Tá teacht aniar a dhéanamh ag an náisiúnstát sa troid i gcoinne Covid-19

Ní chun an lámh in uachtar a fháil ar aon dream eile a bhíonn an náisiún ann ach le guth a thabhairt don uile dhuine ar an mbonn go mbíonn an meas céanna ag gach náisiún ar na náisiúin eile

Tá teacht aniar a dhéanamh ag an náisiúnstát sa troid i gcoinne Covid-19

Tá an náisiúnstát ag troid ar ais is ag teacht chuige féin arís sa gcath in aghaidh an chóróinvíris agus na fadhbanna eacnamaíochta is sóisialta atá cothaithe ag an bpaindéim.

Má d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, gurbh é cosaint an Mhargaidh Aonair an sprioc ba thábhachtaí, chinn ballstát i ndiaidh ballstáit go dtabharfaí tús áite do leas a muintire. Cinneadh go gcuirfí srianta ar thaisteal isteach is amach i bhfeidhm agus go gcuirfí cúnamh airgid ar fáil a sháródh rialacha an euro maidir le fiacha agus cúnamh stáit do chomhlachtaí.

Lean rialtas na hÉireann treoracha von der Leyen gan cur isteach ar aerthaisteal idir na ballstáit, ach tháinig deireadh leis sin nuair a chuir rialtas na Spáinne, na hIodáile agus na Polainne, agus tíortha eile, srianta i bhfeidhm ag a gcuid aerfort.

Bhí leisce freisin ar Bhanc Ceannais na hEorpa, agus ar a stiúrthóir, Christine Lagarde, airgead a chur ar fáil. 

Go deimhin chuir Lagarde go mór le deacrachtaí na hIodáile nuair a d’fhógair sí nach raibh aon dualgas ar an mBanc Ceannais cabhrú leis an Iodáil maidir le hairgeadra nó an tír a choinneáil i limistéar an euro.

Bhí na hIodálaigh ar buile agus rinne siad gearán go poiblí nach raibh aon dlúthsheasamh leis an Iodáil á léiriú ag an Aontas Eorpach ná ag aon bhallstát eile de. Dúirt Matteo Salvini, ceannaire an Liga, go raibh “cabhair ag teastáil ón Iodáil ach nach bhfuair sí ach buille sa bpus”.

Sea, chuir sé go mór le míshástacht na hIodáile leis an Aontas nuair a thug na ballstáit cluas bhodhar dá n-impí trealamh a fháil le troid in aghaidh an víris, tráth ar thug an tSín cabhair mhór dóibh – trealamh, saineolaithe is eile.

Ghéill an tAontas sa deireadh – bhí an brú róláidir – ach tá na ballstáit i ndiaidh céim chun tosaigh a thabhairt sa scéal seo. Mar a dúirt Wolfgang Munchau sa Financial Times: ‘Nuair a chuirtear le chéile iad is spreagadh eacnamúil éicint iad na polasaithe náisiúnta, ach sa deireadh cuirfidh siad leis an éagothroime inmheánach i limistéar an euro.

“Rachaidh easnaimh fhioscacha na hIodáile, na Spáinne is na Fraince in airde go mór … Leathnófar an bhearna fhioscach idir Tuaisceart agus Deisceart.”

Is sa gcomhthéacs sin atá an cheist á cur arís: cén cineál Aontais is cóir a bheith ann – stát feidearálach nó eagras comhoibrithe?

Tá a fhios agam go bhfuil roinnt daoine ann nach dtaitníonn leo go ndéarfaí aon fhocal cáinteach faoin Aontas. ‘Nach ball den chlub muid?’. Chloisfeá ag geonaíl iad. ‘Nach seasann an club linne?’.

I gcás na hIodáile is léir nár sheas, agus is cróga – nó amaideach – an duine a chreideann go seasfaí linne dá mbeadh muid ag iarraidh leas ár muintire a chur roimh leas an Mhargaidh Aonair.

Is é an rud nach dtuigeann díograiseoirí na hEorpa ná go bhfuil difear idir comhoibriú domhanda ó thaobh na heacnamaíochta agus na sláinte agus sa troid in aghaidh thruailliú na haeráide is eile, agus a bheith gafa ag rialacha a ndéanann leithéidí Christine Lagarde, Emmanuel Macron nó Angela Merkel sainmhíniú orthu.

Agus is sa difear sin a fheiceann muid an tábhacht a bhaineann leis an náisiúnstát.  Is é an náisiún an dream is bunúsaí ó thaobh an daonlathais de, dream a bhfuil tuiscint is stair choiteann acu. Is é an náisiún a thugann deis don ghnáthdhuine a leas féin a chosaint ar dtús, agus é i dteannta a chomhnáisiúnaigh.

Ní chun an lámh in uachtar a fháil ar aon dream eile a bhíonn an náisiún ann ach le guth a thabhairt don uile dhuine ar an mbonn go mbíonn an meas céanna ag gach náisiún ar na náisiúin eile.

Ach chomh maith leis sin, bíonn aicmí i ngach aon náisiún – iad siúd a mhaireann trína gcumas oibre a dhíol ar an margadh oibre agus iad siúd a mhaireann ar an rachmas.

Bac é an náisiúnstát ar mhianta lucht an rachmais mar tugann sé an guth daonlathach don phobal a d’fhéadfadh cur isteach ar bhrabús na rachmasóirí.

Pointe tábhachtach é sin, ar ndóigh.  Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go mbeidh bille mór le n-íoc mar gheall ar an gcoróinvíreas.  Ach cé a íocfas an bille sin?  An gnáthphobal céanna a d’íoc bille ghéarchéim na baincéireachta nó na daoine saibhre, na comhlachtaí móra is na bainc?

Braitheann freagra na ceiste sin cuid mhaith ar céard a tharlóidh don Aontas Eorpach – má mhaireann sé.  An gcloífidh sé leis an domhandú eacnamaíochta agus an nualiobrálachas nach ligeann don stát cur isteach ar an gheilleagar ar mhaithe le híosaicme an náisiúin a chosaint, nó an ngéillfidh sé don daonlathas bunaithe ar an  náisiúnstát?

Buille mór don Aontas Eorpach is ea an Breatimeacht – ceann de na tíortha is mó in eacnamaíocht na hEorpa agus is mó a bhfuil cumas cogaíochta aici ag  imeacht ón Aontas.

Ach ní dhéanfaidh an tAontas cúlú go héasca.  Cheana féin, ó mhí na Bealtaine ar aghaidh, tá sé beartaithe ag ceannairí an Aontais díospóireacht mhór a thosú faoi thodhchaí an Aontais, agus Macron is eile ag iarraidh dlúthú is lárnú níos mó a bhrú ar aghaidh i limistéar an euro.

Cá seasfaidh muide sa díospóireacht sin?  An mbeimid ag iarraidh ár nguth féin a bheith againn nó an mbeimid ag géilleadh do na huaisle a labhródh thar ár gceann mar bhaill mheasúla an chlub?

Fág freagra ar 'Tá teacht aniar a dhéanamh ag an náisiúnstát sa troid i gcoinne Covid-19'