Amárach an lá is giorra sa mbliain agus solas Shí an Bhrú á shruthú beo ar fud na cruinne

As seo amach beidh fad ag teacht ar an lá agus dé bheag eile den solas ag tabhairt misnigh dúinn

Amárach an lá is giorra sa mbliain agus solas Shí an Bhrú á shruthú beo ar fud na cruinne

Amárach an lá is giorra sa mbliain, údar dóchais dúinn uilig mar as seo amach beidh fad ag teacht ar an lá agus dé bheag eile den solas ag tabhairt misnigh dúinn.

Faoi cheann deich lá beidh fad coisméig coiligh tagtha ar an lá agus faoi Lá Chinn an Dá Lá Dhéag beidh fad beartín brosna air, dhá íomhá nach bhfuil a dtoisí agamsa ach tugann solas na hathbhliana ualach dóchais dom.

Os cionn 5000 bliain ó shin thuig ár sinsir tábhacht is íocshláinte an tsolais sin nuair a thóg siad Sí an Bhrú i nGleann na Bóinne. Os cionn an bhealach isteach fágadh poll trína scairtfeadh solas na gréine isteach sa mbrú ó éirí gréine an lá is giorra sa mbliain.

Níl aon áit fágtha istigh sa mBrú leis an iontas seo a fheiceáil amárach ach is féidir dul ar cuairt go dtí Ionad na gCuairteoirí in aice láimhe leis an maidneachan a fheiceáil is tú amuigh faoin aer. Ní bheidh aon táille le híoc roimh a 9.00am. Beifear ag súil go ligfidh spéir ghlan don solas scaladh.

Ní call an baile a fhágáil mar beidh an t-iontas á shruthú beo chugainn ón tuama pasáiste ársa ó 8.40am ar sheinnteoir RTÉ agus ar shuíomh Oifig na nOibreacha Poiblí gach eolas le fáil anseo.

Fág freagra ar 'Amárach an lá is giorra sa mbliain agus solas Shí an Bhrú á shruthú beo ar fud na cruinne'