Ar chuala tú aon duine riamh ag ócáid bhronnta duaiseanna teilifíse ag glacadh buíochais le Google?

Tá sé tábhachtach agus muid ag ceiliúradh chomh maith agus atá ár gcuid léiritheoirí a dhéanamh thar lear go gcuimhneoimis ar an deis a tugadh ar dtús do go leor acu leis na craoltóirí poiblí abhus

Ar chuala tú aon duine riamh ag ócáid bhronnta duaiseanna teilifíse ag glacadh buíochais le Google?

Fógraíodh an lá cheana go raibh duais ‘Emmy’ buaite ag an gclár faisnéise ‘The Farthest’, le Crossing the Line Films, (stiúrthóir Emer Reynolds). Chuir sé áthas ar chuile dhuine a oibríonn in earnáil na teilifíse agus na scannán in Éirinn go raibh an duais mór le rá seo buaite ag an gcomhlacht as Cill Mhantáin. Scannán faisnéise faoi scéal an spásárthaigh Voyager a cuireadh amach sa spás i 1977 atá ann.

John Murray a bhunaigh an comhlacht teilifíse seo nuair a d’fhág sé RTÉ roinnt mhaith blianta ó shin. B’fhéidir go gcuimhneodh roinnt daoine ar shraith eolaíochta Zero a bhí ar RTÉ sna hochtóidí – bhí John ina láithreoir air sin in éindí le Áine Lawlor. Bhí a athair Gerry Murray ina léiritheoir le RTÉ freisin – is cuimhin liom clár a dhéanamh leis faoi mhainistir Chistéirseach don tsraith Iris.

Sea, daoine a fuair a gcuid ‘tumoideachais’ sa gcraoltóireacht phoiblí iad na Murrays. Má bhreathnaíonn tú ar shuíomh idirlín Crossing the Line Films, feicfidh tú an méid sraitheanna difriúla a rinne John agus a fhoireann do TG4, chomh maith le RTÉ. Liosta le háireamh an méid cláracha spéisiúla i nGaeilge a rinne sé leis an dreapadóir Dermot Somers –  Turas i mBaol,  An Bealach Ó Dheas, agus sraith eile in Éirinn ’Turas Feasa’. Shiúil siad cuid mhaith d’oirthear an domhain, chomh maith le cuid mhaith de na sléibhte is airde ar domhan freisin.

Bhí suim ag John i gcónaí i gcláracha faoin dúlra, faoin nádúr, faoin taiscéalaíocht. An chéad chlár a rinne sé tar éis dó RTÉ a fhágáil, bhain sé le beirt ag taisteal go Darwin ar an taobh eile den domhan agus iad ag maireachtáil ar 25 dollar in aghaidh an lae. Ba as sin a tháinig an teideal don chomhlacht Crossing the Line.

Ach ina dhiaidh sin, ní raibh teora lena shamhlaíocht, ná lena léargas ar an domhan mór.

I rith na chéad bhlianta sin, bhí airgead le caitheamh ag na craoltóirí poiblí. Ní hé go raibh aon airgead mór ag aon cheann acu, ach bhí buiséid ag na heagarthóirí coimisiúnaithe agus an fhreagracht orthu an t-airgead poiblí sin a chaitheamh ar an tslí ab fhearr don lucht féachana.

Is cuimhin liom féin, agus gan mé i bhfad sa phost mar eagarthóir coimisiúnaithe in RTÉ i dtús na 2000í, tháinig John Murray ar cuairt chugam. Bhí smaoineamh aige faoin bhfear as Ciarraí a rinne cuid de na turais taiscéalaíochta ba mhó cáil riamh, Tom Crean. Bhí roinnt mhaith scannánaíochta déanta ag John roimhe sin ar radharcanna san Antartach agus sna farraigí thart air agus ní chosnódh an clár an méid is a chosnódh dá mbeadh sé á dhéanamh nua as an bpíosa.

Bhí mé thar a bheith sásta leis an scannán, a cuireadh i láthair i nGaeilge. Ina dhiaidh sin chuaigh sé i bpáirt le comhlachtaí eile agus rinne leagan fada Béarla.

Bhain John cáil dhomhanda amach lena chuid saothar. Uair amháin agus mé ag comhdháil mhór idirnáisúnta cláracha teilifíse eolaíochta agus staire sa tSeapáin, labhair fear ón National Geographic ón stáitse. Dúirt sé dá mbeadh sé ag déanamh liosta de na daoine is fearr ar domhan i mbun cláracha dúlra agus taiscéalaíochta go mbeadh John Murray ar bharr a liosta aige. B’in os cionn deich mbliana ó shin. B’ábhar mór bróid dúinne ar fad as Éirinn a bhí i láthair an méid a bhí ráite aige.

Go minic nuair a bhreathnaítear ar na creidiúintí ag deireadh scannáin dá chuid anois, feicfear go bhfuil comhpháirtíocht ann le roinnt mhaith comhlachtaí móra idirnáisiúnta. Ar The Farthest, mar shampla, feicfear ainmneacha ar nós PBS, BBC, Arte, ZDF, Tangled Bank.

Luadh go háirithe PBS, seirbhís teilifíse poiblí na Stát Aontaithe, ag ócáid na Emmys.

Agus cén fógra eile a tháinig amach an lá céanna ach an fógra go raibh ardú ar an airgead poiblí molta ag an Údarás Craolacháin (BAI) sa tír seo do RTÉ agus do TG4. Dhéanfadh an t-ardú atá molta ag an BAI an-difríocht don dá chraoltóir poiblí ach is beag an méid é i saol an  chraolacháin i ndáiríre. Is ionann an 30 milliún euro agus an méid, go garbh, a chailltear gach bliain i gceadúnais teilifíse nach n-íoctar. Tá RTÉ féin thíos 100 milliún gach bliain in ioncam fógraíochta thar an méid a bhíodh ag teacht isteach nuair a bhíodh cúrsaí fógraíochta go maith.

Anois is léir go bhfuil cuid mhaith den fhógraíocht ag dul i dtreo an idirlín – Google agus Facebook agus a leithéidí atá ag déanamh go maith as. Ach an bhfuil aon cheann acu sin ag cur airgead isteach i gcomhlachtaí teilifíse i gCill Mhantáin? Ar chuala tú aon duine riamh ag ócáid bhronnta duaiseanna ag glacadh buíochais le Google?

Tá sé tábhachtach agus muid ag ceiliúradh chomh maith agus atá ár gcuid léiritheoirí a dhéanamh thar lear go gcuimhneoimis ar an deis a tugadh ar dtús do go leor acu leis na craoltóirí poiblí – lucht na gclár beochana do pháistí, lucht na gcláracha faisnéise agus iad siúd a dhéanann scannáin.

Agus ina dhiaidh sin, is mór an chabhair dóibh an scéim ‘Rannóg 481’ faoin gcóras cánach. Ní bhaineann sé sin le drámaíocht amháin – tá sé thar a bheith tábhachtach do lucht déanta cláracha faisnéise.

Bhain an lucht féachana an-taitneamh as an tsraith iománaíochta The Game ar RTÉ le gairid. Mairfidh an clár sin go deo. Rinneadh an tsraith sin leis an teicneolaíocht teilifíse is nua-aoisí atá ann-  4K. Bhí rian na hoibre i réimse an dúlra ar na radharcanna speisialta mallghluaiseachta agus garamhairc. Agus ar ndóigh ba iad Crossing the Line Films a rinne an tsraith sin freisin, é déanta do RTÉ ach le cabhair an BAI, CLG agus an Scéim 481.

Má imíonn an scéim sin nó má ghearrtar siar uirthi i gcás na gcláracha faisnéise, ba bhoichte muid dá bharr.

Fág freagra ar 'Ar chuala tú aon duine riamh ag ócáid bhronnta duaiseanna teilifíse ag glacadh buíochais le Google?'

  • Marie Nov Phroinnseaa

    Maith thu, a Mhairead. Mir suimuil a spreagann ceisteanna tabhachtai gur feidir dearmad a dheanadh urthu gan iad a chur os as gcomhar o am go h-am! An isireor ilchumhasach!