ASNC: Lucht earnáil na Gaeilge ag dul i dtaithí ar a bheith ag déanamh tada ón mbaile

Tuairiscítear go bhfuil ag éirí le feidhmeannaigh in earnáil na Gaeilge a laghad céanna a dhéanamh ón mbaile agus a dhéanfadh siad dá mbeadh tada á dhéanamh san oifig acu

ASNC: Lucht earnáil na Gaeilge ag dul i dtaithí ar a bheith ag déanamh tada ón mbaile

Tuairiscítear go bhfuil ag éirí an-mhaith go dtí seo leis na socruithe in earnáil na Gaeilge a cheadaíonn do dhaoine tada a dhéanamh ón mbaile seachas ón oifig le linn na géarchéime.

Dúirt feidhmeannach amháin atá ag déanamh tada ón mbaile le seachtain anuas go bhfuil ag éirí leis a laghad céanna a dhéanamh ón mbaile agus a dhéanfadh sé dá mbeadh tada á dhéanamh ag an obair aige.

“Tá ag éirí go maith leis mar shocrú, chuaigh mé i dtaithí air an-sciobtha caithfidh mé a rá, cé go mbíonn go leor ag tarlú sa mbaile a d’fhéadfadh cur isteach ort agus tú ag iarraidh tada a dhéanamh.

“Lena gceart a thabhairt dóibh san oifig, ligeann siad duit leanúint ar aghaidh ag déanamh tada gan cur isteach ort. Is dócha go mbíonn siad róghnóthach iad féin ag déanamh tada le bheith ag déanamh imní fút,” arsa an feidhmeannach.

Dúirt bean sna tríochaidí atá ag déanamh tada in earnáil na Gaeilge le deich mbliana anuas go bhfuil a dhá oiread á dhéanamh aici ó thosaigh sí ag déanamh tada ón mbaile. Dúirt sí gurb é an t-aon rud a bhraitheann sí uaithi faoi bheith ag déanamh tada san oifig ná an comhluadar.

“Sin an t-aon rud nach maith liom faoi bheith ag déanamh tada ón mbaile. Bíonn físchomhdháil uair sa tseachtain againn agus cé nach ndeirtear tada aici agus nach ndéantar tada ina diaidh, ní hé an dá mhar a chéile é,” arsa an bhean atá ag déanamh tada in earnáil na Gaeilge le deich mbliana anuas.

Duine amháin a labhair le Ar Son na Cúise nach raibh sásta leis na socruithe nua.

“Lá amháin bhíomar ag déanamh tada san oifig agus an chéad lá eile bhíomar ag déanamh tada ón mbaile.

“Níl sé éasca nuair nach bhfuil taithí agat ar a leithéid. Ba chóir do dhream éigin áiseanna a chur ar fáil dúinn le cabhrú linn tada a dhéanamh ón mbaile, ach ní bhfuaireamar faic ach nóta ag insint dúinn go mbeifí ag súil go ndéanfaimis an méid céanna ón mbaile is a dhéanfaimis san oifig,” arsa fear amháin linn.

Idir an dá linn, cé go bhfuil sé róluath a rá go fóill cén tionchar a bheidh ag an bpaindéim Covid-19 ar an nGaeilge, tá saineolaithe áirithe dóchasach gurb amhlaidh go dtiocfaidh feabhas ar a cás le linn na géarchéime, faoi mar atá tarlaithe i gcás na timpeallachta agus laghdú tagtha ar an truailliú a bhí á dhéanamh uirthi.

“D’fhéadfadh sin tarlú ach is é is dóichí ná a mhalairt nach dtarlóidh tada,” a dúirt saineolaí amháin le Ar Son na Cúise.

Maidir leis an tionchar a bheidh ag an ngéarchéim sláinte ar earnáil na Gaeilge, bhí na saineolaithe go léir den tuairim go dtiocfadh sí slán.

Fág freagra ar 'ASNC: Lucht earnáil na Gaeilge ag dul i dtaithí ar a bheith ag déanamh tada ón mbaile'

  • Bríd

    Ráite go maith ?

  • Pádraig

    Seans go mbeadh deis ag na neamh-gníomhaithe teangan éalú ó bhrú tada a dhéanamh ag na físchomhdhála i dteach an asail nó i gcró na gcearc. Faraor, bheadh orthu a chinntiú go mbeadh neart páipéar leithris acu a fhad is a bheadh siad ag suí siar ar a dtóineacha gaelacha ina n-aonar ag síormhachnamh ar tada.