Tá ráite ag an Rialtas agus na húdaráis sláinte go bhfuil beatha daoine “á cur i mbaol” ag daoine atá ar nós cuma liom faoin scoitheadh sóisialta.
Glacadh inniu i dTithe an Oireachtais leis an reachtaíocht éigeandála nua a thabharfaidh cumhachtaí móra don Stát chun dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19.
Glacadh sa Seanad inniu leis an reachtaíocht a thabharfadh cumhachtaí nua don Stát maidir le daoine a choinneáil, srianta a chur ar thaisteal agus ordú a thabhairt do dhaoine fanacht ag an mbaile.
Rinneadh an Dáil a ghairm inné chun an reachtaíocht éigeandála a rith faoi dheifir agus ní foláir don Uachtarán Micheál D Ó hUigínn anois an reachtaíocht a shíniú chun go mbeadh sé ina dlí.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh súil aige nach mbeadh gá le leas a bhaint as an reachtaíocht agus go raibh an teachtaireacht maidir le tábhacht an scoitheadh sóisialta á cur abhaile ar dhaoine.
Dúirt an Taoiseach nár dhóigh leis go mbeidh an cás chomh dona in Éirinn is atá i dtíortha amhail an Iodáil agus an Spáinn, atá ar na tíortha is measa ar domhan atá buailte ag an ngalar.
Ach chuaigh an reachtaíocht trí Thithe an Oireachtais tráth a bhfuil rabhadh tugtha ag an Rialtas agus na húdaráis sláinte gur beart riachtanach an scoitheadh sóisialta chun beatha daoine a shábháil. Dúradh go raibh na daoine a raibh neamhaird á déanamh acu den scoitheadh sóisialta ag cur beatha daoine eile i mbaol.
Ag labhairt dó sa Seanad, dúirt an Tánaiste Simon Coveney gur beart riachtanach atá sa scoitheadh sóisialta agus nach “teoiric” atá ann. Dúirt Coveney go gcaithfí dúshlán gaolta, cairde agus daoine eile a thabhairt lena chinntiú go gcuirtear an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm agus go dtugann gach duine faoi ar bhealach dáiríre. “Má dhéanfaimid sin sábhálfaimid beatha daoine, na mílte acu,” arsa an Tánaiste.
Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris inniu nach raibh daoine áirithe ag caitheamh “dáiríre a dhóthain” leis an scoitheadh sóisialta agus go raibh roinnt daoine óga á n-iompar féin amhail is gur “laethanta saoire an tsamhraidh a bhí ann”.
Rinneadh an Dáil a ghairm inné chun reachtaíocht éigeandála a rith faoi dheifir a thabharfadh cumhachtaí móra don Rialtas ina chuid iarrachtaí in éadan ghéarchéim an choróinvíris.
Bheadh na cumhachtaí seo i bhfeidhm go dtí an 9 Samhain agus a chead ag an Aire Sláinte síneadh a chur leo más gá.
Cuirfidh an reachtaíocht seo ar chumas an stáit ordú a thabhairt do dhaoine fanacht ina dtithe agus daoine a mheastar an víreas a bheith tolgtha acu a chur faoi choinneáil má dhiúltaíonn siad leithlisiú a dhéanamh orthu féin ar ordú dochtúra.
Faoin reachtaíocht d’fhéadfaí cosc a chur ar imeachtaí agus cruinnithe ar léir go gcuirfidís sláinte an phobail i mbaol agus d’fhéadfaí ordú dianghlasála a dhéanamh i gcás réigiúin iomlána.
I measc na mbeartas, beidh liúntas tacaíochta ioncaim ar fáil do dhaoine a fhaigheann diagnóis go bhfuil Covid-19 tolgtha acu nó go bhfuil orthu leithlisiú a dhéanamh orthu féin.
Thabharfadh an reachtaíocht an chumhacht do na húdaráis a chinntiú go gcloífidh daoine le rialacha an scoitheadh sóisialta.
Tá imní léirithe ag roinnt daoine go gcuirfidh an reachtaíocht srianta nua ar shaoirsí sibhialta.
Faoin reachtaíocht nua féadfar chomh maith sochar €203 sa tseachtain a íoc ar feadh sé seachtaine le daoine a chaill a bpostanna de bharr na géarchéime eacnamaíochta atá sa tír faoi láthair de bharr na paindéime.
Tá os cionn 10,000 duine i ndiaidh bás a fháil mar gheall ar Covid-19 fud fad na cruinne. Tá tíortha ag streachailt le teacht ar bhealach éifeachtach le dul i ngleic le géarchéim shláinte an phobail agus, ag an am céanna, tá siad ag iomrascáil le géarchéim eacnamaíochta, géarchéim atá ag éirí níos measa.
Sa tSín agus san Iodáil a bhásaigh thart ar dhá thrian de na daoine atá curtha den saol ag an ngalar go dtí seo. Tá níos mó ná 240,000 cás den víreas deimhnithe ar fud an domhain agus tuairiscítear gur tháinig 86,000 duine chucu féin ón ngalar go dtí seo.
D’éag 205 duine sna Stáit Aontaithe, 144 duine sa Ríocht Aontaithe agus seachtar san Astráil. Ceathrar a fuair bás in Éirinn; triúr sa Deisceart agus duine amháin sa Tuaisceart.
Tá os cionn 1,000 duine sa Spáinn marbh de bharr an choróinvíris, de réir rialtas na tíre sin. D’eisigh roinn sláinte na Spáinne figiúirí inniu a léirigh go raibh an víreas ar 19,980 duine, go raibh 1,141 duine in aonaid dianchúraim agus go raibh 1,002 duine marbh.
I Maidrid atá níos mó ná trian de na cásanna atá ar eolas ag na húdaráis. Thug na húdaráis sláinte le fios go raibh lán trá na géarchéime roinnt laethanta uathu fós.
Tuairiscítear go bhfuil daoine atá ag obair sna hotharlanna faoi bhrú damanta agus iad ag tarraingt ar dheireadh a n-acmhainne.
Cuirtear lena gcuid streachailte de bharr feistis chosanta, ar nós maisc agus lámhainní, a bheith an-ghann.
Idir an dá linn, thug an tAontas Eorpach le fios go n-éistfeadh siad le hiarratas ón Bhreatain maidir le moill a chur ar imeacht na Ríochta Aontaithe ón aontas.
Deimhníodh Déardaoin freisin gur as baile isteach a tháinig an 39 cás nua den víreas sa tSín. Seo an dara lá i ndiaidh a chéile ar thuairiscigh údaráis na Síne nach raibh aon tras-seoladh úr áitiúil ann.
Tá an tSín ar cheann de na tíortha atá tar éis an víreas a smachtú, is cosúil, de bharr bearta dochta a chur i gcrích.
Ach tá imní anois ag méadú go mbeidh rabharta nua ann de bharr lucht taistil.
D’ordaigh gobharnóir Chalifornia sna Stáit Aontaithe dá chuid saoránach fanacht sa bhaile. Is é California an stát is mó daonra i Meiriceá agus tá siad ag cur lena gcuid iarrachtaí cur in éadan Covid-19.
Tá an Bhaváir, an stát is mó sa Ghearmáin, ar an chéad réigiún le hordú dianghlasála a chur i bhfeidhm le cosc a chur ar an choróinvíreas. Dúnfar bialanna agus ní bheidh cead ag grúpaí bualadh le chéile taobh amuigh feasta.
Fág freagra ar 'Beatha daoine ‘á cur i mbaol’ ag daoine atá ar nós cuma liom faoin scoitheadh sóisialta'