A n-ainm Breatnaise a thabharfar go hoifigiúil ar an gcuid is mó de thoghcheantair nua an Senedd, an pharlaimint náisiúnta sa Bhreatain Bheag.
Is ag an leagan aonteangach Breatnaise amháin a bheidh stádas oifigiúil i gcás ceithre thoghcheantar déag de na sé cinn déag a bheidh ann in 2026 – an chéad uair eile a bheidh toghchán Senedd ann.
D’fhógair Coimisiún Daonlathais agus Teorann na Breataine Bige go mbeidh na toghcheantar nua níos mó ná mar a bhí na cinn a bhí ann rompu agus gur i mBreatnais a bheidh a n-ainm. Beidh 36 polaiteoir nua sa Senedd tar éis an toghcháin náisiúnta in 2026 agus theastaigh toghcheantair níos mó leis na daoine breise a thoghadh.
Tá fáilte curtha ag Cymdeithas yr Iaith (Cumann na Breatnaise) roimh na hathruithe atá beartaithe agus dúirt gur “údar bróid” do mhuintir na Breataine Bige í a dteanga dhúchais.
“Is í an Bhreatnais teanga uathúil náisiúnta na Breataine Bige agus ba cheart go mbeimis bródúil aisti, úsáid a bhaint aisti, agus í a chur chun cinn le go mbeidh sé normálta focail agus logainmneacha Breatnaise a fheiceáil agus a chloisteáil.
“Coinneoimid orainn ag éileamh go n-úsáidfí an Bhreatnais amháin i gcás na gceithre thoghcheantar a bhfuil ainmneacha dátheangacha orthu faoi láthair,” a dúirt Siân Howys, leaschathaoirleach an chumainn.
Tagraítear d’fhormhór na dtoghcheantar sa Bhreatain Bheag go dátheangach i láthair na huaire ach tá cuid acu a bhfuil ainm aonteangach Breatnaise orthu – leithéidí Ynys Môn agus Caeryrddin. Faoin dlí nua atá beartaithe is ainm aonteangach a bheidh ar nach mór chuile thoghcheantar agus is sa Bhreatnais a bheidh an t-ainm sin mura gcinneann an Coimisiún Daonlathais agus Teorann a mhalairt.
Toghfar seisear AS (aelodau o’r Senedd, nó ‘Feisire Senedd’) i ngach ceann de na 16 toghcheantar a dhéanfar as na 32 toghcheantar atá ann do Pharlaimint Westminster. Tá an BBC ag tabhairt ‘super-constituencies’ ar na toghcheantair nua mar gheall ar a méid.
Dúradh i dtuarascáil a réitigh an Coimisiún faoi na hathruithe go bhféadfaí ainmneacha Breatnaise a úsáid ar thoghcheantar nua i mBéarla sa chás go bhféadfadh daoine nach raibh an Bhreatnais acu é a aithint agus a úsáid.
Ní úsáidfear leaganacha Breatnaise má tá “nod tíreolaíoch” mar chuid d’ainm an toghcheantair – Thuaidh, Thoir, Thiar, agus Theas na Gaeilge, mar shampla.
Tá na hainmneacha nua níos giorra ná mar a bhí nuair a moladh iad den chéad uair agus tá sé i gceist ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh orthu idir toghchán na bliana 2026 agus toghchán na bliana 2030.
Is iad seo na hathruithe atá beartaithe:
Athrófar: ‘Bangor Conwy Môn’ go ‘Bangor, Aberconwy and Ynys Môn’; ‘Alyn, Deeside and Wrexham’ go ‘Fflint Wrecsam’; ‘Dwyfor Merionnydd, Montgomeryshire and Glyndwr’ go ‘Gwynedd Maldwyn’; ‘Ceredigion and Pembrokeshire’ go ‘Ceredigion Penfro’; ‘Carmarthenshire’ go ‘Sir Gâr’; ‘Merthyr Tydfil, Aberdare and Pontypridd’ go ‘Merthyr Cynon Taf’; ‘Aberafan Maesteg Rhondda and Ogmore’ go ‘Afan Ogwr Rhonnda’; ‘Vale of Glamorgan and Bridgend’ go ‘Pen-y-bont Bro Morgannwg’; agus ‘Blaenau Gwent, Rhymney and Caerphilly’ go ‘Blaenau Gwent Caerffili Rhymni’; ‘Newport and Islwyn’ go ‘Casnewydd Islwyn’; agus ‘Monmouthshire and Torfaen’ go ‘Mynwy Torfaen’.
Fág freagra ar 'Stádas oifigiúil tugtha do leaganacha Breatnaise d’ainmneacha toghcheantar nua'