thiar

Tá Ruairí Ó Murchú tofa do Shinn Féin i gcontae Lú. Ó Murchú a bhuaigh an chéad suíochán sa dáilcheantar cúig shuíochán agus déanfar a fharasbarr a roinnt anois. Is é an 29ú cainteoir Gaeilge atá tofa chuig an 34ú Dáil.

A chomhghleacaí Joanna Byrne atá sa dara háit agus í chun cinn ar chun cinn ar Ged Nash ó Pháirtí an Lucht Oibre, Erin McGreehan Fhianna Fáil agus Paula Butterly Fhine Gael.

Fine Gael fágtha ar an trá fholamh i gCiarraí

Ní bheidh Teachta ar bith ó Chiarraí ag Fine Gael sa gcéad Dáil eile agus teipthe ar Billy O’Shea suíochán a bhuachan sa Ríocht. Toghadh beirt ó Fhianna Fáil, an tAire Oideachais Norma Foley agus a comhghleacaí Michael Cahill, ar an 13ú comhaireamh. Bhain Foley an cuóta amach agus chríochnaigh Cahill, thart ar 750 vóta chun tosaigh ar O’Shea chun an suíochán deireanach a fháil.

Bhí Michael Healy-Rae ar bharr an chomhairimh arís i gCiarraí agus toghadh a dheartháir Danny Healy-Rae agus Pa Daly níos luaithe inniu.

An dáilcheantar is Gaelaí i mBaile Átha Cliath

Seans gurb é Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh an Dáilcheantar ina mbeidh an méid is mó Teachtaí Dála le Gaeilge, taobh amuigh de na dáilcheantair Ghaeltachta, nuair a chríochnófar an comhaireamh ann.

Tá Gaeilge ag Tom Brabazon (Fianna Fáil), Naoise Ó Muirí (Fine Gael), Barry Heneghan (Neamhspleách) agus Deirdre Heney (Fianna Fáil) agus tá gach uile dhuine den cheathrar san iomaíocht do na trí shuíochán atá fós gan líonadh sa Dáilcheantar.

Is fear Gaeltachta é Naoise Ó Muirí, a tógadh ar an Spidéal i gCois Fharraige, tháinig Deirdre Heney trí chóras na Gaelscolaíochta, agus tá agallaimh déanta ag Barry Heneghan – deartháir leis an scríbhneoir Ciara Ní Éanacháin – le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Thug Tom Brabazon le fios do Tuairisc níos túisce i mbliana go raibh sé in ann agallaimh bheo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.

Beidh Gaeilge ag triúr den chúigear Teachtaí nua Dála i Chuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh, mar sin.

Aengus Ó Snodaigh tofa i Baile Átha Cliath Theas-Lár

Tá urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, tofa chun na Dála arís. Toghadh Ó Snodaigh, a chomhghleacaí ó Shinn Féin Máire Devine, agus Jen Cummins ó na Daonlathaithe Sóisialta ar an 15ú comhaireamh gan an cuóta a bhaint amach.

Níor éirigh le cainteoir Gaeilge eile, Hazel de Nortúin ó Phobal seachas Brabús, suíochán a fháil sa dáilcheantar.

Tá cainteoir eile Gaeilge tofa chuig an 34ú Dáil agus an beart déanta ag Catherine Ardagh d’Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath Theas Lár.

26 iarrthóir a bhfuil dóthain Gaeilge acu chun agallamh beo a dhéanamh i nGaeilge leis na meáin chraolta atá tofa go dtí seo.

Comhaireamh eile againn ó Dhún na nGall agus an chéad duine d’iarrthóirí Fhine Gael, John McNulty, curtha as an áireamh. Is dóigh go rachaidh a chuid vótaí i dtreo an tSeanadóra Nikki Bradley ach is beag sóláis dise an méid sin ó tharla gurb í an chéad duine eile atá le cur as an áireamh agus í 1,059 vóta taobh thiar de Noel Jordan Shinn Féin.

Bhí dóchas inné ag lucht Shinn Féin i nDún na nGall go bhfaigheadh an páirtí trí shuíochán sa chontae ach is beag an baol go dtarlóidh sé sin anois. Tá Pat the Cope Ó Gallchóir fós beagnach 1,500 vóta gann ach is é an chéad duine eile a thoghfar. Tá an dá shuíochán eile sa dáilcheantar idir Charles Ward, 100% Redress, an t-aire talmhaíochta Charlie McConalogue (FF), agus Thomas Pringle (NS).

Beirt chainteoirí líofa Gaeilge tofa i nGaillimh Thiar

Tá beirt chainteoirí líofa Gaeilge tofa i nGaillimh Thiar, Mairéad Farrell ó Shinn Féin agus an Teachta neamhspleách Catherine Connolly. Farrell a bhí ag ceann an chomhairimh agus cuóta aici féin agus Catherine Connolly i ndiaidh an 11ú comhaireamh.

Déanfar farasbarr Mhairéad Farrell agus Catherine Connolly a roinnt anois. An Seanadóir Seán Kyne, a thug dhá thréimhse ina aire stáit Gaeltachta, an chéad duine eile a chuirfear as an áireamh i nGaillimh Thiar a mheastar.

Sa tríú háit bhí John Connolly ó Fhianna Fáil le 9,484 vóta agus é chun cinn ar an neamhspleách Noel Grealish.

Is cosúil go mbeidh an suíochán deiridh sa dáilcheantar cúig shuíochán ag Hildegarde Naughton ó Fhine Gael agus í bailithe beagáinín níos faide chun cinn ar Noel Thomas ó Independent Ireland.

Na suíocháin uile líonta i Maigh Eo

Tá an dá suíochán deireanach líonta i Maigh Eo agus iad tugtha leo ag Keira Keogh Fhine Gael agus Paul Lawless ó Aontú. Is é Lawless an dara duine ó Aontú atá tofa go dtí seo agus suíochán buaite ag ceannaire an pháirtí, Peadar Tóibín sa Mhí Thiar. An suíochán a d’fhág Michael Ring Fhine Gael atá tugtha léi ag Keogh.

Rose Conway-Walsh Shinn Féin a bhí ar bharr an chomhairimh i Maigh Eo agus tá Alan Dillon (FG) agus Dara Calleary (FF) tofa chomh maith.

An tinreamh vótála is lú i stair an stáit

 Bhí céatadán na ndaoine a chaith vóta san olltoghchán Dé hAoine seo caite – 59.7% – ar an gcéatadáin is lú daoine a chaith vóta in aon toghchán i stair an stáit.

Ba é an chéad uair gur thit céatadán na vótóirí faoi 60%. Ba é an céatadán is lú roimhe seo ná 61.3% i 1923.

62.9% a bhí ann in 2020, 65.1% a bhí ann in 2016 agus 69.9% a chaith vóta in 2011.

Bhí caint ar athchomhaireamh i nDún na nGall ach tá cinneadh déanta gan dul ar aghaidh leis. Cuireadh iarrthóir Aontú Mary Sweeney as an áireamh san aonú comhaireamh déag ach ó tharla go raibh sí i ngiorracht trí vóta don chéad iarrthóir eile – John McNulty Fhine Gael – shocraigh sí fiosrú faoi athchomhaireamh.

Ghlaoigh sí ar cheannaire a páirtí Peadar Tóibín lena chomhairle a lorg agus tuairiscítear anois nach mbeidh athchomhaireamh ann. Dáilfear a vótaí ar na hiarrthóirí atá fágtha. Tá an t-aire talmhaíochta Charlie McConalogue (Fianna Fáil) 65 vóta chun cinn ar Charles Ward (100% Redress) agus 2,074 vóta chun cinn ar Thomas Pringle (Neamhspleách). Is é Pat the Cope Gallagher Gallchóir a bhuafaidh an tríú suíochán.

Suíochán buaite ag ceannaire an Chomhaontais Ghlais

Roderic O’Gorman: Leah Farrell / RollingNews.ie

Tá suíochán buaite ag ceannaire an Chomhaontais Ghlais Roderic O’Gorman i mBaile Átha Cliath Thiar. Toghadh é féin agus Ruth Coppinger, Pobal seachas Brabús, ar an 13ú comhaireamh.

Agus drochthoghchán amach is amach ag an gComhaontas Glas is é O’Gorman an t-aon Teachta Dála a bheidh acu sa chéad Dáil eile. 12 a bhí acu sa 33ú Dáil.

I gCiarraí tá an tríú suíochán buaite ag Danny Healy-Rae.

Tá an cainteoir Gaeilge Donnchadh Ó Laoghaire tofa i gCorcaigh Theas-Lár. Tá Ó Laoghaire ina Theachta Dála ó 2016.

Os cionn 20 cainteoirí Gaeilge tofa chuig an 34ú Dáil go dtí seo…

 Tá 22 cainteoir Gaeilge i measc na n-iarrthóirí atá tofa go dtí seo.

Toghadh d’Fhianna Fáil deichniúr acu sin agus do Shinn Féin a toghadh cúigear.

Na cainteoirí Gaeilge atá tofa…

Fianna Fáil

Jack Chambers (FF) – Baile Átha Cliath Thiar

Dara Calleary (FF) – Maigh Eo

Cathal Crowe (FF) – An Clár

Micheál Martin (FF) – Corcaigh Theas-Lár 

Aindrias Moynihan (FF) – Corcaigh Thiar Thuaidh

Shane Moynihan (FF) – Baile Átha Cliath Thiar Meán

Darragh O’Brien (FF) – Baile Átha Cliath-Fine Gall Thoir

Seán Ó Fearghaíl (FF) – (Tofa gan toghchán)

Jim O’Callaghan (FF) – Cuan Bhaile Átha Cliath Theas

Pádraig O’Sullivan (FF) – Corcaigh Thuaidh-Lár

 Sinn Féin

Pa Daly (SF) – Ciarraí

Pearse Doherty (SF) – Dún na nGall

Mary Lou McDonald (SF) – Baile Átha Cliath Láir

Fionntán Ó Súilleabháin (SF) – Cill Mhantáin-Loch Garman

Dessie Ellis (SF) – Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh

Conor McGuinness (SF) – Port Láirge

Shónagh Ní Raghallaigh (SF) – Cill Dara Theas

 Fine Gael

Patrick O’Donovan (FG) – Contae Luimnigh

Barry Ward (FG) – Dún Laoghaire

Páirtí an Lucht Oibre

Marie Sherlock (LO) – Baile Átha Cliath Láir

Neamhspleáigh

Carol Nolan (NS) – Uíbh Fhailí

 Aontú

Peadar Tóibín – An Mhí Thiar

Beidh Gaeilgeoir nua eile sa Dáil agus Shane Moynihan Fhianna Fáil tofa i mBaile Átha Cliath Thiar Meán.

Os cionn 100 iarrthóir tofa chun an 34ú Dáil

Tá breis is 100 iarrthóir tofa le bheith ina dTeachtaí Dála sa 34ú Dáil. Tá an comhaireamh fós ar siúl i ndáilcheantair ar fud na tíre agus athchomhaireamh ar siúl i gcontae Lú.

Tá Gaeilge ag 22 den 101 a toghadh go dtí seo.

27 iarrthóir a toghadh d’Fhianna Fáil, 24 a fuair suíochán do Shinn Féin agus tá 24 suíochán ag Fine Gael go dtí seo. Chruthaigh na Daonlathaithe Sóisialta go maith sa toghchán agus sé suíochán acu agus bhí lá maith ag Páirtí an Lucht Oibre chomh maith agus sé suíochán buaite cheana féin acu.

Tugadh stánáil don Chomhaontas Glas agus gan aon Teachta Dála acu go fóill. Tá a suíocháin caillte cheana ag ochtar den 12 Teachta Dála a bhí ag an gComhaontas Glas sa 33ú Dáil.

Tá suíochán cheannaire an pháirtí, Roderic O’Gorman, i mbaol i mBaile Átha Cliath Thiar agus tá a suíochán i mBaile Átha Cliath-Ráth an Dúin caillte ag Catherine Martin, aire na Gaeltachta.

Triúr a toghadh do Independent Ireland agus naonúr neamhspleách atá tofa. Toghadh freisin ceannaire Aontú, Peadar Tóibín.

21.9% an sciar de vótaí céadrogha a fuair Fianna Fáil a mbeidh an líon is mó suíochán acu chomh maith. 20.8% a fuair Fine Gael agus 19% a bhí ag Sinn Féin.

Meastar go bhféadfadh Fianna Fáil a bheith gar do leathchéad suíochán agus go mbeidh faoi bhun 40 ag Fine Gael agus Sinn Féin.

A suíochán caillte ag Aire na Gaeltachta

Catherine Martin. Pic: Sam Boal / RollingNews.ie

Tá a suíochán caillte ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin. Cuireadh Martin, iar-leascheannaire an Chomhaontais Ghlais, as an áireamh i mBaile Átha Cliath-Ráth an Dúin tar éis naoi gcomhaireamh.

Cathal Crowe tofa d’Fhianna Fáil i gcontae an Chláir

Is é Cathal Crowe an dara Teachta de chuid Fhianna Fáil atá tofa i gcontae an Chláir agus a shuíochán Dála coinnithe aige

Conor McGuinness Shinn Féin tofa i bPort Láirge

Tá cainteoir Gaeilge eile tofa agus an dara suíochán ag Sinn Féin i bPort Láirge buaite ag Conor McGuinness.

Bhí Conor McGuinness tamall ina Oifigeach Pleanála Teanga i nGaeltacht na nDéise agus thug sé seal mar leaschathaoirleach ar Bhord Fhoras na Gaeilge. 19 cainteoirí Gaeilge atá tofa chuig an 34ú Dáil go dtí seo.

Gráinne Seoige as an áireamh i nGaillimh Thiar

Tá Gráinne Seoige (FF) curtha as an áireamh i nGaillimh Thiar agus tá an 3,162 vóta a bhí aici le haistriú i ndiaidh an naoú comhaireamh.

Mairéad Farrell Shinn Féin atá ar cheann an chomhairimh i gcónaí agus í chun cinn ar an neamhspleách Catherine Connolly, atá sa dara háit agus John Connolly (FF) atá sa tríú háit.

Tá Noel Grealish (NS) sa cheathrú háit sa dáilcheantar cúig shuíochán.

Tá Hildegarde Naughton imithe chun cinn ar Noel Tomhas (Independent Ireland) sa rás don suíochán deireanach.

Na cainteoirí Gaeilge atá tofa chuig an 34ú Dáil go dtí seo…

 Tá 18 cainteoir Gaeilge i measc na n-iarrthóirí atá tofa go dtí seo.

Is iad Pa Daly, a toghadh do Shinn Féin i gCiarraí, Dessie Ellis a toghadh do Shinn Féin i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh agus Shónagh Ní Raghallaigh a fuair suíochán i gCill Dara Theas an triúr cainteoirí Gaeilge is déanaí a fuair suíocháin.

Toghadh d’Fhianna Fáil seachtar acu sin agus do Shinn Féin a toghadh cúigear. Tá beirt a bhfuil Gaeilge acu tofa d’Fhine Gael go dtí seo. Cainteoir Gaeilge chomh maith é Peadar Tóibín, ceannaire Aontú a toghadh sa Mhí Thiar. Tá Gaeilge ag an neamhspleách Carol Nolan, a toghadh in Uíbh Fháilí agus ag Marie Sherlock Pháirtí an Lucht Oibre a toghadh i mBaile Átha Cliath Láir.

An sainmhíniú atá ag Tuairisc ar chainteoir Gaeilge ná go mbeadh sé ar chumas an pholaiteora agallamh beo a dhéanamh i nGaeilge leis na meáin chraolta. Rinne Tuairisc suirbhé ar na páirtithe go léir roimh an toghchán le fáil amach cérbh iad na hiarrthóirí acu a shásódh an chritéir sin.

 Na cainteoirí Gaeilge atá tofa…

 Fianna Fáil

Jack Chambers (FF) – Baile Átha Cliath Thiar

Dara Calleary (FF) – Maigh Eo

Micheál Martin (FF) – Corcaigh Theas-Lár 

Aindrias Moynihan (FF) – Corcaigh Thiar Thuaidh

Darragh O’Brien (FF) – Baile Átha Cliath-Fine Gall Thoir

Seán Ó Fearghaíl (FF) – (Tofa gan toghchán)

Jim O’Callaghan (FF) – Cuan Bhaile Átha Cliath Theas

Sinn Féin

Pa Daly (SF) – Ciarraí

Pearse Doherty (SF) – Dún na nGall

Mary Lou McDonald (SF) – Baile Átha Cliath Láir

Fionntán Ó Súilleabháin (SF) – Cill Mhantáin-Loch Garman

Dessie Ellis (SF) – Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh

Shónagh Ní Raghallaigh (SF) – Cill Dara Theas

Fine Gael

Patrick O’Donovan (FG) – Contae Luimnigh

Barry Ward (FG) – Dún Laoghaire

Páirtí an Lucht Oibre

Marie Sherlock (LO) – Baile Átha Cliath Láir

Neamhspleáigh

Carol Nolan (NS) – Uíbh Fhailí

Aontú

Peadar Tóibín – An Mhí Thiar

Tá Shónagh Ní Raghallaigh tofa do Shinn Féin i gCill Dara Theas.

Breis is leath de shuíocháin an 34ú Dáil líonta 

Tá breis is leath de shuíocháin an 34ú Dáil líonta anois agus 88 iarrthóir tofa. 23 Teachta Dála atá ag Fianna Fáil go dtí seo, 22 atá ag Fine Gael agus 20 atá tofa do Shinn Féin.

Cúigear atá tofa do na Daonlathaithe Sóisialta agus cúigear eile atá ag Páirtí an Lucht Oibre. Triúr atá ag Independent Ireland. Duine amháin atá ag Pobal seachas Brabús agus duine amháin atá ag Aontú. Seachtar neamhspleách atá tofa go dtí seo.

Páirtí an Lucht Oibre róbheag le dul isteach leis na páirtithe móra’ – Aodhán Ó Ríordáin

Aodhán Ó Ríordáin. Pic: Leah Farrell/Rollingnews.ie

Deir an Feisire Eorpach do Pháirtí an Lucht Oibre, Aodhán Ó Ríordáin, nach dóigh leis go rachaidh a pháirtí i rialtas le Fine Gael agus Fianna Fáil tar éis an Olltoghcháin.

Dúirt Ó Ríordáin, a toghadh go Parlaimint na hEorpa i mbliana, le Fachtna Ó Drisceoil ó RTÉ Raidió na Gaeltachta go mbraitheann sé go bhfuil a pháirtí róbheag le dul isteach leis na páirtithe móra agus go mbeidh siad ag caint leis na Daonlathaithe Sóisialta “an tseachtain seo chugainn”.

“Má bhreathnaíonn tú ar an méid atá tite amach don Chomhaontas Glas agus an méid a tharla dúinne in 2016 – agus bhí muid mar aon trian den rialtas sin – tá muid chomh beag sin i gcomparáid le Fianna Fáil agus Fine Gael, ní dóigh liom go mbeadh mórán tionchair aige ar an rialtas seo.

“Ag breathnú ar na figiúirí, ní dóigh liom go bhfuil spás ann [do Pháirtí an Lucht Oibre], agus táimid díreach tar éis teacht amach as an mbriseadh croí a bhí ann le deich mbliana anuas. Ní dóigh liom mbeidh aon seans go rachaimid isteach sa rialtas, ach beidh caint ann eadrainn féin agus na SocDems an tseachtain seo chugainn,” a dúirt sé.

Hutch buailte agus Sherlock tofa i mBaile Átha Cliath Láir

Gerry Hutch san RDS. Pic: Leon Farrell / © RollingNews.ie

Toghadh Marie Sherlock tofa do Pháirtí an Lucht Oibre i mBaile Átha Cliath Láir nuair a chuaigh sí chun cinn ar Gerry ‘The Monk’ Hutch san 11ú comhaireamh. Bhí an chuma ar chúrsaí ar feadh tamaill go mbeadh an lá le Hutch ach níor éirigh leis dóthain vótaí aistrithe a fháil chun fanacht chun cinn ar Sherlock nuair a roinneadh farasbarr Paschal Donohue.

‘Is as an Spidéal i gConamara mise, ní raibh aon pharasiúit i gceist’ – Gráinne Seoige

Tá cosaint déanta ag Gráinne Seoige ar an gcinneadh í a chur chun cinn mar iarrthóir d’Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar. Ní éireoidh leis an gcraoltóir aitheanta suíochán a bhuachan ina ceantar dúchais ach shéan sí gur chaith Fianna Fáil go fabhrach léi.

“Muintir na háite seo a thug ainmniúchán domsa. Bhí mé ag gabháil thart le mí agus chas mé ar na toscairí ina gcuid tithe. Chuaigh mé go dtí an coinbhinsiún. Thogh baill Fhianna Fáil sa dáilcheantar seo mé le seasamh san olltoghchán agus diúltaím ar fad don chaint sin gur paraisiútáladh isteach anseo mé,” a dúirt Seoige agus í ag labhairt leis na meáin san ionad comhairimh i mBóthar na Trá.

“Is as an Spidéal i gConamara mise. Tógadh ansin mé. Is as Ros Muc m’athair, is as Inis Meáin mo mháthair. Is páirt den áit seo mise agus ní raibh aon pharasiúit i gceist.

“Branda atá sa gcaint seo faoi cheiliúráin a thaitníonn le daoine a cheangal dom agus ní deas an branda é mar tugann sé le fios nach bhfuil aon téagar i nduine agus tá neart téagair ag baint liomsa agus an Tánaiste fhéin a dúirt inné gur iarrthóir suntasach a bhí ionam.”

Ag labhairt di le Máire T Ní Mhadaoin ó Nuacht TG4 tráthnóna dúirt Seoige nach raibh “díomá” uirthi gur sheas sí, gur “feachtas macánta” a bhí aici agus go raibh sí “fíor-bhródúil” as.

San ochtú háit atá Gráinne Seoige i láthair na huaire agus seacht gcomhaireamh déanta. Tá an t-iarrthóir neamhspleách Mike Cubbard curtha as an áireamh agus a chuid vóta le haistriú ar na hiarrthóirí atá fágtha.

Tá an chuma ar an scéal gur idir Hildegarde Naughton agus Noel Thomas a bheidh sé don suíochán deireanach i nGaillimh Thiar agus seans maith ag Mairéad Farrell (Sinn Féin), Catherine Connolly (Neamhspleách), John Connolly (Fianna Fáil) agus Noel Grealish (Neamhspleách) ar na suíochán eile.

Ba cheart d’Fhine Gael athmhachnamh a dhéanamh ar a seasamh faoi chúrsaí Gaeltachta – Ní Riada

Tá sé ráite ag an iar-Fheisire Eorpach Liadh Ní Riada, as Gaeltacht Mhúscraí, gur cheart d’Fhine Gael athmhachnamh a dhéanamh ar sheasamh an pháirtí ar cheist na Gaeilge agus na Gaeltachta i bhfianaise an titim atá tagtha ar thacaíocht an pháirtí i gcontaetha Gaeltachta.

Ag labhairt di ar an gclár Vóta 2024 TG4, dúirt Ní Riada – a sheas sa toghchán uachtaránachta do Shinn Féin in 2018 – go bhfuil “anailís” le déanamh ag páirtí Simon Harris ar “an tionchar atá ag stádas na Gaelainne” ar an bpobal agus iad ag vótáil.

“Mura bhfaigheann Fine Gael an suíochán i gCiarraí agus gan suíochán acu i nDún na nGall, is dóigh liom go léiríonn sé na deacrachtaí atá ann ag lucht na Gaeltachta agus lucht na Gaelainne le dearcadh Fhine Gael i dtreo na Gaelainne agus tacaíocht, nó an easpa tacaíochta, atá ann ó thaobh na Gaelainne de.

“Tá an anailís sin le déanamh acu, an tionchar atá ag stádas na Gaelainne agus an dearcadh ó thaobh an phobail de i dtreo Fhine Gael agus an dearcadh atá ag Fine Gael i dtreo na Gaelainne. Mar, i ndáiríre, tá dhá Ghaeltacht mhóra ann agus gan ionadaí ó Fhine Gael ann,” a dúirt sí.

Tá sé ráite ag an Seanadóir Nikki Bradley, atá ag seasamh d’Fhine Gael i nDún na nGall, gur léir anois nach dtiocfaidh duine ar bith i gcomharbacht ar an iar-aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Joe McHugh sa Dáilcheantar sin. Tá an chuma ar an scéal nach n-éireoidh le Billy O’Shea an suíochán a bhí ag Brendan Griffin don pháirtí sa 33ú Dáil a choinneáil.

Na Gaeilgeoirí a bhfuil seans acu ar a bheith tofa den chéad uair

Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, agus Shónagh Ní Raghallaigh. Pic: Eamonn Farrell/© RollingNews.ie

Tá 8,379 vóta ag Shónagh Ní Raghallaigh – bean ar chuir a hainm uamhan Dé ar Ivan Yates agus é ag caint ar a phodchraoladh le linn an fheachtais. Nuair a tháinig Yates chomh fada le hainm na mná atá ag seasamh do Shinn Féin ba léir go raibh an t-ainm ró-aisteach dó agus in áit tabhairt faoin é a fhoghrú chas sé go dtí Defoe: ‘the Irish lady?’ a dúirt sé. Is múinteoir i nGaelscoil Mhic Aodha i mbaile Chill Dara í Shónagh Ní Raghallaigh a deir gurb í an Ghaeilge “cuisle [a] croí”.

Cainteoir eile Gaeilge a bhfuil an-seans aige dul isteach sa Dáil den chéad uair riamh ná Shane Moynihan, comhairleoir contae de chuid Fhianna Fáil ar Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas. Tá Moynihan gaibhte chun cinn ar Emer Higgins Fhine Gael a bhí ina Teachta Dála sa 33ú Dáil. Tá an chosúlacht ar an scéal go gcoinneoidh Higgins a suíochán ach is sa cheathrú háit atá sí anois agus fear na Gaeilge sa tríú háit.

D’fhéadfadh go mbeidh cainteoir Gaeilge sa Dáil ag Port Láirge in ainneoin gur chaill Marc Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas a shuíochán. Tá Gaeilge líofa ag iarrthóir Shinn Féin Conor McGuinness atá san iomaíocht fós don cheathrú suíochán ansin. Toghadh a chomhghleacaí David Cullinane ar an gcéad chomhaireamh agus tá John Cummins Fhine Gael gaibhte isteach ar an naoú comhaireamh.

Sinn Féineach nua eile a bhuaigh suíochán é an múinteoir Gaelscoile Fionntán Ó Súilleabháin a toghadh ar an séú comhaireamh i gCill Mhantáin-Loch Garman.

Dáilcheantar eile a bhfuil Gaeilgeoir nua ag teacht sna sála ar Ghaeilgeoir atá ag imeacht ná Baile Átha Cliath Theas-Láir. Chuir Bríd Smith, a bhí ina Teachta Dála do Phobal Seachas Brabús ó 2016, feabhas an-mhór ar a cuid Gaeilge nuair a fuair sí a suíochán den chéad uair. D’fhógair Smith níos túisce i mbliana nach seasfadh sí don Dáil arís ach go raibh Hazel de Nortúin – bean ar léi an caifé Gaeilge Café Glic in iarthar Bhaile Átha Cliath – le seasamh ina háit.

Tá Naoise Ó Cearúil (Fianna Fáil), cainteoir Gaeilge as Maigh Nuad atá ar Chomhairle Contae Chill Dara, fós san iomaíocht do shuíochán i gCill Dara Thuaidh agus é sa cheathrú háit sa dáilcheantar cúig shuíochán. Níor toghadh duine ar bith i gCill Dara Thuaidh go fóill ach tá comhghleacaí Uí Chearúil, James Lawless, ag ceann an chomhairimh agus seans maith go gcabhróidh a fharasbarr siúd le fear Mhaigh Nuad suíochán a fháil freisin. Tógadh Ó Cearúil le Gaeilge agus bhí baint mhór ag a mhuintir leis an gcoláiste Gaeilge i gCarraig an Chabhaltaigh, Coláiste Eoghain Uí Chomhraidhe.

Iar-aire stáit Gaeltachta tofa i Maigh Eo

Tá Dara Calleary tofa i gcontae Mhaigh Eo agus a shuíochán coinnithe ag fear Fhianna Fáil. Chaith Calleary coicís ina aire stáit Gaeltachta i samhradh 2020. Toghadh Calleary san ochtú comhaireamh. Toghadh freisin Alan Dillon ó Fhine Gael.

An t-iarrthóir Noel Grealish

Fine Gael ag troid don suíochán deireanach i nGaillimh Thiar

Tá an séú comhaireamh díreach críochnaithe i nGaillimh Thiar agus gan aon duine d’iarrthóirí Fhine Gael sa gcéad chúig áit i láthair na huaire ach athróidh sin agus na vótaí á n-aistriú i gcaitheamh an tráthnóna.

Pauline O’Reilly, an Seanadóir de chuid an Chomhaontais Ghlais. a cuireadh as an áireamh an uair seo. Seans go rachaidh a vótaí i gcabhair ar Catherine Connolly, atá sa gceathrú háit i láthair na huaire, agus b’fhéidir Hildegarde Naughton, atá thart ar 400 vóta chun deiridh ar Noel Thomas ó Independent Ireland.

Mairéad Farrell Shinn Féin atá fós ag ceann an chomhairimh agus John Connolly ó Fhianna Fáil atá sa dara háit. Is beag atá idir an bheirt Connolly, John agus Catherine, agus Noel Grealish i láthair na huaire.

Breathnaíonn sé gur idir Noel Thomas agus beirt Fhine Gael, Hildegarde Naughton agus Seán Kyne, a bheidh sé don suíochán deireanach i nGaillimh Thiar.

Dúirt Seán Kyne aréir gur caolseans go bhfaighidh sé suíochán agus go raibh sé ag smaoineamh ar éirí as an bpolaitíocht.

A shuíochán caillte ag Marc Ó Cathasaigh

Tá a shuíochán caillte ag Marc Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas ar an ochtú comhaireamh i bPort Láirge. Labhair Ó Cathasaigh faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta go minic sa 33ú Dáil.

D’éiligh sé in 2022, mar shampla, go dtabharfaí cosaint níos láidre don Ghaeilge i mBille an Údaráis um Ard-Oideachas le “freastal go cothrom agus go sásúil ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta” agus mhol sé go mbeadh “ról ag Údarás na Gaeltachta i soláthar tithíochta i gceantair Ghaeltachta, go háirithe tithíocht inacmhainne do Ghaeilgeoirí”.

Tá an tAire Gaeltachta Catherine Martin, cainteoir Gaeilge eile ón gComhaontas Glas, i mbaol a suíochán siúd a chailleadh i mBaile Átha Cliath Ráth an Dúin agus chaill an t-iarTheachta Dála Ossian Smyth a shuíochán i nDún Laoghaire inné.

Ba cheart do mhórpháirtithe an chéad rialtais eile tacaíocht 94 Teachta Dála a fháil – Bertie Ahern

Deir an t-iarThaoiseach Bertie Ahern gur cheart de mhórpháirtithe an chéad rialtais eile tacaíocht 94 Teachta Dála a bheith acu.

88 a theastódh chun rialtas a bhunú, ach dúirt Ahern go raibh tréimhse éiginnte romhainn ó thaobh na heacnamaíochta agus go dtabharfadh níos mó Teachtaí níos mó cinnteachta don rialtas.

Meastar gur 45-48 suíochán a bheidh ag Fianna Fáil agus gur thart ar 37-39 suíochán a bheidh ag Fine Gael.

Idir an dá linn, is cosúil gurb é an t-iar-aire stáit Gaeltachta Pat the Cope Gallagher an chéad duine eile a thoghfar i nDún na nGall. Toghadh cheana fear Gaeltachta eile, Pearse Doherty (SF) agus Pádraig Mac Lochlainn (SF).

Tá Claudia Kennedy FF curtha as an áireamh agus táthar ag súil go gcabhróidh a 292 vóta le Gallagher, cé nach mbeidh a dóthain aige leis an gcuóta (12,771) a bhaint amach ar an gcéad chomhaireamh eile.

Bhí 10,528 vóta ag Gallagher tar éis an cheathrú comhaireamh inar scaipeadh vótaí Vincent Bradley agus Arthur McGuinness. Dúirt Gallagher inné go raibh súil aige go bhfaigheadh Fianna Fáil dhá shuíochán.

Tá an t-aire talmhaíochta

Charlie McConalogue (FF) sa cheathrú háit agus é chun cinn ar Charles Ward ón 100% Redress Party agus an neamhspleách seanbhunaithe Thomas Pringle.

I gCiarraí aistríodh 2,633 d’fharasbarr Michael Healy-Rae go dtí a dheartháir Danny Healy-Rae. Tá Pa Daly (SF) agus Norma Foley (FF0 gar den chuóta chomh maith.

Idir Billy O’Shea (FG) agus Michael Cahill (FF) a bheidh an suíochán deireanach sa dáilcheantar cúig shuíochán. Bhí fear Fhianna Fáil 486 vóta chun cinn ar fhear Fhine Gael i ndiaidh an dara comhaireamh.

Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre tofa i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas

Is í ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik, an chéad duine óna páirtí a toghadh agus suíochán buaite aici i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas.

Chríochnaigh James Geoghegan ó Fhine Gael ar bharr an chomhairimh agus breis is 2,000 vóta níos mó aige ná mar a fuair Bacik.

Tá Páirtí an Lucht Oibre á lua mar cheann de na páirtithe a d’fhéadfadh dul isteach i gcomhrialtas le Fianna Fáil agus Fine Gael.

Brian Stanley

Stanley tofa mar neamhspleách i gcontae Laoise

Toghadh Brian Stanley mar iarrthóir neamhspleách i gcontae Laoise. Bhí conspóid mhór ann mí Dheireadh Fómhair nuair a d’éirigh Stanley, a bhí mar chathaoirleach ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí, as Sinn Féin de thoradh fiosrúcháin a rinne an páirtí faoi ghearán a rinneadh in aghaidh Stanley. Dúirt sé féin nach raibh tada as bealach déanta aige.

Thug Stanley leis an suíochán deireanach i Laois nuair a chríochnaigh sé chun tosaigh ar iarrthóir Shinn Féin, Maria McCormack. Thug Seán Fleming leis an dara suíochán i Laois ar maidin. William Aird Fhine Gael a bhí ar bharr an chomhairimh.

Pictiúr: Leon Farrell / RollingNews.ie

Darragh O’Brien ‘lánsásta’ dul ag plé le tithíocht arís

Deir an tAire Tithíochta Darragh O’Brien go mbeadh sé “lánsásta” a bheith ina Aire Tithíochta arís sa chéad rialtas eile dá n-iarrfadh “an Taoiseach nua Micheál Martin” air é a dhéanamh.

Dúirt O’Brien le Siún Nic Gearailt ar an gclár Vóta 2024 ar TG4 go raibh a pháirtí “ábalta dul chun cinn a dhéanamh ar ábhar tithíochta” le cúig bliana anuas ach go “dtuigeann [sé] go bhfuil go leor rudaí breise le déanamh chun dul chun cinn tapa a dhéanamh ar fud na tíre”.

Toghadh O’Brien i nDáilcheantar Bhaile Átha Cliath Fine Gall Thoir ar an seachtú comhaireamh ar maidin. 

Tá Fionntán Ó Súilleabháin ó Shinn Féin, atá ina mhúinteoir Gaelscoile, tofa i gCill Mhantáin-Loch Garman

Toghadh beirt iarrthóirí eile le Gaeilge thar oíche. Tháinig Aindrias Moynihan ó Fhianna Fáil ar bharr an chomhairimh i gCorcaigh Thiar Thuaidh aréir agus toghadh an t-iarrthóir neamhspleách Carol Nolan sa gcéad áit in Uíbh Fhailí. Tá an bheirt ina dTeachtaí Dála ó 2016.

Na hiarrthóirí atá tofa go dtí seo

Tá 45 iarrthóir tofa chun 34ú Dáil go dtí seo agus ar a laghad iarrthóir amháin tofa i 28 den 43 Dáilcheantar.

Baile Átha Cliath Fine-Gall Thiar – 1/3

Louise O’Reilly – Sinn Féin

Baile Átha Cliath-Fine Gall Thoir – 1/3

Darragh O’Brien – Fianna Fáil

Baile Átha Cliath Láir – 1/4

Mary Lou McDonald – Sinn Féin

Baile Átha Cliath-Ráth an Dúin – 1/4 

Neale Richmond – Fine Gael

Baile Átha Cliath Thiar Meán – 1/5

Eoin Ó Broin – Sinn Féin

Baile Átha Cliath Thiar – 3/3

Jack Chambers – Fianna Fáil

Paul Donnelly – Sinn Féin

Emer Currie – Fine Gael

Dún Laoghaire – 4/4

Jennifer Carroll MacNeill – Fine Gael

Richard Boyd Barrett – Pobal seachas Brabús

Cormac Devlin – Fianna Fáil

Barry Ward – Fine Gael

Gaillimh Thoir – 2/4

Seán Canney – Neamhspleách

Albert Dolan – Fianna Fáil

Ros Comáin-Gaillimh – 1/3 

Michael Fitzmaurice – Independent Ireland

Maigh Eo – 1/5 

Rose Conway-Walsh – Sinn Féin

Dún na nGall – 2/5

Pearse Doherty – Sinn Féin

Pádraig Mac Lochlainn – Sinn Féin

Cathair Luimnigh – 1/4 

Willie O’Dea – Fianna Fáil

Contae Luimnigh – 3/3

Patrick O’Donovan – Fine Gael

Richard O’Donoghue – Éire Neamhspleách

Niall Collins – Fianna Fáil

Ciarraí – 1/5

Michael Healy-Rae – Neamhspleách

Corcaigh Thiar Theas – 3/3

Michael Collins – Independent Ireland

Holly Cairns – Na Daonlathaithe Sóisialta

Christopher O’Sullivan – Fianna Fáil

Corcaigh Thiar Thuaidh – 3/3

Aindrias Moynihan – Fianna Fáil

John Paul O’Shea – Fine Gael

Michael Moynihan – Fianna Fáil

Port Láirge – 1/4

David Cullinane – Sinn Féin

Tiobraid Árann Theas – 1/3

Mattie McGrath – Neamhspleách

Tiobraid Árann Thuaidh – 1/3

Michael Lowry – Neamhspleách

An Mhí Thoir – 1/4

Helen McEntee – Fine Gael

An Mhí Thiar – 3/3

Johnny Guirke – Sinn Féin

Peadar Tóibín – Aontú

Aisling Dempsey – Fianna Fáil

Cill Mhantáin – 1/4

Simon Harris – Fine Gael

Corcaigh Theas-Lár – 1/5

Micheál Martin – Fianna Fáil

An Longfort-An Iarmhí – 1/5

Peter Burke – Fine Gael

Laois – 1/3

Willie Aird – Fine Gael

Loch Garman – 1/4 

Verona Murphy – Neamhspleách

Uíbh Fhailí – 3/3

Carol Nolan – Neamhspleách

Tony McCormack – Fianna Fáil

John Clendennen – Fine Gael

Cill Dara Theas – 1/4

Seán Ó Fearghaíl – Fianna Fáil (Tofa gan toghchán)

 

Is é an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien ó Fhianna Fáil, an chead duine atá tofa i mBaile Átha Cliath-Fine Gall Thoir .

Michael Healy-Rae. Pictiúr: RollingNews.ie

Iontas na n-iontas, Michael Healy-Rae tofa ar bharr an chomhairimh i gCiarraí

Iontas na n-iontas, tá Michael Healy-Rae tofa ar bharr an chomhairimh i gCiarraí agus 18,596 vóta céadrogha faighte ag an iarrthóir neamhspleách. B’in 5,513 vóta sa mbreis ar an gcuóta 13,083.

Níl aon athrú ar an scéal d’Fhine Gael sa gcontae agus iad fós i mbaol suíochán Brendan Griffin, atá éirithe as, a chailliúint.

Tá Micheal Cahill ó Fhianna Fáil sa gcúigiú háit i gCiarraí i ndiaidh an chéad chomhairimh agus 8,266 vóta faighte aige, breis is 300 vóta chun tosaigh ar iarrthóir Fhine Gael, Billy O’Shea, a fuair 7,932 vóta.

Tá Fianna Fáil sa tóir ar dhá shuíochán i gCiarraí agus cuma na maitheasa ar an Aire Oideachais Norma Foley tar éis di 10,302 vóta a fháil. Coinneoidh Pa Daly Shinn Féin a shuíochán chomh maith agus 11,647 vóta aige agus é sa dara háit i láthair na huaire.

Sa gceathrú háit atá Danny Healy-Rae agus 8,603 vóta aige agus beidh sé ag súil le slám vótaí aistrithe óna dheartháir.

1,826 vóta a fuair Mike Kennedy ón Daingean do Pháirtí an Lucht Oibre agus 738 vóta céadrogha a fuair Brandon Begley as Corca Dhuibhne atá ag seasamh don Irish Freedom Party.

Tá ochtar cainteoirí Gaeilge i measc an 30 Teachta Dála atá tofa go dtí seo. Is é leascheannaire Shinn Féin Pearse Doherty, as Gaeltacht Ghaoth Dobhair, an duine is mó a fuair vótaí sa tír.

Atoghadh beirt iar-airí Gaeltachta, Jack Chambers Fhianna Fáil agus Patrick O’Donovan Fhine Gael.

Tá Gaeilge ag triúr den cheathrar ceannairí páirtí a toghadh anocht freisin – Micheál Martin, Peadar Tóibín, agus Mary Lou McDonald.

Ar na cainteoirí eile Gaeilge a bheidh sa 34ú Dáil, tá Ceann Comhairle an 33ú Dáil Seán Ó Fearghaíl (Fianna Fáil) agus Barry Ward ó Fhine Gael.

Mairéad Farrell ar bharr an chomhairimh i nGaillimh Thiar, Seán Kyne ag smaoineamh ar éirí as

Mairéad Farrell atá ar bharr an chomhairimh i nGaillimh Thiar agus 8,164 vóta céadrogha faighte ag bean Shinn Féin.

8,164 vóta a fuair Farrell, a toghadh chun na Dála den chéad uair in 2020, ach tá sí fós cuid mhaith níos ísle ná an cuóta 10,047.

Iarrthóir Fhianna Fáil, John Connolly, atá sa dara háit i láthair na huaire agus 7,192 vóta faighte aige. Tá an t-iarrthóir neamhspleách Noel Grealish sa tríú háit le 6,887 vóta agus iarrthóir neamhspleách eile, Catherine Connolly, sna sála air le 6,747.

Hildegarde Naughton atá sa chúigiú háit i láthair na huaire le 6,011 vóta agus idir roinnt iarrthóirí a bheidh an dá suíochán deireanach. Tá 5,700 vóta ag Noel Thomas ó Independent Ireland agus 5,335 vóta ag Seán Kyne, leathbhádóir Hildegarde Naughton ó Fhine Gael.

Agus é faoi agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta níos luaithe, dúirt Seán Kyne, an t-iar-aire stáit Gaeltachta, nach raibh sé ródhóchasach go bhfaigheadh sé suíochán agus go raibh sé ag smaoineamh ar éirí as an bpolaitíocht.

2,929 vóta a shaothraigh an craoltóir aitheanta Gráinne Seoige agus í ag seasamh d’Fhianna Fáil ina céad toghchán.

Cuireadh Patrick Feeney (Neamhspleách) as an áireamh i ndiaidh an chéad chomhairimh agus stop curtha le comhaireamh na vótaí i nGaillimh Thiar go dtí maidin amárach ag 9am.

Agus é ag labhairt le TG4, dúirt John Connolly go raibh sé tar éis “feachtas láidir” a chur isteach.

Dúirt sé go raibh aithne air ina cheantar féin in iarthar chathair na Gaillimhe ach go raibh “dúshlán” ag baint len é féin a chur in aithne do dhaoine sa chuid eile don Dáilcheantar.

D’éirigh leis é sin a dhéanamh, áfach, a dúirt sé.

Beagnach 6,000 d’fharasbarr ag Peasre Doherty agus é tofa i nDún na nGall

Toghadh leascheannaire Shinn Féin Pearse Doherty tofa i nDún na nGall ar an gcéad chomhaireamh. 18,898 vóta céadrogha a caitheadh d’fhear Ghaoth Dobhair agus gan ach 12,771 ag teastáil uaidh.

Fear Gaeltachta eile, Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir ó Fhianna Fáil, a bhí sa dara háit sa chéad chomhaireamh agus 10,024 vóta céadrogha aige siúd. Sinn Féineach eile a bhí sa tríú háit – Pádraig Mac Lochlainn a fuair 9,799 vóta céadrogha. Fuair an tAire Charlie McConalogue 7,346 vóta céadrogha, rud a fhágann sa cheathrú háit é agus i bhfad níos ísle ná mar a bhí sé in 2020.

Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

24 Teachta Dála atá tofa go dtí seo

Tá breis is scór den 174 suíochán sa gcéad Dáil eile líonta agus an chéad lá de chomhaireamh na vótaí in Olltoghchán 2024 ag teacht chun deiridh.

24 Teachta Dála atá tofa go dtí seo.

Ceathrar ceannairí páirtí atá tofa go dtí seo – Simon Harris Fhine Gael, Micheál Martin Fhianna Fáil, Mary Lou McDonald Shinn Féin agus Peadar Tóibín Aontú.

Ocht gcinn de shuíocháin atá ag Fine Gael, sé cinn de shuíocháin atá ag Sinn Féin, cúig shuíochán atá ag Fianna Fáil agus ceann atá ag Aontú, ag Pobal seachas Brabús agus ag Independent Ireland chomh maith. Beirt iarrthóirí neamhspleácha atá tofa go dtí seo.

Cill Mhantáin

Simon Harris – Fine Gael

Corcaigh Theas-Lár

Micheál Martin – Fianna Fáil

Ros Comáin-Gaillimh

Michael Fitzmaurice – Independent Ireland

Port Láirge

David Cullinane – Sinn Féin

Dún Laoghaire

Jennifer Carroll MacNeill – Fine Gael

Richard Boyd Barrett – Pobal seachas Brabús

Cormac Devlin – Fianna Fáil

Barry Ward – Fine Gael

Contae Luimnigh

Patrick O’Donovan – Fine Gael

Loch Garman

Verona Murphy – Neamhspleách

Baile Átha Cliath-Ráth an Dúin

Neale Richmond – Fine Gael

Baile Átha Cliath Thiar Meán

Eoin Ó Broin – Sinn Féin

Baile Átha Cliath Thiar

Jack Chambers – Fianna Fáil

Paul Donnelly – Sinn Féin

Emer Currie – Fine Gael

Laois

Willie Aird – Fine Gael

An Mhí Thiar

Johnny Guirke – Sinn Féin

Peadar Tóibín – Aontú

Aisling Dempsey – Fianna Fáil

Baile Átha Cliath Fine-Gall Thiar

Louise O’Reilly – Sinn Fein

Baile Átha Cliath Láir

Mary Lou McDonald – Sinn Féin

An Longfort-An Iarmhí

Peter Burke – Fine Gael

Tiobraid Árann Thuaidh

Michael Lowry – Neamhspleách

Tofa gan toghchán

Seán Ó Fearghaíl – Fianna Fáil

Gaeilgeoir i nDún Laoghaire tofa chuig an chéad Dáil eile

Tá Gaeilgeoir eile tofa chuig an chéad Dáil eile agus suíochán faighte ag Barry Ward Fhine Gael i nDún Laoghaire. Tháinig Ward, a bhí ina sheanadóir roimhe seo, sa gceathrú háit sa Dáilcheantar. Toghadh Ward, Richard Boyd Barrett (Pobal Seachas Brabús), agus Cormac Devlin (Fianna Fáil) gan an cuóta a bhaint amach. Tháinig Jennifer Carroll MacNeill ar bharr an chomhairimh d’Fhine Gael.

Tá a shuíochán caillte ag cainteoir Gaeilge eile i nDún Laoghaire, Ossian Smyth.

Cad a tharla don Ghaeilge ag na comhairimh?

Níl ach corr-Cheann Comhairimh ag fógairt torthaí na gcomhaireamh go dátheangach an babhta seo. Bhí sé de nós ag na Cinn Chomhairimh na torthaí a fhógairt i nGaeilge agus i mBéarla ach níl ach fíor-chorrdhuine acu á dhéanamh sin i mbliana.

An t-aon áit ar léadh torthaí an chéad chomhairimh i nGaeilge agus i mBéarla go dtí seo ná Gaillimh Thoir. Labhraíodh níos mó Gaeilge ag an gcomhaireamh i nDáilcheantar Mhichíl Martin – Corcaigh Theas-Lár – ná mar a labhraíodh i go leor áiteanna eile ach mar sin féin níor tugadh na torthaí ar fad i nGaeilge mar a thugtaí blianta eile. Thug Ceann Comhairimh Chorcaí Theas-Láir buneolas an chomhairimh – líon na vótaí a caitheadh, líon na vótaí a milleadh, agus an cuóta – ach nuair a tháinig sé chomh fada líon na vótaí a caitheadh do na hiarrthóirí féin iompaíodh ar an mBéarla arís.

Is ar éigean gur labhair duine ar bith eile de na Cinn Chomhairimh Gaeilge go dtí seo agus na torthaí á bhfógairt acu, cé is moite d’ainmneacha na bpáirtithe ‘Aontú’, ‘Fianna Fáil’, ‘An Comhaontas Glas’ agus ‘Fine Gael’ – agus tá ‘Fine Gael’ ina ‘Faighin Gael’ ag cuid acu.

Níl spéis ag Catherine Connolly a bheith ina ceann comhairle

Deir an t-iarrthóir neamhspleách do Ghaillimh Thiar Catherine Connolly, a bhí ina leas-Cheann Comhairle cheana, nach bhfuil spéis aici a bheith ina Ceann Comhairle sa chéad Dáil eile.

Ag labhairt di le Siún Nic Gearailt ar an gclár Vóta 2024 ar TG4, dúirt Connolly, atá ina Teachta Dála i nGaillimh Thiar ó bhí 2016 ann, gur mhór an onóir di gurbh í an chéad bhean a bhí ina leas-Cheann Comhairle ach gur ghlac sí leis an ról mar go mbeadh cead aici a “guth a úsáid” – rud nárbh amhlaidh dá mbeadh sí ina Ceann Comhairle.

“Bhí mé i mo leas-Cheann Comhairle, agus ba mhór an onóir é, ach an buntáiste a bhí leis sin ná go raibh mé in ann mo ghuth a úsáid sa Dáil agus leanacht ar aghaidh ag obair. Ní bheadh an buntáiste céanna agam dá mbeinn i mo Cheann Comhairle. Tá gá le glór láidir neamhspleách sa Dáil. Ní dóigh liom go mbeidh an deis agam ar aon chaoi,” a dúirt sí.

Níl torthaí an chéad chomhairimh fógartha i nGaillimh Thiar fós agus dúirt Connolly go bhfuil sí “beagáinín mífhoighdeach” anois ach go bhfuil dóchas aici go mbeidh suíochán amárach aici.

“Tá mé beagáinín mífhoighdeach ach dóchasach. Bhí feachtas láidir againn agus fuair muid aiseolas iontach. De réir mar a thuigim beidh suíochán agam amárach. Níl mé ag glacadh le comhghairdeachas fós ach tá dóchas agam,” a dúirt sí.

Athchomhaireamh ar bun i nGaillimh Thiar

Táimid fós ag fanacht ar an gcéad chomhaireamh in ocht gcinn de Dháilcheantair ar fud na tíre, Gaillimh Thiar, Dún na nGall agus Ciarraí ina measc.

Tuairiscítear go bhfuil athchomhaireamh ar bun i nGaillimh Thiar, rud atá ag cur moill ar an bpróiseas. Tuigtear go bhfuil an t-athchomhaireamh á dhéanamh ar na vótaí a fuair Mairéad Farrell (Sinn Féin), Catherine Connolly (Neamhspleách), Noel Grealish (Neamhspleách), Seán Kyne (Fine Gael), John Connolly (Fianna Fail), agus Hildegarde Naughton (Fine Gael), an seisear a fuair an líon is mó vótaí céadrogha i nGaillimh Thiar.

An Taoiseach tofa i gCill Mhantáin

Tá an Taoiseach Simon Harris tofa ar an gcéad chomhaireamh i gCill Mhantáin. Fuair ceannaire Fhine Gael 16,869 vóta, 5,454 vóta os cionn an chuóta.

Tá John Brady ó Shinn Féin sa dara háit i láthair na huaire agus 8,450 vóta faighte aige. 7,699 vóta a fuair Jennifer Whitmore ó na Daonlathaithe Sóisialta.

Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly ó Fhianna Fáil san iomaíocht don suíochán deireanach i gCill Mhantáin agus 3,553 vóta aige ach tá sé go mór i mbaol ó bheirt neamhspleách, Shay Cullen (3,232) agus Joe Behan (2,909) agus go háirithe ag Edward Timmins ó Fhine Gael (3,050), a gheobhaidh cuid mhaith vótaí aistrithe ó Simon Harris.

Tá Peadar Tóibín, ceannaire Aontú agus Gaeilgeoir, tofa ar an gceathrú comhaireamh sa Mhí Thiar. 10,054 vóta a bhí ag Tóibín, an chéad duine d’iarrthóirí Aontú a toghadh.

Pat the Cope Ó Gallchóir ‘réidh le jab ar bith a ghlacadh’ i nDáil Éireann

Tá Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir – a bhí ina Fheisire Eorpach agus ina Leas-Cheann Comhairle i nDáil Éireann – “réidh le jab ar bith a ghlacadh” i nDáil Éireann.

Chaill an fear Gaeltachta, a toghadh chun na Dála den chéad uair in 1981, a shuíochán in Olltoghchán 2020 ach dúirt sé in agallamh leis an gclár Vóta 2024 ar TG4 tráthnóna go raibh súil aige go mbeadh dhá shuíochán ag Fianna Fáil i nDún na nGall an babhta seo.

“Nuair a dúirt mé go seasfainn i mbliana, ní raibh mé ag iarraidh go mbeadh suíochán amháin ag Fianna Fáil, bhí mé ag iarraidh go mbeadh dhá shuíochán againn,” a dúirt sé.

Nuair a d’fhiafraigh Eimear Ní Chonaola d’fhear na Rosann ar mhaith leis a bheith ina Cheann Comhairle sa chéad Dáil eile dúirt Ó Gallchóir go raibh sé “réidh le jab ar bith a ghlacadh má iarrtar [air]”.

Dúirt sé go raibh sé ag súil go ngabhfadh Pearse Doherty (Sinn Féin) isteach ar an gcéad chomhaireamh anocht, go roinnfí 35% de vótaí aistrithe Doherty ar a chomhghleacaí Pádraig Mac Lochlainn, a thógfadh an dara suíochán, agus go ngabhfadh sé féin isteach ina dhiaidh sin “am éigin amárach”.

Mary Lou McDonald tofa i mBaile Átha Cliath Láir, Hutch fós sa cheathrú háit

Tá Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin, tofa i mBaile Átha Cliath Láir i ndiaidh an tríú comhaireamh.

Tá Gerry ‘The Monk’ Hutch fós sa cheathrú háit sa dáilcheantar ceithre shuíochán agus é chun cinn i gcónaí ar Marie Sherlock Pháirtí an Lucht Oibre agus Mary Fitzpatrick Fhianna Fáil.

Dúirt Mary Lou McDonald níos luaithe inniu go mbeadh sé ina chogadh dearg don suíochán deireanach.

Dún na nGall gan Teachta Dála ó Fhine Gael den chéad uair

Tá chuile chosúlacht ar an scéal go mbeidh Dún na nGall gan Teachta Dála ó Fhine Gael den chéad uair ó bunaíodh an páirtí in 1937. Tháinig Cumann na nGaedheal, an páirtí a bhí ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh in 1921, le chéile le páirtithe beaga eile in 1937 le Fine Gael a bhunú. Bhí suíochán ag Fine Gael nó Cumann na nGaedheal i nDún na nGall ó 1923 go dtí anois.

Roinnte ina dhá Dháilcheantar a bhí an contae i 1937. Bhuaigh Daniel McMenamin suíochán d’Fhine Gael i nDún na nGall Thoir an bhliain sin agus bhuaigh Michael Óg McFadden ceann i nDún na nGall Thiar. Toghadh an bheirt chéanna ina dTeachtaí Dála do Chumann na nGaedheal sular bunaíodh Fine Gael freisin.

Chuir an páirtí an Seanadóir Nikki Bradley agus John McNulty (as Cill Chárthaigh sa nGaeltacht) agus súil acu go dtiocfadh duine amháin den bheirt ar a laghad i gcomharbacht ar Joe McHugh, a toghadh don pháirtí in 2020.

D’fhógair Joe McHugh in 2022 nach seasfadh sé arís don Dáil agus go raibh sé ag éirí as an bpolaitíocht ar fad le níos mó ama a chaitheamh lena chlann. Bhí ceist na mbricí lochtacha míoca go mór i mbéal an phobail le linn shaolré na Dála deireanaí agus meastar go raibh tionchar mór aige sin – chomh maith le feachtas an-eagraithe ag Sinn Féin – ar an titim ar líon na vótaí ag Fine Gael i mbliana.

Ceannaire Aontú agus aire stáit na Gaeltachta slán sa Mhí

Is é Johnny Guirke Shinn Féin an chéad duine atá tofa sa Mhí Thiar agus é ar bharr an chomhairimh. 9,887 vóta a fuair Guirke, atá ina Theachta Dála ó 2020. Beagnach 23% de na vótaí céadrogha a bhí ag Guirke agus é go maith os cionn an chuóta – 9,427.

Coinneoidh ceannaire Aontú, Peadar Tóibín a shuíochán sa dáilcheantar agus é sa dara háit i láthair na huaire. 7,563 vóta céadrogha a fuair Tóibín.

Is idir Aisling Dempsey ó Fhianna Fáil agus Linda Nelson Murray ó Fhine Gael a bheidh sé don suíochán deireanach sa Mhí Thiar. 6,535 vóta céadrogha a fuair Dempsey agus 6,164 vóta a fuair Nelson Murray.

Béal dorais sa Mhí Thoir, tá leascheannaire Fhine Gael, Helen McEntee amuigh chun tosaigh agus 9,957 vóta céadrogha faighte aici sa gcéad chomhaireamh.

Ba bheag bídeach nár bhain sí amach an cuóta 9,997 vóta.

Tá Darren O’Rourke ó Shinn Fein slán sa dara háit le 8,175 vóta agus coinneoidh aire stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne Fhianna Fáil, a shuíochán chomh maith.

Tá an t-iarrthóir neamhspleách Gillian Toole sa cheathrú háit le 4,459 vóta ach tá deis ag roinnt iarrthóirí eile ar an suíochán deireanach sin sa Mhí Thiar, ina measc Emer Tóibín ó Aontú (3,281 vóta), Caroline O’Reilly Fhianna Fáil (3,223) agus Sharon Tolan ó Fhine Gael (3,176).

Tá sé an-éasca ag páirtithe na heite clé féachaint ar na Glasaigh is a rá ‘nílimid ag dul i rialtas’ – Bacik

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivan Bacik nach mbeadh aon drogall orthu dul isteach i rialtas in ainneoin an méid atá tarlaithe don Chomhaontas Glas. “Tá sé an-éasca ag páirtithe ar an eite chlé féachaint ar a bhfuil tarlaithe do na Glasaigh agus a rá ‘nílimid ag dul isteach i rialtas’ ach ní hin mar atáimid,” arsa Bacik.

“Táimid dáiríre faoi athrú a chur i gcrích agus ba mhaith linn teacht ar bhealach chun sin a dhéanamh.”

‘Beidh sé ina shemozzle mór do dhá shuíochán i Maigh Eo’ – Dara Calleary

Toghfar athuair triúr de Theachtaí Dála an 33ú Dáil ó Mhaigh Eo – Rose Conway-Walsh Shinn Féin, Alan Dillon Fhine Gael agus Dara Calleary Fhianna Fáil. Agus é faoi agallamh ar TG4, dúirt Calleary go mbeadh sé ina ‘shemozzle mór’ don dá shuíochán eile sa dáilcheantar.

Tá Keira Keogh agus Mark Duffy ó Fhine Gael agus Lisa Chambers ó Fhianna Fáil ar fad gar dá chéile agus tá an neamhspleách Patsy O’Brien sna sála orthu.

An chéad chomhaireamh i Maigh Eo

Cuóta: 11,812

Rose CONWAY-WALSH (SF) – 10,117

Alan DILLON (FG) – 9,517

Dara CALLEARY (FF) – 8,620

Mark DUFFY (FG) – 6,009

Keira KEOGH (FG) – 5,830

Lisa CHAMBERS (FF) – 5,584

Patsy O’BRIEN (NP) – 5,229

Paul LAWLESS (ATU) – 4,482

Gerry MURRAY (SF) – 3,600

Martina JENNINGS (FG) – 3,488

Stephen KERR (NP) – 3,289

Chris MAXWELL (IND – IRE) – 2,488

Joe DALY (S-PBP) – 1,199

Boxty O’CONAILL (GP) – 925

Gerry LOFTUS (NP) – 423

Sean FORKIN (NP) – 66

 

Fear Gaeltachta a fuair an líon is mó vótaí céadrogha sa stát 

Is cosúil gurb é an fear Gaeltachta Pearse Doherty, leascheannaire Shinn Féin, an té a mheall an líon is mó vótaí in Olltoghchán 2024. Tá sé idir é féin agus an t-iarrthóir neamhspleách Michael Healy-Rae i gCiarraí. De réir an teailí, 19,213 vóta a gheobhaidh Doherty, arb as Gaoth Dobhair dó. Gheobhaidh Healy-Rae 18,489 de réir an teailí i gCiarraí. D’fhéadfadh an dá uimhir sin athrú agus an chéad chomhaireamh déanta.

Ba í Denise Murphy, comhghleacaí Doherty i Sinn Féin, a fuair an méid is mó vótaí sa tír in Olltoghchán 2020 nuair a mheall sí 21,344 vóta céadrogha ó thoghlach Chuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh. Níor éirigh leath chomh maith céanna léi i mbliana agus gan ach 8,148 vóta céadrogha aici de réir an teailí dheireanaigh – níos lú ná leascheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta, Cian O’Callaghan, atá ag seasamh sa Dáilcheantar céanna léi. 

Cosaint déanta ag Micheál Martin ar chinneadh FF Gráinne Seoige a chur san iomaíocht

Tá cosaint déanta ag ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin ar an gcinneadh go rachadh an craoltóir aitheanta Gráinne Seoige san iomaíocht don pháirtí i nGaillimh Thiar.

Thart ar 5% de na vótaí céadrogha a bhí ag Gráinne Seoige de réir an teailí agus gan aon seans aici ar shuíochán.

Agus é faoi agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Martin nár aontaigh sé “in aon chor” leis an iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly a bhí cáinteach ar an gcinneadh Seoige a chur chun cinn mar iarrthóir. Mhaígh Connolly nach raibh aon chiall leis mar chinneadh, rud a shéan Martin.

“Cén fáth nach mbeadh cead ag iriseoir nó craoltóir a bheith san iomaíocht?” arsa Martin.

Dúirt sé go raibh “córas daonlathach” ann agus go raibh sé tábhachtach go mbeadh daoine le slite beatha éagsúla sa pholaitíocht.

Dúirt Martin arís nach raibh aon seans go mbunódh Fianna Fáil rialtas le Sinn Féin. Dúirt gur thóg sé go leor ama agus oibre clár rialtais a aontú le Fine Gael in 2020 agus go mbeadh an scéal amhlaidh i ndiaidh an toghcháin seo.

Dúirt sé go mb’fhéidir go mbeadh sé níos deacra margadh a dhéanamh le teachtaí Dála neamhspleácha seachas le páirtithe eile.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gurb amhlaidh nach raibh dóthain ama ag Gráinne Seoige an obair dáilcheantair a bhíonn riachtanach a dhéanamh. Dúirt sé nár tháinig aon iarrthóir a bheadh “níos láidre” chun cinn agus gur dúshlán é do Fhianna Fáil iarrthóirí nua a mhealladh. 

David Cullinane tofa i bPort Láirge

David Cullinane an chéad iarrthóir de chuid Shinn Féin a toghadh chuig an 34ú Dáil. Bhí Cullinane, a toghadh chun na Dála den chéad uair in 2016, ar bharr an chomhairimh i bPort Láirge le 11,936 vóta. Cuóta 10,731 vóta a bhí ag teastáil sa Dáilcheantar ceithre shuíochán.

Toghfar John Cummins ó Fhine Gael an chéad gheábh eile agus 10,376 vóta céadrogha faighte aige. Tá Mary Butler ó Fhianna Fáil, sna sála ar Cummins le 9,962 vóta.

Toghadh Cullinane, Cummins agus Butler in 2020 agus beidh le feiceáil an n-éireoidh leis an iarrthóir eile a toghadh ceithre bliana ó shin, Matt Shanahan (NS), a shuíochán a choinneáil.

Tá Shanahan sa gcúigiú háit faoi láthair, chun deiridh ar Conor McGuinness ó Shinn Féin. 5,791 vóta atá ag McGuinness, ar cainteoir Gaeilge é, 436 vóta chun tosaigh ar Shanahan (5,355).

Tá Mary Roche ó na Daonlathaithe Sóisialta sa séú háit le 2,717 vóta agus 1,671 vóta a fuair Marc Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas. 1,664 vóta a fuair Ronan Cleary ó Aontú, 1,500 a fuair Sadhbh O’Neill ó Pháirtí an Lucht Oibre agus 715 vóta a fuair an t-iarrthóir neamhspleách, Frank Conway.

Toghadh chomh maith Eoin Ó Broin, urlabhraí tithíochta Shinn Féin agus Paul Donnelly. Toghadh Ó Broin sa chéad chomhaireamh i mBaile Átha Cliath Thiar Meán agus toghadh Donnelly i mBaile Átha Cliath Thiar.

‘Tá giúmar níos fearr orainn inniu má mar a bhí orainn aréir’ – Micheál Martin

Atoghadh ceannaire Fhianna Fáil sa chéad chomhaireamh i gCorcaigh Theas-Lár agus farasbarr thart ar 4,000 vóta aige. 15,436 vóta a fuair sé.

“Tá giúmar níos fearr orainn inniu má mar a bhí orainn aréir i ndiaidh na pobalbhreithe díreach tar éis na vótála,” a dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin agus é ag trácht ar an dul chun cinn atá déanta ag a pháirtí san olltoghchán inniu.

Faoin bpobalbhreith sin, bhí Fianna Fáil sa tríú háit le 19.5% de na vótaí céadrogha ach dúirt Martin go raibh sé dóchasach go bhféadfadh a pháirtí an líon is mó vótaí agus an líon is mó suíochán a fháil.

Dúirt Martin go raibh sé “róluath” chun tosú ar chaint faoi cé a bheadh ina Thaoiseach sa gcéad rialtas eile agus go bhfanfadh sé go dtí go raibh an comhaireamh uile déanta.

Cuid de chainteoirí Gaeilge an 33ú Dáil i mbaol

Caillfidh cuid de na cainteoirí Gaeilge a bhí sa 33ú Dáil a suíocháin agus na chéad chomhairimh ag teacht isteach ó na hionaid chomhairimh. Ar dhuine acu sin tá Marc Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas a bhí ina theachta Dála do Phort Láirge le cúig bliana anuas, fear a labhraíodh Gaeilge go minic sa Dáil agus a bhíonn le cloisteáil go minic ar na meáin Ghaeilge.

Tá údar imní ag cainteoirí eile Gaeilge i bpáirtí Uí Chathasaigh – an leascheannaire agus Aire Gaeltachta Catherine Martin ina measc – agus é á thuar go bhféadfadh an Comhaontas Glas beagnach gach uile shuíochán a bhuaigh siad in 2020 a chailliúint. Tá Ossian Smyth i dtrioblóid freisin i nDún Laoghaire cé go bhféadfadh sé go dtabharfadh na vótaí aistrithe slán é fós.

Thug triúr eile Glasach le fios do Tuairisc roimh an Olltoghchán go raibh a ndóthain Gaeilge acu le hagallamh beo a dhéanamh i nGaeilge. Is dócha nach bhfaighidh duine ar bith den triúr sin – Róisín Garvey sa Chlár, David Healy i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh, agus Cleo Murphy i gCiarraí – suíochán ach an oiread.

Tá Naoise Ó Cearúil, cainteoir Gaeilge as Maigh Nuad atá ar Chomhairle Contae Chill Dara, san áireamh do shuíochán i gCill Dara Thuaidh agus 11.2% de na vótaí céadrogha aige de réir an teailí. Tá cúig shuíochán sa Dáilcheantar seo atá ar imeall Bhaile Átha Cliath agus go leor de na daoine ann ag obair sa chathair mhór. Is é comhghleacaí Uí Chearúil i bhFianna Fáil, James Lawless, a bhí ag barr an teailí agus seans maith, dá bharr, gur ag Ó Cearúil a bheidh an ceathrú suíochán. Tógadh Ó Cearúil le Gaeilge agus bhí baint mhór ag a mhuintir leis an gcoláiste Gaeilge Coláiste Eoghain Uí Comhraidhe in iarthar an Chláir.

Ba í Jennifer Carroll MacNeill ó Fhine Gael an chéad duine a toghadh chuig an 34ú Dáil. Is cainteoir Gaeilge é a comhghleacaí i nDún Laoghaire, Barry Ward agus é sa tríú háit tar éis an chéad chomhairimh. Ag labhairt di le RTÉ Radio One, dúirt an tAire Stáit Carroll MacNeill go bhfuil súil aici go bhfaighidh a páirtí an dara suíochán ann.

Is cosúil go mbeidh suíochán ag Jim O’Callaghan (Fianna Fáil) i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas agus é go compordach sa tríú háit tar éis an chéad chomhairimh agus 13.8% den vóta céadrogha aige.

Sheas triúr cainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath Thiar Meán– Shane Moynihan Fhianna Fáil, Eoin Ó Broin na nDaonlathaithe Sóisialta, agus an t-iarrthóir neamhspleách Seanán Ó Coistín. Tá seans maith fós ag Shane Moynihan an suíochán a bhí ag Gino Kelly (PsB) a sciobadh uaidh ach beidh sé ina chath don suíochán deireanach sa Dáilcheantar cúig shuíochán sin. Níl Eoin Ó Broin – an t-aon iarrthóir de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta a thug le fios go raibh Gaeilge ar a thoil aige – as an áireamh ar fad fós ach tá troid mhór roimhe.

Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil suíochán Pa Daly (Sinn Féin) i gCiarraí slán, duine eile a bhíonn le cloisteáil go rialta ar na meáin chraolta Ghaeilge. Beidh an Gaeilgeoir as Corcaigh Thiar Thuaidh, Aindrias Moynihan, sásta leis an teailí ina dháilcheantarsa freisin agus an chuma ar an scéal go bhfuil a shuíochán siúd slán.

Táthar ag súil leis an gcéad chomhaireamh go luath i Lú agus an chuma ar an scéal go bhfaighidh duine de chainteoirí Gaeilge Shinn Féin, Ruairí Ó Murchú, suíochán ansin. I gcontae Luimnigh toghadh an t-iar-aire stáit Gaeltachta Patrick O’Donovan sa chéad chomhaireamh.

Mary Lou McDonald: Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Beidh sé ina chogadh dearg idir Hutch agus iarrthóirí eile don suíochán deiridh – Mary Lou McDonald

Deir Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin, go mbeidh sé ina chogadh dearg idir Gerard ‘the Monk’ Hutch agus iarrthóirí eile don suíochán deireanach i mBaile Átha Cliath Láir.

“Tá an suíochán sin idir dhá cheann na meá,” a dúirt sí.

Dúirt McDonald go raibh sé soiléir ó thorthaí an toghcháin go raibh daoine go mór ar son rudaí athrú agus go ndéanfadh sí a dícheall an t-athrú sin a chur i gcrích. Ba é an chéad dream a labhródh sí leo ná páirtithe na heite clé, a dúirt sí.

De réir an teailí i mBaile Átha Cliath Láir 9% a bhí ag Hutch agus é chun cinn go fóill ar Marie Sherlock Pháirtí an Lucht Oibre ar 7%.

Beidh Mary Lou McDonald ar bharr an chomhairimh agus Paschal Donohoe Fhine Gael a bheidh sa dara háit agus é chun cinn ar Gary Gannon na nDaonlathaithe Sóisialta.

Tá an t-iar-aire stáit Anne Rabbitte i mbaol a suíochán a chailleadh i nGaillimh Thoir. Tá an chuma ar chúrsaí gurb é a comhghleacaí i bhFianna Fáil a gheobhas an suíochán.

Bhíothas á thuar go ndéanfadh na hiarrthóirí neamhspleácha éachtaí san olltoghchán seo agus go ndéanfaidís bonn ar fud na tíre. Ach ní hamhlaidh a tharla agus is é aistriú na vótaí a shocróidh cinniúint roinnt mhaith de na hiarrthóirí neamhspleácha sin.

‘Dhéanfainn an rogha chéanna arís’ – Marc Ó Cathasaigh

“Aon pháirtí beag a théann isteach sa rialtas, bíonn pionós le híoc agus tá muid ag íoc an phionóis sin anois,” a dúirt an t-iarTheachta Dála Marc Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas agus é ag trácht ar an stánáil atá tugtha dá pháirtí sa toghchán.

Tá Ó Cathasaigh chun a shuíochán i bPort Láirge a chailliúint agus an toradh céanna i ndán do scata iarrthóirí eile ag an gComhaontas Glas.

Agus é ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Ó Cathasaigh gur léir ón stair gur minic do pháirtithe beaga a bheith ag streachailt tar éis dóibh a bheith i rialtas ach shéan sé gur botún a bhí ann don Chomhaontas Glas dul isteach sa rialtas le Fine Gael agus Fianna Fáil in 2020.

“Dá dtabharfá an rogha chéanna dom, leis an eolas atá agam anois, dhéanfainn an rogha chéanna,” a dúirt Ó Cathasaigh.

Dúirt sé go raibh sé “fíorbhródúil” as an obair a rinne an Comhaontas Glas le cúig bliana anuas agus go raibh “éacht” déanta acu, mar sampla, i dtaca leis an laghdú ar astaíochtaí anuraidh.

Ghéill sé go gcaithfeadh an páirtí a bheith níos fearr agus iad i mbun cumarsáide leis an bpobal.

“Is cinnte go gcaithfidh muid athbhreithniú a dhéanamh ar an teachtaireacht atá muid ag cur os comhair na ndaoine,” a dúirt sé.

An chéad Gaeilgeoir tofa chuig an 34ú Dáil

Is é an t-iar-aire stáit Gaeltachta Patrick O’Donovan an dara hiarrthóir agus an chéad Ghaeilgeoir a toghadh chun an 34ú Dáil. Bhí fear Fhine Gael ar bharr an chomhairimh i gcontae Luimnigh agus é tofa le 11,563 vóta, 168 níos mó ná an cuóta de 11,385.

Trí shuíochán atá i gcontae Luimnigh agus gach seans go dtoghfar Richard O’Donoghue ó Independent Ireland go luath agus 10,540 vóta céadrogha faighte aige.

Niall Collins ó Fhianna Fáil a gheobhaidh an tríú suíochán. 9,284 vóta céadrogha a fuair sé.

Ba iad Collins, O’Donoghue agus O’Donovan a toghadh chun na Dála in 2020.

Toghadh O’Donovan, a bhí ina aire stáit Gaeltachta ar feadh beagán le cois bliana idir 2022 -2024, sa tríú háit in 2016, sa dara háit in 2020 agus sa gcéad áit an uair seo.

Iarrthóir eile de chuid Fhine Gael, Jennifer Carroll MacNeill, an chéad duine a toghadh i dtoghchán na bliana seo.

Seans ag FF ar an líon is mó suíocháin, drochlá do FG i gCiarraí agus Dún na nGall

Agus an chéad chomhaireamh críochnaithe i ndáilcheantair éagsúla, dealraíonn seo go mb’fhéidir gur ag Fianna Fáil a bheidh an líon is mó suíocháin sa 34ú Dáil agus nach mbeidh oiread na fríde idir Sinn Féin agus Fine Gael ó thaobh líon na dTeachtaí Dála a bheidh acu.

D’fhéadfadh Fianna Fáil agus Fine Gael in éineacht a bheith gann trí nó ceithre shuíochán ar mhóramh. Tá an chuma ar chúrsaí gur ar éigean a bheidh aon Teachta Dála ag an gComhaontas Glas sa chéad rialtas eile. Is cosúil gur lá réasúnta maith a bhí ann do na Daonlathaithe Sóisialta agus Páirtí an Lucht Oibre agus go gcuirfidh siad le líon na suíochán atá acu.

Is cosúil nach mbeidh aon Teachta Dála ag Fine Gael i gCiarraí den chéad uair le breis is 40 bliain agus go mbeidh siad fágtha gan aon Teachta Dála i nDún na nGall. Bhí Teachta Dála ag Fine Gael (nó Cumann na nGaedheal) i nDún na nGall ó 1923 i leith.

D’fhéadfadh nach mbeidh aon suíochán ag Fine Gael ach oiread i Loch Garman, rud nár tharla ó 1927. Verona Murphy (NS), James Browne (FF), Johnny Mythen (SF) agus George Lawlor (LO) atá chun cinn sa dáilcheantar ceithre shuíochán.

An chéad duine tofa in Olltoghchán 2024

Tá an chéad duine tofa in Olltoghchán 2024. Toghadh sa chéad chomhaireamh i nDún Laoghaire Jennifer Carroll MacNeill do Fhine Gael. 11,685 vóta a bhí aici, 155 vóta os cionn an chuóta.

Guirke agus Tóibín chun cinn sa Mhí Thiar

Tá cúpla céad chomhaireamh againn agus torthaí faighte i bhFine Gall Thiar, dáilcheantar trí shuíochán agus An Mhí Thiar, mar a bhfuil Gaeltacht na Mí.

Johnny Guirke Shinn Féin atá sa chéad áit sa Mhí Thiar le 8,604 vóta agus é chun cinn ar Pheadar Tóibín, cainteoir Gaeilge agus ceannaire Aontú, atá sa dara háit.

Idir Aisling Dempsey Fhianna Fáil agus Linda Nelson Murray Fhine Gael a bheidh an tríú suíochán.

Louise O’Reilly ó Shinn Féin atá ar cheann an chomhairimh i bhFine Gall Thiar agus 6,965 vóta céadrogha aici. Robert O’Donoghue ó Pháirtí an Lucht Oibre atá sa dara háit agus Grace Boland Fhine Gael atá sa tríú háit. Tá an cainteoir Gaeilge Lorraine Clifford-Lee san iomaíocht d’Fhianna Fáil don suíochán deireanach.

Caillfidh an t-iar-aire stáit Joe O’Brien a shuíochán, tuilleadh fianaise gur drochlá i gceart é don Chomhaontas Glas. “Tá mo shuíochán caillte agamsa pé scéal é agus údar mór díomá é sin domsa. Ach, faoi mar a dúirt mé, chuireamar go leor oibre isteach,” arsa O’Brien. “

Conor McGuinness

Deis ag Sinn Féin ar dhá shuíochán a bhuachan i bPort Láirge

Tá deis ag Sinn Féin dhá shuíochán a bhuachan i bPort Láirge agus David Cullinane agus an cainteoir Gaeilge Conor McGuinness ag déanamh go maith don pháirtí sa dáilcheantar ceithre shuíochán.

Fuair Cullinane, urlabhraí sláinte Shinn Féin, 22% de na vótaí céadrogha, de réir an an teailí i bPort Láirge agus meastar go dtoghfar é i ndiaidh an chéad chomhairimh.

Tá beirt eile a toghadh in 2020, John Cummins (Fine Gael) agus Mary Butler (Fianna Fáil) slán go maith de réir dealraimh agus 19% de vótaí céadrogha faighte acu.

Beidh iomaíocht ghéar ann don suíochán deireanach idir Conor McGuinness, atá ina chomhairleoir ag Sinn Féin, agus an t-iarrthóir neamhspleách Matt Shanahan, a toghadh chun na Dála den chéad uair in 2020. 11% de na vótaí a bhí ag McGuinness agus 10% a bhí ag Shanahan sa teailí deireanach. Fágann sin gurb iad na vótaí aistrithe ó na hiarrthóirí eile a shocróidh cé a thabharfaidh an lá leo.

Tá Marc Ó Cathasaigh, a toghadh in 2020, thíos le cliseadh an Chomhaontais Ghlais, gan aige ach 3% den vóta. 5% a bhí ag Mary Roche ó na Daonlathaithe Sóisialta, 3% a bhí ag Ronan Cleary ó Aontú, 3% a bhí ag Sadhbh O’Neill ó Pháirtí an Lucht Oibre agus níos lú ná 1% a bhí ag John D Walsh ó Irish People.

Slad déanta ar an gComhaontas Glas, Ó Snodaigh dóchasach faoin dara suíochán

“Tá muid san iomaíocht i gcúpla áit,” an casadh ab fhearr a d’éirigh le ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Roderic O’Gorman, a bhaint as an slad atá déanta ar a pháirtí.

“Toradh díomách atá ann dár bpáirtí inniu, gan amhras,” a dúirt O’Gorman leis na meáin.

Dhá cheann déag de shuíocháin a bhí ag an bpáirtí sa Dáil dheireanach ach tá an chuma ar an scéal anois go gcaillfear formhór mór acusan. Beidh jab ag an gceannaire féin a shuíochán a choinneáil i mBaile Átha Cliath Thiar agus é sa gcúigiú háit sa dáilcheantar cúig shuíochán de réir an teailí.

I mBaile Átha Cliath-Ráth an Dúin, tá leascheannaire an Chomhaontais Ghlais agus aire na Gaeltachta, Catherine Martin, sa séú háit agus cúigear le toghadh. Sa gcúigiú háit i dtoghcheantar ceithre shuíochán Dhún Laoghaire, atá Ossian Smyth, Gaeilgeoir eile. Is beag seans atá ag leithéidí Mharc Uí Chathasaigh agus Neasa Hourigan a suíocháin a choinneáil.

Mary Lou McDonald a bhí ar bharr an teailí deireanach i dtoghcheantar Hourigan, Baile Átha Cliath Láir, agus 20% de vótaí céadrogha faighte ag ceannaire Shinn Féin, de réir dealraimh. An t-aire Paschal Donohoe ó Fhine Gael atá sa dara háit le 17% agus cuma na maitheasa freisin ar Gary Gannon na nDaonlathaithe Sóisialta agus 13% aige.

Tá Gerry ‘The Monk’ Hutch fós go láidir san iomaíocht sa dáilcheantar sin chomh maith agus 9% de vótaí céadrogha faighte aige sa teailí deireanach.

Tá Hutch chun tosaigh ar Marie Sherlock (Páirtí an Lucht Oibre) agus Mary Fitzpatrick (Fianna Fail), beirt a bhfuil 7% acu.

I mBaile Átha Cliath Theas-Lár, tá titim mhór tagtha ar an vóta céadrogha a fuair Aengus Ó Snodaigh Shinn Féin, ó 39% in 2020 go dtí 12% in 2024, ach tá urlabhraí Gaeilge an pháirtí fós chun tosaigh ar na hiarrthóirí uile eile. Dúirt sé le TG4 gur cinneadh iarrthóir breise a chur chun cinn sa dáilcheantar ba chúis leis an titim.

“Ghlac muid agus ghlac mise cinneadh an ceantar a roinnt ina thrí chuid agus is léir ó na figiúirí go ndearna muid jab maith. Tá muid gar dá chéile [10% atá ag Máire Devine agus 9% ag Daithí Doolan] agus tá seans againn go mbeidh dhá shuíochán ag Sinn Féin sa Dáilcheantar bunaithe ar na figiúirí go dtí seo,” a dúirt Ó Snodaigh.

“Tá seans ann fiú ar thrí cinn ach ní fheicim sin ag tarlú ach chuir muid triúr chun cinn chun iarracht a dhéanamh suíochán breise a fháil sa Dáilcheantar seo agus measaim go bhfuil sin ag teacht chugainn.”

Jim Sheridan ag smaoineamh faoi scéal Gerry ‘The Monk’ Hutch a insint

Agus é faoi agallamh ag Nuacht TG4 san ionad comhairimh i mBaile Átha Cliath, dúirt an stiúrthóir scannáin mór le rá Jim Sheridan go raibh sé ag smaoineamh faoi scéal Gerry ‘The Monk’ Hutch a insint.

Tá seans ag Hutch suíochán a bhuachan i mBaile Átha Cliath Láir.

Aindrias Moynihan chun cinn fad i gCorcaigh Thiar Thuaidh

Tá na boscaí ar fad i gCorcaigh Thiar Thuaidh, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, oscailte anois agus an teailí déanta. Trí shuíochán atá sa dáilcheantar seo agus an chosúlacht ar an scéal nach dtoghfar duine ar bith ar an gcéad chomhaireamh ann.

Is é an cainteoir Gaeilge Aindrias Moynihan (Fianna Fáil) atá chun cinn sa teailí (18.9%) agus a chomhghleacaí Micheal Moynihan sna sála air (17.7%). Is é John Paul O’Shea Fhine Gael atá sa tríú háit agus 17.6% aige siúd. Beidh iarrthóir eile Fhine Gael Michael Creed (col ceathrair an iar-theactha Dála Michael Creed) ag súil go slánóidh na vótaí aistrithe é ach beidh troid roimhe le breith ar a chomhghleacaí. Is beag an baol do cheathrar Fhianna Fáil agus Fhine Gael go mbéarfadh duine ar bith eile de na hiarrthóirí orthu. Is í Nicole Ryan Shinn Féin atá sa chúigiú háit de réir an teailí ach gan ach 12.8% den vóta céadrogha aici theastódh tromlach mór na vótaí aistrithe aici le seans a fháil ar an tríú suíochán.

Tá na hiarrthóirí eile – beirt de chuid Independent Ireland, iarrthóirí Aontú agus an Comhaontas Glas agus roinnt iarrthóirí neamhspleácha – i bhfad taobh thiar agus gan 10% ag duine ar bith acu.

Ba é sean-Mhichael Creed, a bhí ina Aire Talmhaíochta, a bhí ar cheann an chomhairimh in 2020 ach d’fhógair sé nach seasfadh sé in Olltoghchán na bliana seo. Tá a chol ceathrair, Micheal Creed eile, ina chomhairleoir contae i gCorcaigh agus is comhairleoir freisin é a chomrádaí John Paul O’Shea – fear a fuair 15.24% den vóta céadrogha in 2020 ach nach bhfuair suíochán.

Ó tharla gur teachtaí Dála cheana féin iad an bheirt Moynihan (níl aon ghaol acu siúd lena chéile) agus 36.6% den teailí acu le chéile, is deacair a fheiceáil cén chaoi nach mbeidh an bheirt acu i nDáil Éireann arís. Tá titim ar vóta Fhianna Fáil ó 39.4% in 2020 go dtí thart ar 36% an uair seo.

Rose Conway-Walsh

Dianchoimhlint do dhá shuíochán i Maigh Eo

Toghfar athuair triúr de Theachtaí Dála an 33ú Dáil ó Mhaigh Eo – Rose Conway-Walsh Shinn Féin, atá ar bharr an chomhairimh de réir an teailí ar 14%, Alan Dillon Fhine Gael atá ar 13% agus Dara Calleary Fhianna Fáil atá ar 12%.

Beidh dianchoimhlint ann don dá shuíochán eile. Tá Keira Keogh agus Mark Duffy ó Fhine Gael agus Lisa Chambers ó Fhianna Fáil ar fad ar 8%. Tá an neamhspleách Patsy O’Brien ar 7%.

An teailí deireanach i Maigh Eo:

Rose CONWAY-WALSH (SF) – 10,111

Alan DILLON (FG) – 9,431

Dara CALLEARY (FF) – 8,500

Mark DUFFY (FG) – 5,913

Keira KEOGH (FG) – 5,774

Lisa CHAMBERS (FF) – 5,496

Patsy O’BRIEN (NP) – 5,212

Paul LAWLESS (ATU) – 4,448

Gerry MURRAY (SF) – 3,609

Martina JENNINGS (FG) – 3,471

Stephen KERR (NP) – 3,261

Chris MAXWELL (IND – IRE) – 2,453

Joe DALY (S-PsB) – 1,179

Boxty O’CONAILL (GP) – 912

Gerry LOFTUS (NP) – 433

Sean FORKIN (NP) – 71

Mairéad Farrell

Dianiomaíocht don suíochán deireanach i nGaillimh Thiar

Teailí neamhiomlán atá againn go fóill i nGaillimh Thiar ó tharla go raibh cuid de lucht an teailí coinnithe amach as an ionad vótála i mBóthar na Trá ar maidin. Mar sin féin, tá teailí ó 96% de na boscaí againn agus an chuma ar an scéal gur seachtar a bheidh san iomaíocht do na cúig shuíochán Dála do Ghaillimh Thiar.

Mairéad Farrell (Sinn Féin) atá ar bharr an chomhairimh de réir an teailí agus 13% den vóta aici. Tá Noel Grealish (Neamhspleách) agus John Connolly (Fianna Fáil) díreach sna sála uirthi ar 12%.

11% atá ag Catherine Connolly (Neamhspleách), 10% atá ag Noel Thomas (Independent Ireland) agus 10% agus 9% atá ag beirt Fhine Gael, Seán Kyne agus Hildegarde Naughton.

Níl ach 5% den vóta chéadrogha ag Gráinne Seoige Fhianna Fáil de réir an teailí. Ba léir luath go maith nach raibh bean an Spidéil chun suíochán a bhuachan, údar díomá don pháirtí.

Níor éirigh le Seoige tacaíocht mhór a mhealladh ina ceantar dúchais féin de réir dealraimh agus níos mó vótaí caite do Catherine Connolly (131) sna trí bhosca ar an Spidéal ná mar a caitheadh don Seoigeach (111), de réir Raidió na Gaeltachta.

Léiríodh tacaíocht mhór don chomhairleoir Noel Thomas (Independent Ireland) i gConamara de réir an teailí, go háirithe i gConamara Thuaidh, ceantar an iar-aire Éamon Ó Cuív, a d’éirigh as an bpolaitíocht le gairid. Bhí Thomas ina bhall d’Fhianna Fáil go dtí earrach na bliana seo nuair a d’éirigh sé as an bpáirtí go luath i ndiaidh na conspóide a bhain le lóistín d’iarrthóirí tearmainn i Ros Cathail.

Seo mar a d’éirigh leis na hiarrthóirí eile i nGaillimh Thiar: Eibhlín Seoighthe (Daonlathaithe Sóisialta) 4%; Helen Ogbu (Páirtí an Lucht Oibre) 3%; an Seanadóir Pauline O’Reilly (An Comhaontas Glas) 3%; Mike Cubbard (Neamhspleách) 3%, Pádraig Lenihan (Aontú) 2%; AJ Cahill (The Irish People) 1%; Maisie McMaster (Pobal seachas Brabús) 2%; Doran McMahon (Irish Freedom Party) 1%; agus Patrick Feeney (Neamhspleách) 0%.

Muintir Healy-Rae fós i mbarr láin sa Ríocht, FG i gcontúirt

Tá teailí iomlán déanta i gCiarraí agus an chuma ar chúrsaí go bhfuil Fine Gael i mbaol agus nár éirigh go rómhaith lena gcur chuige iarrthóir amháin a chur chun cinn, Billy O’Shea.

Meastar gur 12,972 an cuóta agus gur 63% a chaith vóta.

Tá muintir Healy-Rae i mbarr láin sa Ríocht i gcónaí agus timpeall 34% de na vótaí céadrogha acu, de réir na teailí. Beagnach 24% atá ag Michael Healy-Rae agus 11% atá ag a dheartháir, Danny.

Bhí lá maith is cosúil chomh maith ag Pa Daly Shinn Féin, cainteoir Gaeilge, agus é sa tríú háit ar 14.8%. An t-aire oideachais Norma Foley atá sa cheathrú háit ar 13.8% agus tá Michael Cahill (FF) ar 10.5% sa chúigiú háit agus é chun cinn ar fhear Fhine Gael, Billy O’Shea, ar 10,1%.

Idir Fianna Fáil agus Fine Gael a bheidh sé don suíochán deireanach sa dáilcheantar cúig shuíochán.

Pat the Cope Gallagher. Pictiúr: Leon Farrell / Photocall Ireland

Sinn Féin go mór chun cinn i nDún na nGall agus Fine Gael i bponc

Agus an teailí críochnaithe i nDún na nGall tá an chuma ar an scéal gur ag Sinn Féin a bheidh 41% de na vótaí céadrogha. Tá triúr ag seasamh don pháirtí sa dáilcheantar agus tá dóchas ag Sinn Féin go n-éireoidh leo trí cinn de na cúig shuíochán a fháil.

Is cosúil nach mbeidh aon suíochán ag Fine Gael sa chontae den chéad uair le 100 bliain.

Tá leascheannaire pháirtí Shinn Féin, Pearse Doherty, sa chéad áit agus Pádraig Mac Lochlainn sa tríú háit. An t-iar-aire stáit Gaeltachta Pat the Cope Gallagher atá sa dara háit agus é chun cinn ar a leathbhádóir Charlie McConalogue, an t-aire talmhaíochta.

Dúirt stiúrthóir toghcháin McConalogue, an Seanadóir Niall Blaney, gur dóigh leis gur vóta mór do Shinn Féin seachas scannal na mbrící lochtacha míoca is cúis leis an titim ar vóta an aire a bhí go mór i mbéal an phobail le linn shaolré na Dála deireanaí. Tá an chosúlacht ar an scéal nár éirigh chomh maith sin le McConalogue in Inis Eoghain, a cheantar féin, agus titim 6 pointe céatadáin ar a chuid vótaí céadrogha sa toghcheantar sin ó 2020.

Dúirt an comhairleoir de chuid Shinn Féin John Shéamuis Ó Fearraigh go bhfuil dóchas ag a pháirtí go mbeidh an tríú suíochán acu. Is é Noel Jordan as deisceart an chontae an tríú hiarrthóir acu agus súil aige go dtabharfaidh vótaí aistrithe ón mbeirt eile os cionn an chuóta é.

Charles Ward 100% Redress atá sa chúigiú háit de réir na teailí. Dúirt an Comhairleoir Ali Farren, a toghadh chun na Comhairle Contae níos túisce i mbliana go bhfuil “imní” air go bhfuil troid mhór amach roimh Ward agus go bhfuil díomá air faoin teailí. Beidh Thomas Pringle, neamhspleách, ag troid don suíochán deireanach chomh maith.

Dhá thrian de vótóirí óga den tuairim nach bhfaigheann an Ghaeilge dóthain tacaíochta

Tá daoine óga den tuairim nach dtugtar dóthain tacaíochta don Ghaeilge, de réir na pobalbhreithe iarvótála a rinne Ipsos B&A do TG4, RTÉ agus an Irish Times.

50% de dhaoine a dúirt nach raibh dóthain á dhéanamh ar son na Gaeilge. Dúirt 41% go raibh dóthain tacaíochta ag an teanga mar atá agus 8% a mhaígh go raibh an iomarca á dhéanamh di.

Dhá thrian, 66%, de dhaoine idir 18-24 bliain d’aois agus 65% de dhaoine idir 25-34 a dúirt gur chóir níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge. 51% a bhí i gceist do dhaoine idir 35-49. I gcás daoine idir 50-64 dúirt 45% gur chóir níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge agus 41% de dhaoine a bhí 65 nós níos sine a dúirt amhlaidh.

I mBaile Átha Cliath is mó a bhí daoine a chreid go bhfuil dóthain tacaíochta ag an nGaeilge mar atá. 43% de na daoine a ceistíodh san ardchathair a bhí den tuairim go raibh dóthain á dhéanamh don teanga. 40% a bhí i gceist sa chuid eile de Chúige Laighean, 42% a dúirt amhlaidh i gCúige Mumhan agus dúirt 37% de dhaoine i gConnachta/Uladh (37%) go raibh dóthain tacaíochta ag an nGaeilge.

59% de lucht tacaíochta Shinn Féin agus na nDaonlathaithe Sóisialta a dúirt nach raibh dóthain á dhéanamh don Ghaeilge. 58% a bhí i gceist i gcás Phobal seachas Brabús, 53% de lucht tacaíochta Pháirtí an Lucht Oibre a dúirt nach raibh dóthain á dhéanamh don Ghaeilge. 51% de lucht tacaíochta Fhianna Fáil, 51% de lucht tacaíochta an Chomhaontais Ghlais agus 45% de vótóirí Aontú a dúirt amhlaidh. Bhí 38% de vótóirí Fhine Gael den tuairim go raibh dóthain tacaíochta á thabhairt don Ghaeilge.

Comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael an rogha ag 31% 

Dúirt os cionn 31% de na daoine a ceistíodh sa bpobalbhreith, a rinne Ipsos B&A do RTÉ, an Irish Times, TG4, agus Coláiste na Tríonóide aréir díreach tar éis na vótála, gurbh fhearr leo comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael mar an chéad rialtas eile.

Comhrialtas faoi cheannas Shinn Féin gan Fianna Fáil ná Fine Gael ab fhearr le 22% díobh.

Dúirt os cionn 56% de na daoine a dúirt gur vótáil siad d’Fhianna Fáil gur comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael a rogha rialtais. B’amhlaidh a bhí á rá ag 65% de vótálaithe Fhine Gael a ghlac páirt sa bpobalbhreith. .

Comhrialtas idir Fianna Fáil agus Sinn Féin ab fhearr le 7%, agus bhí 9% a dtaitneodh comhrialtas idir Fine Gael, Fianna Fáil agus teachtaí Neamhspleácha leo. B’ionann an tacaíocht, 9%, do chomhrialtas idir Fine Gael, Fianna Fáil agus ceann éigin de na páirtithe beaga.

Bhí breis is duine as cúigear nó 21% ar theastaigh “rud éigin eile” uathu agus níor fhreagair 1% de na daoine a ceistíodh an cheist sin.

Is é Micheál Martin ab fhearr le 35% de lucht na pobalbhreithe mar Thaoiseach, 34% arbh fhearr leo Mary Lou McDonald ina Taoiseach agus 27% a roghnaigh Simon Harris mar Thaoiseach sa 34ú Dáil.

Fáilte romhaibh go dtí Tuairisc Bheo faoi Olltoghchán 2024. Bí linn as seo go ceann cúpla lá do na scéalta is déanaí faoin gcomhaireamh, ón nGaeltacht agus ó na toghcheantair go léir.

Tá an comhaireamh ar siúl ar fud na tíre agus an teailí ag teacht isteach ón 43 dáilcheantar.

De réir na cosúlachta tá an Comhaontas Glas ag streachailt agus é ina imní go mbeidh fíor-dhrochlá acu agus fiú ceannaire an pháirtí Roderic O’Gorman agus aire na Gaeltachta Catherine Martin i dtrioblóid. I bPort Láirge is cosúil go gcaillfidh an cainteoir líofa Gaeilge Marc Ó Cathasaigh a shuíochán, ach d’fhéadfadh cainteoir Gaeilge eile, Conor McGuinness an dara suíochán a bhuachan do Shinn Féin.

I mBaile Átha Cliath Láir tá seans ar shuíochán ag Gerard ‘The Monk’ Hutch.

Tuairiscítear go bhfuil an tAire Sláinte Stephen Donnelly i dtrioblóid i gCill Mhantáin agus go mb’fhéidir go gcaillfidh sé a shuíochán.

Is cosúil go bhfuil lucht Fhianna Fáil buartha chomh maith faoina bhfuil i ndán don aire talmhaíochta Charlie McConalogue agus é i mbaol a shuíochán a chailleadh. Is cosúil áfach go mbeidh fear eile ó Fhianna Fáil, an t-iar-aire stáit Gaeltachta Pat the Cope Gallagher ag filleadh ar an Dáil.

Tá an chuma ar an scéal i gCiarraí go mbeidh sé ina chath idir Fine Gael agus Fianna Fáil don chúigiú suíochán agus Billy O’Shea, an t-aon iarrthóir ag Fine Gael, agus Michael Cahill (FF) an-ghar dá chéile sa teailí.

I nGaillimh Thiar, tá an chuma ar chúrsaí go dtoghfar Mairéad Farrell (SF) agus Catherine Connolly (NS). Is cosúil go bhfuil an fear Gaeltachta John Connolly Fhianna Fáil, ag cruthú níos fearr ná a leathbhádóir, an bhean Ghaeltachta Gráinne Seoige. Dealraíonn sé go mbeidh suíochán ag duine de bheirt Fhine Gael, Hildegarde Naughton agus Seán Kyne agus seans acu ar dhá cheann. Sa tóir ar shuíochán chomh maith beidh John Connolly, Noel Thomas, Independent Ireland, agus Noel Grealish, neamhspleách.

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: Na suíocháin go léir sa 34ú Dáil líonta, Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó'

  • Séadna

    Rith Stephen Donnelly mar neamhspleách sa bhliain 2011, mura bhfuil dul amú orm.

  • Antoin Daltún

    Cad é an difríocht idir teachta Neamhspleách agus teachta Eile?