Amstad na hiomána
Nuair a bhí mise i mo mhac léinn i mbun staidéir ar Fhealsúnacht na Scol – shíl mé gur smaoineamh maith a bhí ann ag an am – chaith mé cuid mhór fuinnimh ag plé leis an am. Níl mé ag caint ar rudaí ar nós: “Cá huair a bheas an rang seo ar mheitifisic thart?” Ní hea ach ar an am mar choincheap: cad is am ann?
Chaith mé cuid mhór ama ag léamh ábhair le fealsúna mór le rá faoi chúrsaí ama. Ach thosaigh aistear seo an ama leis na Hóipigh, treibh bhundúchasach in Arizona sna Stáit Aontaithe, náisiún a raibh ciall ar leith acu den am.
Is minic a smaoiním ar na Hóipigh agus cluichí Gaelacha ag teacht chun deiridh. Cá bhfuil an Gael nár chuir ceist ar chomrádaí ‘An bhfuil mórán ama fágtha?’ agus cluiche ag teacht chun deiridh? Bhí mé ag smaoineamh arís ar na Hóipigh agus ar am agus craobhchluiche iomána na Mumhan ag teacht chun críche Dé Domhnaigh. Bhí Corcaigh chun cinn ach bhí borradh go fóill faoin Chlár; ní raibh an rás rite ná an fheadóg séidte; bhí an cluiche idir dhá cheann na meá go fóill.
Ar mhothaigh tú féin mar a tháinig athrú ar an am féin agus na nóiméid dheireanacha ag imeacht? Nach ait an feiniméan é? Má tá do chontae chun tosaigh, reonn an t-am; tagann moill ar an am; síneann gach aon soicind ar nós gur uair an chloig atá ann. Mothaíonn tú go bhfuil doicheall ag an chlog romhat; go bhfuil an clog ag cur i d’éadan.
Má tá do chontae ar gcúl ach san iomaíocht go fóill, a mhalairt a tharlaíonn. Imíonn an t-am go mear, go gasta, róghasta. Mothaíonn tú go bhfuil poll san am, go bhfuil an t-am ag sileadh as an chlog ar nós mar a shileann uisce as buicéad pollta. Níl go leor ama ann. Tá an t-am i d’éadan; tá an t-am ag rith uait. Séidtear an fheadóg agus stadann an t-am sa deireadh.
Sea, caithfidh muid téarma ar leith fealsúnachta a chumadh don fheiniméan seo, feiniméan an ama agus dhá fhoireann i mbun iomaíochta go fóill agus an cluiche ag teacht chun críche. Tá ‘grianstad’ againn don tsamhradh agus don gheimhreadh. Ar cheart dúinn ‘amstad’ a thabhairt air seo, an tréimhse sin ag deireadh an chluiche nuair a ritheann agus nuair a reonn an t-am in aon am amháin?
Rooney ar ais
Ceann de an buanna atá ag CLG nach bhfeiceann tú na peileadóirí agus na hiománaithe a bhfuil grá agat dóibh ag caitheamh geansaí chontae eile. Ní chlisfidh fear Chiarraí as a chodladh feasta agus geansaí Mhaigh Eo a fheiceáil ar Gooch nó fear na gCat geansaí Chorcaí a fheiceáil ar Shef nó fear Thír Eoghain agus geansaí Dhoire a fheiceáil ar Canavan.
Ní hamhlaidh an scéal ag lucht an tsacair é. Tá Wayne Rooney i ndiaidh imeacht ó Man U ar ais go dtí a chlub dúchais, Everton. Ní raibh lucht tacaíochta Everton róshásta gur fhág Rooney iad an chéad lá riamh agus ba ghéar an iaróg í. Bhí bratach le feiceáil ag lucht Goodison agus Rooney ag imeacht a chuir síos go beacht ar a gcuid mothúchán: “Rooney: could have been a god, decided to be a devil.”
Níl a fhios agam cad é an fháilte a bheas acu roimhe ar ais. Déarfainn go mbeadh siad sásta den chuid ba mhó. Níl sé ach 31 bliain d’aois go fóill agus cúpla bliain mhaith peile sna cnámha go fóill – ach barraíocht feola ar na cnámha céanna a sheachaint.
Mar sin féin, is beag seans go mbeidh siad á adhradh mar a rinne lá den tsaol.
Tuairt an Tour
An bhfaca tú é? An tuairt sin? Richie Porte ag imeacht den bhóthar, an soicind sin go n-aithníonn tú go bhfuil tubaiste le bheith ann, an dóigh ar caitheadh san aer é, an dóigh ar bhuail sé an cnoc agus an cosán ina dhiaidh sin, Dan Martin s’againne féin a tharraingt anuas leis in aon chnap fuilteach amháin agus an dá cholainn ag preabadh den talamh, beirt fhear agus gan ar a son acu ach paidreacha lena dtabhairt slán?
Faigheann rothaithe airgead mór ar na laethanta seo. Feiceann tú cad chuige nuair a tharlaíonn rudaí den tsórt seo. Tá contúirt mhór i gceist le saothrú an airgid mhóir chéanna.
Fág freagra ar 'Ar cheart dúinn ‘amstad’ a thabhairt ar an tréimhse sin ag deireadh an chluiche nuair a ritheann agus nuair a reonn an t-am?'