Níl mé baileach siúráilte cén taobh den chlaí a mba cheart dom seasamh san argóint seo gur chóir straidhpeáil a dhéanamh ar Áth Cliath ar mhaithe le cothrom na Féinne a thabhairt d’fhoirne peile contaetha eile nach bhfuil an daonra ná na hacmhainní céanna acu.
Fearacht roinnt mhaith de na daoine a léifidh é seo tá cuid díom a deir go bhfuil dóthain buaite ag peileadóirí Jim Gavin agus is fada liom go dtiocfaidh an lá go mbuailfear sa gcraobh iad den chéad uair ó rinne Dún na nGall sin i mbabhta leathcheannais na hÉireann 2014.
Ar an lámh eile tá oiread sin measa agam ar scil, ar chumas aclaíochta agus ar dhúthracht Chiarán Kilkenny agus a chomrádaithe nach bhfuil mé cinnte an mbeinn sásta dá gcuirfí aon athrú ar an leagan amach a thug chun cinn iad agus a d’fhág go bhfuileadar ar thóir a gcúigiú craobh as a chéile i mbliana.
Tuigim nach baileach gur mar a chéile díreach na cásanna, ach ba bheag den chineál seo cainte a bhí á déanamh nuair a bhí peileadóirí Chiarraí ar thóir an ghaisce i 1982 ná iománaithe Chill Chainnigh in 2010.
Deireann siad siúd atá den bharúil gur cheart Áth Cliath a roinnt ina chodanna nach é an bealach ar athraigh roth an cheannais go rialta agus go féiltiúil ó chontae go contae ariamh anall is cúis le rath Dubs na linne seo. Ceannas ceannaithe atá i gceist anois, dar leo, tagtha as an infheistíocht mhór airgid atá déanta ag Cumann Lúthchleas Gael le blianta beag ar oiliúint na hóige – is sa bpríomhchathair is líonmhaire iad siúd agus dá bharr is ag lucht na ngeansaithe gorma is mó atá buachtáil as.
In alt a scríobh an t-iriseoir Seán McGoldrick i gceann de nuachtáin an Domhnaigh an t-am seo anuraidh faoin airgead a bhí infheistithe ag CLG ar oiliúint agus ar fhorbairt a gcuid cluichí idir 2007 agus 2017, thug sé le fios go raibh €16.5 milliún caite in Áth Cliath le linn an achair sin i gcomparáid leis an €500,000 a caitheadh i Maigh Eo, i nDún na nGall, i Liatroim agus i dTír Eoghain.
Treisíonn figiúirí den chineál sin go láidir leis an argóint go bhfuil sé in am a dhul i mbun straidhpeála faoi mar a rinneadh fadó le portaigh Chonamara agus le heastáit mhóra na dtiarnaí talún sa gcuid eile den tír lá den saol.
Ach fan agat féin soicind.
Mar a chuir iar-phríomhstiúrthóir CLG Páraic Duffy ar ár súile dúinn agus é ag bréagnú na hargóna go gairid sular fhág sé oifig, ba chúilín amháin farasbairr a bhí ag Áth Cliath ar Mhaigh Eo in 2013, 2016 agus arís in 2017; cúilín amháin a bhí idir iad agus Ciarraí in 2011 agus trí cinn in 2015.
Ba é an bua a bhí acu ar Thír Eoghain anuraidh (2-17, 1-14) an ceann ba shaoráidí agus is fada bua sé chúilín ón rud a dtugtaí ‘Liúradh Chonáin’ air agus mise ag éirí aníos, pébrí cé mba é Conán bocht!
Suimiúil go leor agus tús á chur an deireadh seachtaine seo leis an imirt ar na réamhbhabhtaí a thabharfaidh muid chomh fada le Cluichí Leathcheannais Peile na hÉireann 2019, bréagnaíonn ar facthas an t-am seo anuraidh an teoiric go bhfuil sé tábhachtach go mbuafadh foirne na cluichí a imríonn siad ‘ag baile’ i gcomórtais atá leagtha amach ar bhonn sraithe, mar atá siad seo.
Bhain Gaillimh agus Tír Eoghain babhtaí leathcheannais na bliana seo caite amach ainneoin gur chailleadar na cluichí a d’imir siad i mBóthar na Trá agus ar an Ómaigh. Ní hamháin sin ach má thógann tú Áth Cliath as an áireamh, ba iad Ciarraí an t-aon fhoireann eile a bhuaigh ‘ag baile’ agus chinn orthu siúd a dhul níos faide.
Más scartha ar an gclaí atá mé maidir le straidhpeáil Átha Cliath, is amhlaidh dom leis an moladh seo gur cheart Craobhchomórtas na hÉireann faoi leith a chur ar bun do na contaetha nach bhfuil chomh láidir sin.
Neartaíonn an imirt aontaobhach a fheictear anois agus arís sna craobhacha cúige agus sna réamhbhabhtaí náisiúnta leis an argóint seo – greadadh 26 cúilín Átha Cliath do chontae Lú i mbliana, bua 21 cúilín Chorcaí ar Luimneach agus bua 18 cúilín na hIarmhí ar Phort Láirge.
Níl aon cheist faoi ach nach bhfuil fiúntas dá laghad i gcluichí dá leithéid. Fós bím ag caitheamh i ndiaidh na laethanta sin nuair a rith contae an Chláir amach ar Pháirc an Chrócaigh i 1992 agus gan idir iad agus Cluiche Ceannais na hÉireann ach cosamar uair an chloig imeartha, nó dhá bhliain dár gcionn nuair a rinne Liatroim aithris orthu.
Más buan mo chuimhne ba iad Áth Cliath a chuir an dá fhoireann acu de dhroim seoil.
Cá bhfágann sin mo chuid maoithneachais ?
Fág freagra ar 'Ar chóir straidhpeáil a dhéanamh ar Áth Cliath ar mhaithe le cothrom na Féinne?'