Ní fheicim aon chárta ildaite ag ceiliúradh Lá na mBan. Is beag againn a smaoiníonn inniu ar na mná sin i Meiriceá a thriail cearta a bhaint amach do na hoibrithe ban i dtionscal an éadaigh ná ar mhná na Rúise a spreag réabhlóid shóisialach nach bhfuil mar oidhre anois uirthi ach Putin agus a chuid comrádaithe ‘fearúla’. Is searbh i mo bhéal aon dea-ghuí dhóite a roinnfinn le haon bhean inniu.
Tá taibhsí na marbh i mo thimpeall. Taoiseach fir fileata i nDáil Éireann ár gcáineadh as an daoradh a rinneadh ar mhná ar mhaithe le measúlacht. Ach mar a bhí, mar atá agus b’fhéidir mar a bheas, measúlacht na bhfear –aithreacha, gaolta, éignitheoirí, mí-úsáideoirí, cléir, comharsana pósta is singil, agus lucht an údaráis a bhí á cosaint.
Na mílte bean á ruaigeadh as teaghlach is pobal de bharr iad a bheith ag súil le páiste agus gan athair ag aon pháiste acu, is léir. Breith gan smál ag Muire ach na fir a bhí gan smál in Éirinn. An fear ina stail i measc a chairde agus an bhean ina striapach ag an saol, bíodh an ghiniúint dá deoin nó dá hainneoin. Buaileadh sí bóthar, coinníodh sí a clab dúnta agus fágadh an fear a bhí chomh fial lena chuid ar a theallach measúil féin.
Níor shábháil an pósadh an bhean ach an oiread – páiste sa mbliain ach an fheamainn le tarraingt, uisce le n-iompar, seandaoine le fosaíocht agus an fear le sásamh le fonn nó le mífhonn. Ní hiontas gurbh é an bás an cuairteoir ba mhinice ar theallach na mban seo. Ach ná labhair as do bhéal faoi, ní maith an rud a bheith ag ceasacht ar obair Dé. I lár na hoíche do pháistín á ghoid uait i bpíosa de sheanphluid agus á chur go huaigneach sa gclaí teorann agus gan a chead agat fiafraí cén spota, ní áirím cloch chinn a chur os a chionn. Liombó roimhe ar feadh na síoraíochta agus coinnigh guaim ar do chroí briste, liombó an uaignis í do leaba feasta.
Ná téigh isteach in aon séipéal beannaithe go mbeidh tú coisricthe agus smál pheaca na drúise agus lorg na fola glanta díot. Má sciob an bás d’fhear uait, thug a mhuintir bata agus bóthar duit leis an talamh a sciobadh ar ais agus cead bóthair agat féin agus do mhuirín. Grá Dé, mo thóin.
Sea a chairde, an t-ardmheas atá agus a bhí ar an meon fireann agus ar na luachanna fireanna agus an drochmheas ar thíolacthaí an mháithreachais agus na daonnachta a d’fhág go bhféadfaí an ruaig a chur ar na mílte bean mar a dhéanfaí le madra bradach, go bhféadfaí páistín a streachailt as gabháil a mháthar agus é a easpórtáil, mar a dhéanfaí le bairille feola. Nach ndearnadh le daoine fásta é freisin ar an Princess Maud?
An meon céanna a d’fhág na céadta páiste i ngarraí dílleachtlainne a d’fhág na mílte páiste sna claíocha teorann gan ainm, leacht ná uisce coisricthe. Gan de chuimhne orthu ach deora faoi cheilt a máithreacha.
Lá Idirnáisiúnta na mBan ní filíocht ná deise labhartha a theastaíonn uaimse ó Dháil Éireann. Teastaíonn oibrithe uaim san HSE a choinneos súil ar ghasúir atá faoina chúram, feidhmeannaigh a ghníomhós ar an toirt nuair a bhuaileann amhras iad agus buiséad a fhágfas go bhfuil teacht ag mná agus páistí atá i mbaol ar oibrí sóisialta nó Garda.
Ní theastaíonn uaim polaiteoirí ná iriseoirí a chloisteáil ag fuarchaoineachán faoi choireanna an lae inné agus neamhaird á tabhairt ar choireanna is siléig an lae inniu.
Meon agus mian mná a aithint, cearta a páiste a aithint agus a chosaint agus éirí as an bpápaireacht – sin a bhfuil uaim le go mbeinn buíoch gur Éireannach mná mé inniu.
Fearn
“Grá Dé, mo thóin.”
Bhuel, go maire tú ina éagmuis, a chroí, más é sin do mhian is do thoil! Nach mbeidh biseach ort ansin?
Aonghus Ó hAlmhain
Treise leat a Mháire, agus go bhfaighidh tú éisteacht.
Mise Áine
An-alt, a Mháire!
Aoife
Maith thú!
Bláthnaid Ní Chofaigh
Píosa an láidir, maith thú a Mháire beidh muid ag caint faoi ar Bhláthnaid Libh ar maidin amárach.
Pauline Nic Chonaonaigh
An fhírinne lom. Go mba fada buan tú a Mháire.
tuigim
Ag caint faoi a tharla i dTuaim, mé ag iarraidh na focail coir, Dialathas, agus freagracht a fhéiceáil. Má fheicim ‘Sin rud atá thart, dírigh ar rudaí anois!’ sin botún ollmhór. As nós ‘All Lives Matter v Black Lives Matter.’ Cinnte ACH ná caill an fhadhb is mó.
“Ní theastaíonn uaim polaiteoirí ná iriseoirí a chloisteáil ag fuarchaoineachán faoi choireanna an lae inné agus neamhaird á tabhairt ar choireanna is siléig an lae inniu.”
Bhí mé leat go dtí an pointe sin.
TÁ na coireanna fós linn. Na daoine ciontach fós linn. Daoine ag iarraidh fáil amach cá bhfuil a bpáistí nó cé hiad a dtuismitheoirí chuile lá beo. Fós linn. Sin céasadh.
Tar éis an scannán ‘Lion’ a fheiceáil. Féach air. Brisfidh sé do chroí. Ní féidir feabhas a chur ar an scéal gan freagracht a fháil, gan an Dialthas a bhriseadh.
Tá a tharla i dTuaim fós linn san iompúchán sna scoileanna. Fós linn le mná i dtithe altranais ag freastal gan rogha ar an Aifreann go dtuigfidh siad nach bhfuil éalú ón EAGLAis a bhris iad.
Aontaím go bhfuil gá le cearta agus seirbhísí anois ACH ní féidir sin a fháil go scarfaimis Stát & Eaglais, go mbainfear cumhacht ón Eaglais, AGUS go bhfuil freagracht ann is daoine i bpríosún.
Cearta v EAGLAis lán le fuath ban. Sin an troid le fada, fada an lá. Ní taibhsí atá tharainn ach córas lofa. Ní feabhas go freagracht.
R
Athraímis meon na mban óg. Bíonn mná ag iarraidh a bheith go maith/cáilithe roimh thabhairt faoi rud a dhéanamh, dar le taighde. Ach nach sna botúin atá an cheacht? Gan trácht ar an taithí saoil. R