Ar chuala tú aon chaint ar an an World Cup seo, a Mhamaí? An Túinéis go bun an angair!

Tabhair dom Mata, tabhair dom litriú nó léamh, ach obair bhaile faoin gCorn Domhanda?

‘Ar chuala tú aon chaint ar an rud seo, an World Cup, ceapaim, an t-ainm atá air?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom agus í ag tarraingt páipéir amach as a mála scoile amuigh sa halla.

‘Sacar na bhfear atá i gceist agat, ab ea?’ a d’fhiafraigh mé di.

‘Na bhfear?’ a dúirt sí. ‘Cén fáth na bhfear?’

‘Is dóigh, mar gurb é an comórtas sacair ina mbíonn na fir ag imirt,’ a dúirt mé.

‘Ó,’ a dúirt sí. ‘Cén uair a bhíonn na cailíní ag imirt?’

‘An bhliain seo chugainn, sílim,’ a dúirt mé.

‘Ar aon chaoi, tá obair bhaile agam,’ a dúirt sí agus tháinig sí anonn chugam agus bileog ina láimh aici agus d’airigh mé cnap i mo chroí mar a bheadh leac oighir ann.   

Tabhair dom Mata, tabhair dom litriú nó léamh, ach obair bhaile faoin gCorn Domhanda?

Shín sí an bhileog chugam. ‘Caithfidh muid tír a phiocadh agus na ceisteanna a fhreagairt,’ a dúirt sí. Thosaigh mé ag léamh.  D’ardaigh mo chroí, ní fhaca mé aon cheist faoi staitisticí scórála, difríocht na gcúl, ná táblaí na ngrúpaí. B’fhéidir go raibh seans agam cúnamh a thabhairt di.

Bileog Tíreolais a bhí inti, bhí bratach na tíre ag teastáil, ainm an amhráin náisiúnta, aeráid na tíre agus ceisteanna eile den chineál sin. Chuir sé i gcuimhne dom a bheith ag déanamh obair bhaile mórán mar a chéile fadó, fadó. Tráth a mbíodh atlas in úsáid le d’obair bhaile a dhéanamh. Fadó.

Chuimhnigh mé ar Chorn Domhanda 1986 i Meicsiceo (ní raibh mé ann, ar fhaitíos na míthuisceana), ar Mharadona agus ar ghreamán beag a fuair mé ó dhuine éicint, ní chuimhním cé a bhí ann, agus bhí sonóg an chomórtais air, piobar sillí agus é ag caitheamh sombrero.

Bhuail sórt cumha mé.

‘Ok, gheobhaidh muid amach ar dtús, céard iad na tíortha atá sa gcomórtas agus piocfaidh muid ceann acu. Cuir ‘World Cup 2018’ isteach i nGoogle ansin agus feicfidh muid céard a thiocfaidh aníos,’ a dúirt mé, agus thaispeáin mé an brabhsálaí di agus conas é a úsáid.

Ní hé go bhfuil mé go hiomlán aineolach ar an gcomórtas i mbliana.

Tá a fhios agam, mar shampla, go bhfuil An Túinéis ann mar gur cuireadh m’ainm sa hata le haghaidh comórtas linn pheile an teaghlaigh agus fuair mé An Túinéis sa tarraingt. Is dóigh gurb in dhá euro nach bhfeicfidh mé arís go deo (mo chuimhne, caithfidh mé an dá euro sin a íoc fós!).

Ach tá mé leo anois, An Túinéis atá mé a rá, agus tacóidh mé leo go dtí an deireadh thiar agus go bun an angair. Mura bhfuil an dílseacht agat sa saol seo an bhfuil rud ar bith agat nuair atá deireadh ráite?

Fág freagra ar 'Ar chuala tú aon chaint ar an an World Cup seo, a Mhamaí? An Túinéis go bun an angair!'